NUACHT & IMEACHTAÍ

Nuacht & Imeachtaí

Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020

29th October 2021
Bhronn Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Colette Connolly na teastais mar aon leis na macasamhlacha ar bhuaiteoirí Gradam 2020, ar an Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair 2021 ag 12 meán lae sa Kings Head, An tSráid Ard Gaillimh.   Eagraíodh an ócáid seo ag cloí go daingean le rialacha a bhaineann le Covid-19.
Léigh níos mó...

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021 fógartha

7th October 2021
Tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge rath 16 ainmní a fhógairt a roghnaíodh do Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021. Le 19 mbliana den Ghradam a bheith ar an bhfód á chomóradh i mbliana, is léiriú é Gearrliosta na bliana seo ar an raon leathan gnólachtaí agus eagraíochtaí atá ag ceiliúradh na Gaeilge agus ag […]
Léigh níos mó...

Na Moltóirí

4th October 2021
Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile sa phróiseas. Chas na moltóirí le chéile den chéad uair an tseachtain seo chun an Gearrliosta a roghnú.
Léigh níos mó...

Ainmniúcháin an Ghradaim in iomaíocht chun bheith ina 15ú Treibh na Gaillimhe

21st September 2021
Agus an fómhar ag druidim linn, leanann Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de Ghradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe. Tá na hullmhúcháin faoi lánseol ag 31 gnólacht agus eagraíocht ar fud na Gaillimhe chun a saothair dhátheangacha a léiriú agus iad ag ullmhú a gcuid Pacáistí Eolais chun dul […]
Léigh níos mó...

Dé hAoine, 30 Aibreán 2021 an spriocdháta d’ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

23rd April 2021
Níl ach seachtain le dul anois go dtí an spriocdháta d’ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh  Uí Ógartaigh – Gradam gnó dátheangach na Gaillimhe.  Glacfar le hiarratais don Ghradam go dtí Dé hAoine, 30 Aibreán 2021.   Is é an méid atá ag teastáil ag an tráth seo den phróiseas ná foirm iarrratais ghearr a chomhlánú agus beidh […]
Léigh níos mó...

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021 oscailte d’ainmniúcháin

16th March 2021
Tá tús curtha leis an gcuardach chun Treibh Nua na Gaillimhe a aimsiú. Rinne Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, gradam gnó dátheangach na Gaillimhe, a sheoladh go hoifigiúil ar Galway Talks ar Galway Bay FM mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. De bharr na paindéime domhanda a leanann […]
Léigh níos mó...

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021 le seoladh beo ar Galway Bay FM

11th March 2021
Mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge, an fhéile idirnáisiúnta bhliantúil Ghaeilge is mó ar domhan, is cúis áthais do Ghaillimh le Gaeilge a fhógairt go ndéanfaidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, gradam gnó dátheangach na Gaillimhe, a sheoladh go hoifigiúil ar Galway Talks le Keith Finnegan ar Galway […]
Léigh níos mó...

The Kings Head fógartha mar bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, 2020 agus iad ainmnithe mar Threibh Nua na Gaillimhe

6th November 2020
Ar an 6 Samhain 2020, leis an lucht éisteachta is mó ariamh, le breis agus 45,000 duine ag éisteacht, d’fhógair Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Colette Connolly, The Kings Head, An tSráid Ard, Gaillimh mar bhuaiteoirí foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh –  BEO ar Galway Talks le Keith Finnegan ar Galway Bay FM.
Léigh níos mó...

Beidh Buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh á fhógairt BEO ar Galway Talks, Galway Bay FM

4th November 2020
Bígí linn ar an Déardaoin (5ú Samhain) tráth a bhfógróidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, buaiteoirí chatagóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020,  BEO ar Galway Talks le Keith Finnegan, Galway Bay FM.  
Léigh níos mó...

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020 fógartha

8th October 2020
Tá ríméad ar Ghaillimh le Gaeilge a fhógairt gur éirigh le 11 ainmní bheith roghnaithe do ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020.   Ag cruinniú a reáchtáladh thar Zoom, rinne na Moltóirí neart plé maidir le cé na gnólachtaí le roghnú le dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den Ghradam agus céim amháin eile […]
Léigh níos mó...