USEFUL PHRASES

Frásaí Úsáideacha

Seo liosta de frásaí úsáideacha gur féidir leat  a úsáid i gcomhfhreagras nó i gcomhrá ag déanamh do ghnó trí Ghaeilge. Má tá aon téarmaí eile uait nach bhfuil ar fáil anseo, déan teagmháil linn ar 091 568876 nó eolas@gleg.ie.

Seanfhocail

An rud is annamh, is iontach

- What is rare is strangest.

Is maith an scáthán súil charad

- A friend’s eye is a good mirror.

Aithníonn ciaróg ciaróg eile

- It takes one to know one.

Moladh luath agus cáineadh mall

- Early praise and delayed criticism.

Bíonn blas ar an mbeagán

- A little tastes well.

Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac

- Listen to the sound of the river and you will get a trout

Eochair feasa foghlaim

- Learning is the key to knowledge.

Faigheann an tseanbhróg an tseanstoca

- The old shoe gets the old stocking.

Giorraíonn beirt bóthar

- Two shorten the road

Is ait an mac an saol

- Life is strange.

Is binn béal ina thost

- Silence is golden.

Is fearr an tsláinte ná an táinte

- Health is better than wealth.

Tagann cruatan i ndiaidh an chaite

- Waste not, want not.

Is glas iad na cnoic i bhfad uainn

- Faraway hills are green.

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine

- People live in one another’s shadow.

An té nach gcuirfidh san earrach, ní bhainfidh sé san fhómhar.

- He who does not sow in spring, will not reap in the autumn.

Uireasa a mhéadaíonn cumha.

- Absence makes the heart grow fonder.

Beidh lá eile ag an bPaorach.

- Power will have another day.

Is breá an ní an óige, ach ní thagann sí faoi dhó.

- Youth is a fine thing, but it does not come twice.

Níl aon tinteán mar do thinteán féin.

- There is no place like home.

Níor bhris focal maith fiacail riamh.

- A good word never broke a tooth.

Tarraingíonn scéal scéal eile.

- One story leads on to another.

Ní bhíonn in aon rud ach seal.

- Nothing lasts for ever.

Ní dhéanfaidh an saol capall rása d’asal.

- The world would not make a donkey a racehorse.

Is minic ciúin ciontach.

- The quiet ones are often guilty.

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

- Rome was not built in a day.

Imíonn an tuirse is fanann an tairbhe.

- Tiredness goes away and the benefit remains.

Aithnítear cara i gcruatan.

- It is in hardship that a friend is recognised.

Maireann croí éadrom i bhfad

- A light heart lives longest.

Ní bhíonn uasal ná íseal, ach thuas seal thíos seal

- Noble and poor are both up and down a while.

Ní féidir an dubh a chur ina gheal, ach seal

- You can only deny the truth, for a while.

Ní mar a shíltear a bhítear.

- Things are not always as they seem.

Ní neart go cur le chéile.

- There is no strength without unity.

Ní thagann ciall roimh aois

- Sense does not come before age.

Níl aon leigheas ar an ngrá, ach pósadh.

- The only cure for love is marriage.

Soitheach folamh is mó torann

- Empty vessels make the most noise.

Is maith an scéalaí an aimsir.

- Time is a good messenger.

Taithí a dhéanann máistreacht.

- Experience brings perfection.

Tír gan teanga, tír gan anam.

- A country without a language, is a country without a soul.

Tús maith leath na hoibre.

- A good start is half the work / well begun half done.

Beatha teanga í a labhairt.

- The life of a language is to speak it.

An té a bhíonn siúlach, bíonn sé scéalach.

- Travellers have tales to tell.

Is fearr cara sa chúirt, ná punt sa sparán.

- Better a friend in court, than a pound in the purse.

Ní sheasann sac folamh.

- An empty sack will not stand.

An té nach bhfuil láidir, ní mór dó a bheith glic.

- He who is weak needs to be clever.

Ná mol agus ná cáin tú féin.

- Neither praise nor criticise yourself.

Buail an t-iarann te.

- Strike when the iron is hot.

Ní thagann ciall roimh aois.

- Sense doesn’t come before age.

Múineann gá seift.

- Necessity is the mother of invention.

Ní fhanann trá le héinne.

- Time and tide awaits no man.

Is binn béal ina thost.

- Silence is golden.

Ná tabhair breith ar an chéad scéal.

- Never judge on first opinions.

Ag tuileadh agus ag trá a chaitheann an fharraige an lá.

- The tide spends the day going in and out.

Oíche aerach is maidin bhrónach.

- A lively night and a sad morning.

Ar scáth a chéile a mhairimid.

- We all exist in each others’ shadow.

Go n-éirí an bóthar leat is do chosán cóngair.

- May your journey, long or short be a success.

Beannachtaí Ginearálta

Dia Duit

- Hello

Dia’s Muire duit

- Hello (reply to Dia duit)

Cén chaoi a bhfuil tú?

- How are you?

