LÍONRÚ DÍRITHÉ AR GHNÓ

Is minic a bhíonn drogall ar dhaoine freastal ar an Lón Gnó de bharr easpa Gaeilge. Ná bíodh imní ort, cuirimid fáilte roimh dhaoine le gach caighdeán Gaeilge ag na himeachtaí seo agus tabharfaidh sé deis duit do chuid Gaeilge a fheabhsú in atmaisféar cairdiúil agus neamhfhoirmeálta.

Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge Fulacht Fia i mí an Mheithimh agus Teacht le Chéile um Nollag. Tugann na hócáidí seo deis do Ghaillimh le Gaeilge an Ghaeilge, an Ghaeilge a thabhairt amach ar shráideanna na Gaillimhe. Ina theannta sin, tugann siad deis do Ghaeilgeoirí agus dóibh siúd nach bhfuil mórán Gaeilge acu a gcuid Gaeilge a úsáid nó a chleachtadh, agus cairde & teagmhálaithe gnó a dhéanamh!.  Coinnigh súil  anseo agus ar na meáin shóisialta le haghaidh tuilleadh eolais faoi na  himeachtaí seo.

Imeachtaí atá ag Teacht

Tuilleadh Eolais

Líonrú dírithe ar ghnó

Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge réimse leathan d’imeachtaí i rith na bliana dár gCairde.

Chuile mhí bíonn ócáid ar leith ar siúl. Bíonn Lónta Gnó ar siúl in bialanna sa chathair a chuireann biachlár dátheangach ar fáil.