Tóg Gnó Dátheangach

Tóg Gnó Dátheangach

Is féidir le húsáid na Gaeilge cur go mór le do ghnó agus tuilleadh gnó a mhealladh ar bhealach simplí agus ar chostas íseal. Is féidir  leat  an Ghaeilge a úsáid i go leor bealaí  sa ghnó – mar shampla: ar chomharthaí, ar stáiseanóireacht, ar bhiachláir, i mbróisiúir, suíomh greásáin, na meáin shóisialta agus trí sheirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.

Níl aon ghá go mbeadh Gaeilge agat chun an Ghaeilge a úsáid i do ghnó –  tá Gaillimh le Gaeilge anseo chun cabhrú leat!

Cén fáth a n-úsáidfeá Gaeilge i do ghnó?

Tá go leor fáthanna leis an nGaeilge a úsáid i do ghnó. Seo a leanas roinnt acu:

Buntáistí Geilleagaracha

Is fiú breis agus €136 milliún an Ghaeilge do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe – Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe, 2009 [Bane Mullarkey Teo. i gcomhpháirtíocht le Jerome Casey & a Chomh. Teo.]

Dea-thoil

Cruthaíonn an teanga dea-mhéin ar chostas íseal – tá go leor Éireannach an-bháúil don Ghaeilge faoi láthair, agus fonn orthu í a thuiscint agus a fhoghlaim.

Custaiméirí Nua

Meallann an teanga custaiméirí nua i measc lucht labhartha agus foghlama na teanga ach go háirithe – tá bunús custaiméara láidir ag cathair na Gaillimhe, agus roghnóidh go leor acu gnó a bhaineann úsáid as an nGaeilge thar gnó eile nach n-úsáideann.

Fadbhreathnaitheacht

Léiríonn úsáid na Gaeilge ‘radharc fadtéarmach’ – léiríonn fógraíocht i nGaeilge aitheantas, ní hamháin d’éagsúlacht teanga ach d’éagsúlacht chultúrtha agus cúlra chomh maith.

Ardchaighdéan

Is féidir le húsáid na teanga íomhá dhifriúil a léiriú agus meas d’earraí agus seirbhís den scoth.

Ardchaighdéan

Is féidir leis an nGaeilge cabhrú le híomhá Éireannach, agus le húinéireacht Éireannach a chur trasna.

Turasóireacht

Meallann sé turasóirí – is mian le turasóirí a bheith in áit a fhéachann agus a mhothaíonn difriúil.

Céimeanna chuig an dátheangachas

S’éard atá i gceist leis an gcuid seo nó spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí agus eagraíochtaí faoin mbealach le gnó dátheangach a bheith acu, nó roinnt Gaeilge a fhí isteach ina ngnó laethúil.
Ní chiallaíonn sé má bhaineann tú úsáid as an nGaeilge i do ghnó go bhfuil tú in ann an gnó a reachtáil trí Ghaeilge, agus ní cheapann Gaeilgeoirí sin fút ach oiread. Baintear úsáid as an nGaeilge sa ghnó mar uirlis mhargaíochta de ghnáth agus baintear úsáid aisti i gcathair na Gaillimhe, ach go háirithe, chun aitheantas a thabhairt do chustaiméirí an Chomhlachta le Gaeilge agus dea-mhéin a chur in iúl don teanga agus do thimpeallacht dhátheangach na cathrach.

Tá céimeanna ginearálta ann mar threoir do chomhlachtaí ach tá Gaillimh le Gaeilge sásta comhairle a chur ar fáil d’aon chomhlacht nó eagraíocht maidir leis an gcur chuige is feiliúnaí dá gcás ar leith.

 

 

Céim 1 – Plean

Níor cheart d’aon chomhlacht athrú a dhéanamh chuig an dátheangachas thar oíche is cuma céard iad na hacmhainní atá acu. Tá sé i bhfad níos éifeachtaí roinnt Gaeilge a fhí isteach i do ghnó diaidh ar ndiaidh thar tréimhse ama socraithe agus aidhmeanna a bheith leagtha amach ón tús. Is féidir le Gaillimh le Gaeilge cabhrú leat an plean seo a chruthú. Féach Seirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’.

 

Céim 2 – Tosaigh leis na rudaí beaga

Molann muid do chomhlacht réimse amháin a roghnú ar dtús chun roinnt Gaeilge a fhí isteach ann agus dátheangachas an chomhlachta a fhorbairt as sin. D’fhéadfadh comhlacht leagan dhátheangach a roghnú dá stáiseanóireacht, mar shampla, agus sin a úsáid nuair atá stáiseanóireacht nua á dhéanamh acu.