Tá mé go maith

- I’m fine

Go raibh míle maith agat

- Thank you very much

Slán go fóill

- Goodbye

Dia duit, Máire anseo

- Hello, Mary here

Dia ‘s Muire duit

- Hello (reply to Dia duit)

Coinnigh an líne le do thoil

- Hold the line please

An féidir liom teachtaireacht a thógáil?

- Can I take a message?

Níl sí anseo faoi láthair

- She is not here at the moment

Go raibh maith agat

- Thank you

Slán

- Goodbye

Dia Duit, Seán anseo, níl mé ar fáil faoi láthair le do ghlaoch a thógáil. Fág teachtaireacht, go raibh maith agat.

- Hello, Séan here, I am not available at the moment to take your call. Please leave a message, thank you.

Tá mé as an oifig

- I am out of the office

Beidh mé ar ais san oifig ar an…

- I will back in the Office on the…

Bain taitneamh as do chuid laethanta saoire

- Enjoy your holidays

Beidh mé i dteagmháil leat tar éis an dáta sin

- I will be in touch with you after this date

Ba mhaith liom tuilleadh eolais a fháil faoi…

- I would like some more information about…

An féidir liom mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge?

- Can I do my business through Irish?

Cén praghas atá ar seo?

- What price will that be?

Cad iad na roghanna eile atá agaibh?

- What other options do you have?

Tá sé ina mhargadh!

- It’s a deal!

Céard é an bealach is fearr le tabhairt faoi?

- What’s the best way to go about it?

An féidir liom mo thicéad a cheannacht uait anseo?

- Can I buy my ticket here?

Ba mhaith liom coinne a dhéanamh do thráthnóna Dé Luain, an bhfuil tú saor ag an am sin?

- I would like to make an appointment for Monday afternoon, are you free then?

Slán go fóill

- Bye for now

Ádh Mór

- Good Luck

A Chara

- (Dear) Sir/Madam

A Eagarthóir, a chara

- Dear Editor

A Dhuine Uasail

- Dear Sir

A Bhean Uasal

- Dear Madam

A Bhainisteoir, a chara

- Dear Manager

A Phádraig, a chara

- Dear Pádraig

A Mháire, a chara

- Dear Máire

A Aire, a chara

- Dear Minister

Is mise, le meas

- (I am) yours respectfully

Is mise, le hArdmheas

- (I am) with highest regard (Signing off with this greeting means you hold the person in question in high esteem)

Le gach dea-ghuí

- With every good wish

Le dea-mhéin

- With kind regards

Laethanta Speisialta

Lá Fhéile Vailintín Sona duit

- Happy Valentine’s Day

Do mo Ghrá Geal

- For my Loved One

Le Grá

- With Love

Mo Ghrá Geal

- My Love

Amhrán Grá

- Love Song

A Stóirín!

- Darling!

Mo Mhuirnín

- My sweetheart

Grá mo chroí

- Love of my heart

Cuisle mo chroí

- Pulse of my heart

Is tú grá mo chroí

- You’re the love of my life

Thaitneodh bláthanna liom!

- I would like flowers!

Níl aon leigheas ar an ngrá ach pósadh

- The only cure for love is marriage

Giorraíonn beirt bóthar

- Two shorten the road

Lá na Máithreacha

- Mothers' Day

Beannachtaí Lá na Máithreacha oraibh go léir

- Happy Mothers’ day to all

Tabhair aire di

- Take care of her

Is lá speisialta é, Lá na Máithreacha

- Mothers' day is a special day.

Bain sult as Lá na Máithreacha

- Enjoy Mothers' Day

Is duine speisialta í do mháthair

- Your Mother is special

Lá Fhéile Pádraig

- Saint Patrick’s Day

Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh

- St. Patrick’s Day blessings upon you

Paráid Lá ‘le Pádraig

- St. Patrick’s Day Parade

Bain sult as Lá Fhéile Pádraig

- Enjoy St. Patrick’s Day

Lá Fhéile Pádraig Sona Duit!

- Happy St. Patrick’s Day! (Singular)

Lá Fhéile Pádraig Sona Daoibh!

- Happy St. Patrick’s Day! (Plural)

Is Éireannach mé!

- I’m Irish!

Seamróg

- Shamrock

Caith do sheamróg ar Lá Fhéile Pádraig

- Wear your shamrock on St. Patrick’s Day

Déan ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig

- Celebrate on St. Patrick’s Day

Sláinte agus táinte!

- Health and wealth!

Go raibh maith agat

- Thank you

Tá fáilte romhat

- You’re welcome

Tír gan teanga, tír gan anam

- A country without a language, a country without a soul

An Cháisc

- Easter

Beannachtaí na Cásca ort/oraibh

- The Blessings of Easter on you /on ye

Cáisc Shona duit/ daoibh!

