FOIREANN

Staff

Bríd Ní Chonghóile

Príomhfheidhmeannach

brid@gleg.ie

Is as Ceathrú na gCloch i nGaeltacht Chontae Mhaigh Eo do Bhríd Ní Chonghóile. Tá níos mó ná fiche blian de thaithí ag Bríd ag cur Gaillimh chun cinn mar Chathair Dhátheangach agus mar lár-ionad domhanda don Chultúr Ceilteach Éireannach do phobail na hÉireann agus na hEorpa araon.

Mar Phríomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, is é an príomhfhreagracht atá uirthi ná bainistíocht laethúil a dhéanamh ar Ghaillimh le Gaeilge, fás agus forbairt a chur faoi phlean gníomhaíochta an Bhoird ar bhealach forásach agus nuálach, mar aon le caidrimh láidre ghnó agus nascanna a chruthú agus a chothú le gnólachtaí, grúpaí spóirt agus deonacha, páirtithe leasmhara, ranna rialtais agus grúpaí ábhartha eile.

Chaith Bríd tréimhse mar Chomhalta Boird de Chumann Trachtála na Gaillimhe, VEC Chathair na Gaillimhe, (anois GRETB) Foras na Gaeilge, Grúpa Turasóireacht Cathrach agus Contae na Gaillimhe agus tá sí ina ball de Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe.

Is iar-Uachtarán í de chuid Network Ireland Gaillimh agus iar-bhall í d’Fheidhmeannacht Náisiúnta Network Ireland, an eagraíocht do mhná i nGnó, sna Gairmeacha agus sna hEalaíona. Bronnadh duais ‘Síntiús dearscnaithe do Ghnó i nGaillimh’ ar Bhríd ag Gradaim Mhná Gnó na Bliana de chuid Network  agus bronnadh  Gradam Vodafone ‘Passion for the World Around Us’ i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe uirthi chomh maith, de bharr a tiomantas i gcur na Gaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe.

Gearóidín Hynes

Bainisteoir Tograí

gearoidin@gleg.ie

Is ó Chathair na Gaillimhe Gearóidín ó dhúchais. Bhain sí amach céim sa Ghaeilge, Socheolaíocht agus Polaitíocht in OÉ Gaillimh agus ansin lean sí ar aghaidh chun Máistreacht a bhaint amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath leis an scoil FIONTAR. D’oibrigh Gearóidín le roinnt eagraíochtaí i mBaile Átha Cliath, ina measc siúd bhí Ionad Ealaíne Axis, Coláiste Phádraig agus Foras na Gaeilge.

Ina ról mar Bhainisteoir Tógraí, bíonn Gearóidín i bhfeighil ar réimse leathan tógraí ar nós Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, Gaeilge sa Ghnó, Eolaire Gnó, Dialann Ghaillimh le Gaeilge, Gaeilge ar na Biachláir agus Pioc Suas Mé. Bíonn Gearóidín i dteagmháil le hionadaí ón lucht gnó go rialta chun comhairle agus cúnamh a thabhairt dóibh ag úsáid na Gaeilge ina gnó. Tá Gearóidín freagrach as forbairt agus uasdátú www.gleg.ie

Grace Conneally

Oifigeach Tograí

grace@gleg.ie

Is cailín na Gaillimhe í Grace Conneally (Ní Chonghaile), as Áth Cinn. Bhain sí céim chéadonóracha amach i dTeangacha Feidhmeacha in Ollscoil Luimnigh.  Rinne sí staidéar ar Ghaeilge agus ar Fhraincis le margaíocht agus teangeolaíocht. Sular thosaigh Grace ag obair le Gaillimh le Gaeilge, bhí sí mar thaighdeoir agus comhordaitheoir scripte i Ros na Rún, sobaldráma agus clár teilifíse atá craolta ar TG4 go seachtainiúil. Bhain sí an-taitneamh as an bpost sin, ach bhí Grace réidh bogadh ar aghaidh taobh amuigh An Spidéal, agus rudaí nua a fhoghlaim agus deiseanna úra a bhaint amach sa chathair mhór!

Creideann Grace go bhfuil ár dteanga ceann de na rudaí is tábhachtaí inár saol mar Éireannacha, gan í – chaillfimis cuid dár n-oidhreacht, cuid dár gcultúr. Ina focail féin; “sin an fáth go bhfuilim chomh bródúil a bheith mar bhall de fhoireann Ghaillimh le Gaeilge, i gcomhlacht atá dírithe ar fhorbairt na Gaeilge i gcroílár na Gaillimhe”. Is í Grace an t-Oifigeach Tograí linn i nGaillimh le Gaeilge, is aoibhinn léi a bheith amach ag ócáidí, ag bualadh le daoine éagsúla nua ó gach cearn den tír,agus den domhan!

Majella O’Meara

Is as Tiobraid Árann í Majella O’Meara. Bhain sí MA amach in Aistriúchán Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sí cáilithe mar Aistritheoir Gaeilge. Tá Iar-chéim aici san Oideachas ó Choláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh agus tá sí cáilithe mar mhúinteoir bunscoile. Bhain Majella céim amach i Staidéar Eorpach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus  rinne sí staidéar ar Pholaitíocht na hEorpa, Polaitíocht na hÉireann, Caidreamh Idirnáisiúnta, Dlí, Stair, Gearmáinis agus Spáinnis. Tá teastas aici i Rúisis agus tá Dioplóma aici sa Chumarsáid agus Straitéis Ghnó. D’oibrigh sí mar léachtóir ollscoile. Bhunaigh sí an Ghaeilge, Léann Éireannach agus Léann Chultúir na hÉireann ar an triú leibhéal sa tSlóvaic ag leibhéal BA, MA & PhD maoinithe ag rialtas na hÉireann agus ba é an chéad uair riamh a thug Rialtas na hÉireann maoiniú don obair sin. D’oibrigh sí mar Stiúrthóir Sinsearach ar chúrsaí  BA, MA agus PhD. Lena chois sin, d’oibrigh Majella mar Aistritheoir Gaeilge don Choimisiún Eorpach. D’oibrigh sí mar Aistritheoir Gaeilge do Rialtas na hÉireann ag aistriú tuairiscí don rialtas agus ag aistriú óráidí na n-Airí. D’oibrigh sí mar Aistritheoir Gaeilge don Roinn Leighis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, don Roinn Tréidliachta i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus don Roinn Innealtóireachta Bithleighis in ollscoileanna na hÉireann. Mar bhunmúinteoir, d’oibrigh sí mar mhúinteoir scoile i ngaelscoileanna ag cur tumoideachas i bhfeidhm. Mhúin sí Gaeilge ar chúrsaí samhraidh ar Oileán Árann, sa Cheathrú Rua agus i gCorca Dhuibhne. Tá Majella ar choiste Chonradh na Gaeilge i gcathair Luimnigh agus déanann sí obair dheonach ina ham saor chun an Ghaeilge a  fhorbairt i gcathair Luimnigh freisin. Tá suim aici san iriseoireacht agus tá cúpla bliana taithí oibre aici in iriseoireacht na Gaeilge. Tá Majella breá sásta bheith ag obair mar Phleanálaí Teanga do Ghaillimh le Gaeilge.