  • ‘Dea-mhéin’ a bheith scríofa ar do chuid nótaí dea-mhéine – tuigfidh daoine céard is ciall leis na focail ón gcomhthéacs!
  • Bain úsáid as leagan Gaeilge do bhaile/chathair ar do chuid stáiseanóireachta – tuigeann daoine gur ‘Galway’ an chiall atá le Gaillimh.
  • Spreag an fhoireann le ‘slán’ a úsáid ar an bhfón – bíonn seo thar a bheith éifeachtach!

 

Céim 3 – Bí le feiceáil agus creidfear tú!

Léiríonn comharthaíocht, bíodh sé lasmuigh nó laistigh, branda, eiteas, agus nádúr an chomhlachta. De ghnáth bíonn sé mar an chéad pointe teagmhála feiceálach – is páirt mhór í san earnáil mhiondíola chun custaiméirí a mhealladh isteach sa ghnó. Ní gá go gcuirfeadh comharthaíocht dhátheangach as don bhranda nó don logo. Leis an bhfírinne a rá déanann sé an chomharthaíocht difriúil agus níos spéisiúla.

  • Smaoinigh ar ‘Gaillimh’ a úsáid in áit ‘Galway’ ar thaobh an chomhartha
  • Bíodh roinnt comharthaí dátheangacha laistigh agat (priontáilte sa ghnó) – mar shampla Coinnigh an limistéar seo glan /Keep this area clear.

Tá tuilleadh moltaí le fáil ar an leathanach Comharthaíocht. 

 

Céim 4: Breise Breise

Breathnóidh muid anois ar do chuid ábhar margaíochta breise. S’éard atá i gceist anseo nó do chuid fógraíochta, bróisiúir, bileoga, cártaí tuairimí – go bunúsach aon rud a chuireann tú i gcló nó a bhaineann tú úsáid as chun do ghnó a chur chun cinn i measc do chuid cliaint idir chliaint reatha agus nua. Iarr ar do dhearthóir nó do chlódóir, nuair atá tá athdhearadh nó athchló á dhéanamh ar ábhar, roinnt Gaeilge a chur san áireamh san ábhar. Bain úsáid as cinnteidil dhátheangacha más rud é nach bhfuil mórán spáis agat. D’fhéadfá b’fhéidir roinnt frásaí i nGaeilge a bheith san áireamh sa bhileog/bhróisiúr. Dar ndóigh, d’fhéadfá smaoineamh faoin ábhar go léir a bheith dhátheangach! Tá comhairle faoi leagan amach agus dearadh le fáil ag – ‘Comhairle do Dhearthóirí’.

Áirítear le hábhar breise:

  • Doiciméid níos faide (mar shampla Tuarascáil Bhliantúil, Doiciméad Straitéise ‘srl)
  • Bileoga
  • Foirmeacha
  • Sonraisc, Billí & Foirmeacha Ordaithe
  • Ábhar Taispeántais
  • Pacaistiú
  • Ábhar Pointe Díolacháin
  • Fógraíochtaí Cló
  • Fógraíochtaí Raidió & Teilifíse

 

Céim 5: Suímh Idirlín Iontacha

Is geata an-tábhachtach atá i do shuíomh idirlín – agus is bealach iontach agus éasca é chun do chuid dhátheangachais a chur in iúl! Molann muidne, is cuma an suíomh idirlín iomlán dhátheangach atá le bheith agat nó an Ghaeilge a bheith san áireamh le roinnt de do chuid cinnteidil agus téacs, go mbeadh an dá theanga le feiceáil ar mhórchuid na leathanach – sa chaoi go mbeidh an dátheangachas le mothú acu siúd atá á úsáid trí Bhéarla agus vice versa.

 

Céim 6: An bhfuil Gaeilge agat?

Cuir é in iúl do do chuid custaiméirí má tá sé d’ádh agat cainteoirí Gaeilge a bheith ag obair i do ghnó! Is acmhainn iontach í más rud é go bhfuil na cainteoirí Gaeilge i do ghnó ar a suaimhneas ag obair trí Ghaeilge (seiceáil sin leo ar dtús)! Is maith le cainteoirí Gaeilge é, de ghnáth, más féidir leo a gcuid gnó a chur i gcrích trí mheán na Gaeilge, ach caithfidh fios a bheith acu cé aige/aici atá an Ghaeilge. Tá gach comhlacht difriúil agus beidh a gcur chuige féin acu maidir leis an gceist seo ach d’fhéadfá pictiúr a bheith agat den bhall foirne le Gaeilge agus ‘Seirbhís i nGaeilge ar fáil’ scríofa taobh thíos de, nó b’fhéidir gur mhaith leat suaitheantas nó córas aitheantais éigin a bheith agat do chainteoirí Gaeilge.

Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Cabhraigh linn an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair Dhátheangach na hÉireann.

Léigh níos mó