Pioc Suas Mé

Tá Gaillimh le Gaeilge ag tabhairt  deise iontach don lucht gnó ardán a  thabhairt dá gcomhlacht trí fhógra a chur sa leabhrán ‘Pioc Suas Mé!’ a bheidh deartha go speisialta dá ngnólacht féin.

Is féidir 1,000 leabhrán a ordú le brandáil chomhlachta nó eagraíochta ar chostas €300. (Tá costas de €270 i gceist más mian d’obair ealaíne fhéin a chur ar fáil)

Céard iad?

Is éard atá i gceist le ‘Pioc Suas Mé!’ ná leabhráin bheaga le beannachtaí agus frásaí simplí as Gaeilge do bhialanna agus d’óstáin atá curtha le chéile ag Gaillimh le Gaeilge.  Tá na frásaí seo aistrithe go Béarla sa leabhrán agus litriú foghraíochta curtha leo chun cuidiú le cuairteoirí agus le muintir na Gaillimhe araon triail a bhaint as an nGaeilge! Gliogáil anseo chun sampla a fheiceáil de.

 

Conas Ordú a dhéanamh

Má tá tuilleadh eolais uait faoin leabhrán ‘Pioc Suas Mé!’ nó más mian leat iad a ordú, déan teagmháil le Gearóidín ar 091 568876 nó seol ríomhphost chuig eolas@gleg.ie.

 

Hello (literal translation: God to you) -Dia duit | Dee ya gw-itch

Reply – Dia is Muire duit | Dee ya iss mw-irra gwitch (literal translation: God & Mary to you)

 

How are you? – Cén chaoi a bhfuil tú? | Kayn kwh-ee a will thoo?

I’m doing well -Tá mé go maith | Thaw may guh mah

 

Would you like..? -Ar mhaith leat..? | Er wah lath..?

I would like -Ba mhaith liom | Ba wa lum

 

What is your name? – Cad is ainm duit? – Cod iss anim ditch?

My name is Áine -Áine is ainm dom |Áine iss anam dum

 

Any news? – Aon scéal? | Ain shcale?

 

Bye for now – Slán go fóill | Slawn guh foal

 

Cheers! – Sláinte! | Slawn cha!

 

Gaeilge sa Ghnó

Tá an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ann chun comhlachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun Gaeilge a shní isteach ina ngnó, is cuma an beagáinín Gaeilge nó gnó iomlán dhátheangach atá uathu.

Léigh níos mó