- Happy Easter to you/to ye

Laethanta Saoire na Cásca

- Easter Holidays

Seachtain na Cásca

- Easter Week

Coinín na Cásca

- Easter Bunny/Rabbit

Domhnach Cásca

- Easter Sunday

Ubh Chásca

- Easter Egg

Oíche Shamhna Shona

- Happy Halloween

Oíche Shamhna

- Halloween

Bain sult as Oíche Shamhna

- Enjoy Halloween

Taibhse

- Ghost

Fia-Chailleach

- Witch

Damhán Alla

- Spider

Cnámharlach

- Skeleton

Culaith Bhréige

- Fancy Dress

Scéal Taibhsí

- Ghost Story

Bairín Breac

- Barm Brack

Puimcín

- Pumpkin

Bob nó Bia

- Trick or Treat

Tabhair féirín dom, nó buailfidh mé bob ort!

- Give me a gift, or I’ll play a prank on you!

Milseáin

- Sweets

Úlla

- Apples

Oráistí

- Oranges

Cnónna

- Nuts

Nollaig Shona

- Merry Christmas

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise

- Merry Christmas and a Happy New Year

Beannachtaí na Nollag

- Christmas Greetings

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár gCustaiméirí go léir

- Happy Christmas & a Healthy & Prosperous New Year to all our Customers

Beannachtaí an tSéasúir

- Season’s Greetings

Nollaig faoi Shéan ‘s faoi Mhaise

- Christmas Greetings

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Shéan is faoi Mhaise Duit

- Wishing You Peace and Happiness for Christmas and the New Year

Ba mhaith le (ainm an chomhlachta) Nollaig Shona agus Beannachtaí na hAthbhliana a ghuí ar ár gcuid Custaiméirí go léir

- (The Company name) wish all our customers a Merry Christmas and a Happy New Year

Fáilte chuig Rásaí na Gaillimhe

- Welcome to the Galway Races

Spraoi agus Spleodar ag Rásaí na Gaillimhe

- Enjoyment and fun at the Galway Races

Lá na mBan

- Ladies Day

An hata is fearr

- Best Hat

An Fhéile Rásaíochta is cáiliúla sa tír!

- The most popular Racing Festival in the country!

Aon mholtaí?

- Any Tips?

Capall Breá

- Great Horse

Agus tá siad imithe!

- And they’re off!

Síos leo le fána

- Over the hill they go

Amuigh chun tosaigh

- Ahead of the posse

Bua iontach

- Great win

Cuir geall

- Put on a bet

Gach bealach

- Each Way

Rogha na Coitiantachta

- Favourite

An corrlach ar

- The odds on

Cárta na rásaí

- Race card

Torthaí na Rásaí

- Race results

Pláta na Gaillimhe

- The Galway Plate

Bhuaigh sí €30 ar na capaill

- She won €30 on the horses

Chuir mé airgead ar

- I put money on

Sláinte!

- Cheers!

Go n-éirí leat

- Good Luck

Na Meáin Shóisialta

Dia Daoibh

- Hello (plural)

Dia Daoibh ar maidin

- Hello (ar maidin)

Bíodh lá maith agaibh

- Have a good day (iolra)

Cén chaoi a bhfuil sibh inniu?

- How are you (plural) today

Lá breá samhraidh anseo i nGaillimh

- A lovely summer’s day here in Galway

Slán go fóill

- Bye for now

Oíche Mhaith

- Good night

Sin é

- That’s it

Bíodh tráthnóna/deireadh seachtaine maith agaibh

- Have a good evening/weekend

Coinnigh súil amach

- Keep an eye out

Bí linn

- Join us

Buail isteach

- Drop in

Fáilte go dtí mo bhlag

- Welcome to my blog

Déan nasc liom

- Connect with me

Cad é bhur dtuairimí?

- What is your opinions?

Bí linn

- Join us

Buail isteach

- Drop in

Ádh mór ar fhoireann Rugbaí Chonnacht

- Best of luck to the Connacht Rugby team

Ádh mór ar fhoireann Sacair na hÉireann

- Best of luck to the Irish Soccer Team

Tá an deireadh seachtaine linn

- It’s the weekend

Bain sult as do bhéile

- Enjoy your meal

Mias an lae

- Dish of the Day

Bain sult as do bhriseadh linn

- Enjoy your break with us.

Bia blasta an lae

- Tasty food of the day

Blas na Gaillimhe ar fáil anseo

- The taste of Galway available here

Lig do scíth agus buail isteach

- Take a break and call in

Comórtas na seachtaine/na míosa

- Competition of the Week/Month

Dinnéar do bheirt sa bhialann

- Dinner for two in the Restaurant

Tairiscintí Speisialta

- Speical offers

Branda nua sa siopa inniu

- A new brand in our shop today

Táimid oscailte go dtí 9 a chlog anocht, fáilte isteach!

- We are open until 9 pm this evening, welcome in!

Buail isteach le haghaidh ár dtairiscintí speisialta atá ar fáil inniu

- Call in for our special offers.

Lascaine 50% ar fáil inniu

- 50% discount available today

Gaeilge sa Ghnó

Tá an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ann chun comhlachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun Gaeilge a shní isteach ina ngnó, is cuma an beagáinín Gaeilge nó gnó iomlán dhátheangach atá uathu.

Léigh níos mó