DEARADH

Suíomh Greásáin

Is geata an-tábhachtach atá i do shuíomh greásáin – agus is bealach giontach agus éasca é chun do chuid dhátheangachais a chur in iúl!  Molann muidne, is cuma an suíomh idirlín iomlán dhátheangach atá le bheith agat nó an Ghaeilge a bheith san áireamh le roinnt de do chuid cinnteidil agus téacs, go mbeadh an dá theanga le feiceáil ar mhórchuid na leathanach – sa chaoi go mbeidh an dátheangachas le mothú acu siúd atá á úsáid trí Bhéarla agus vice versa.

Seo a leanas roinnt samplaí de shuíomhanna dátheangacha leis an nGaeilge sníthe isteach iontu:

Dearadh

Tá deis ar leith ag dearthóirí a gcuid oibre a shaibhriú trí an Ghaeilge a chur san áireamh inti, bíodh sin sna bróisiúir, stáiseanóireacht nó pacaistiú an chomhlachta. 

Is féidir le dearthóirí comhlachta an teanga a fhí isteach i mbranda an chomhlachta, ag baint úsáid as an teanga chun difríocht a chruthú, chun dearfacht táirge nó branda Éireannach a fheabhsú, nó chun buntáiste iomaíochta a thabhairt don chomhlacht.  (Féach an píosa ‘Gaeilge sa Ghnó’ maidir le buntáistí bainteach leis an nGaeilge sa Ghnó)

Leagan Amach

Tá cineálacha éagsúla ann do leagan amach caighdeánach do théacs dhátheangach.  Tá leagan amach áirithe níos feiliúnaí ná a chéile; beidh seo ag brath ar nádúr agus cúinsí an ábhair de ghnáth.  Seo cuid de na príomhláidreachtaí agus laigí a bhaineann le gach leagan amach:

 

Colúin Chomhthreomhara

Cuirtear leagan sa dá theanga ar fáil taobh le taobh i gcolúin chomhthreomhara.  Beidh an rogha seo ag brath ar an méid spáis atá ar fáil.  Beidh ar an dá leagan a bheith ar chomhfhad.  Bheadh ciall eacnamaíochta leis seo mar nach mbeadh ach gá íomhánna a phriontáil ach uair amháin.  Beidh ar an gcnámh droma, an clúdach, leathanach teidil, clár, tagairtí agus innéacs a bheith sa dá theanga freisin.

 

Leathanaigh Chomhthreomhara

Cuirtear leagan sa dá theanga ar fáil taobh le taobh ar leathanaigh chomhthreomhara.  Beidh ar an dá leagan a bheith ar chomhfhad agus an uimhir leathanaigh chéanna a bheith ar na leathanaigh.  Is féidir pictiúir a roinnt idir an dá leagan arís. Beidh ar an gcnámh droma, an clúdach, leathanach teidil, clár, tagairtí agus innéacs a bheith sa dá theanga freisin.  Tá an leagan seo feiliúnach más gá don léitheoir tagairt a dhéanamh don téacs sa dá theanga, mar shampla foilseacháin atá dírithe ar fhoghlaimeoirí nó lion tí ina labhartar an Ghaeilge agus Béarla araon.

 

Bloc ar Bhloc

Beidh bloc i dteanga amháin ann do gach bloc i dteanga eile. Níl seo feiliúnach de ghnáth ach nuair is aonaid bheaga atá i gceist leis an téacs, mar shampla ceannscríbhinní do phictiúir nó cur síos gearr.

 

Barr agus Bun

Tá an leathanach roinnte i ndá leath, go cothrománach de ghnáth.  Bíonn an dá theanga éasca le léamh ar scáileán mar go mbíonn an léitheoir in ann dul trasna chuig an teanga eile nó fanacht lena theanga féin faoi mar is toil leis.

 

Cúl le Cúl

Bíonn an dá theanga priontáilte cúl le cúl ar an leathanach/leathanaigh c(h)éanna.  Tá seo thar a bheith feiliúnach do litreacha agus doiciméid níos giorra.  Is maith le roinnt eagraíochta an leagan seo d’fhoilseacháin níos faide freisin.  Is féidir an uimhir leathanaigh chéanna a chur ar an dá thaobh.  Cuimhnigh, áfach, go bhféadfadh an téacs ar an leathanach clé a bheith deacair a léamh nuair atá an doiciméad greamaithe le chéile.  Tá an leagan seo feiliúnach freisin do bhileoga atá fillte le chéile mar go bhfuil an téacs inléite i gcibé teanga gan aon bhac agus is féidir clúdach ar leith a bheith ar gach teanga, agus uimhir chorr leathanaigh nó painéil a bheith i ngach bileog.

 

Claon agus Cas

Is dhá leagan ar leith atá i gceist leis seo agus iad ceangailte cúl le cúl.  Caithfidh an dá theanga a bheith ar an gcnámh droma.  Is buntáiste é go bhfuil tú in ann an téacs a léamh in aon teanga ar mian leat gan aon bhac.  Is féidir na pictiúir chéanna a úsáid sa dá theanga.  Níl sé éasca, áfach, eolas a bheith san áireamh i bpóca sa chlúdach.  Chomh maith leis sin caithfear a bheith cúramach go bhfuil sé soiléir má tá an foilseachán ar taispeáint gur foilseachán dhátheangach é mar go mbeidh clúdach amháin ann i ngach teanga.

 

Ar lean

Bíonn leagan iomlán sa dá theanga ann ceann i ndiaidh an chinn eile.  Is fíor annamh a bhaintear úsáid as an leagan seo i bhfoilseacháin dhátheangacha.

 

Cothromaíocht Teangan & Scaradh

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an dá theanga scartha agus éasca le haithint má roghnaítear leaganacha áirithe: bloc ar bhloc, colúin chomhthreomhara, nó barr agus bun.  Tá sé tábhachtach freisin nach ndéantar an dá theanga a mheascadh le chéile ar bhealach nach bhfuil leanúnach agus caithfear cinntiú freisin go bhfuil cothromaíocht ag an dá theanga maidir le méid, soiléireacht agus soléiteacht.

 

Áirítear le bealaí chun teanga dhifriúil a léiriú:-

  • Dathanna difriúla a úsáid don téacs i ngach teanga, nó mar chúlra do gach teanga.
  • Cló difiriúil a úsáid do gach teanga.  Caithfear a bheith cúramach, áfach, go bhfuil an dá theanga ar chomhchéim maidir le soléiteacht.

 

Tá Gaillimh le Gaeilge buíoch do Bhord Teanga na Breataine Bige as ucht a gcomhairle agus treoir maidir leis an ngné seo d’ár suíomh. www.bwrdd-yr-iaith.org.uk

CLÓ

Tá a dtréithe agus difríochtaí féin ag baint le gach teanga nuair a chuirtear i gcló í.  Ina measc tá aiceann agus carachtair eile, minicíocht litreach, cnuasach litreacha agus fad focail.  Cruthaíodh cló agus font difriúla chun tréithe teangacha áirithe a chumasú.  Is féidir an Ghaeilge a scríobh i leagan nua-aimseartha den ‘bhunchló’, script na SeanGhaeilge, nó sa chló céanna leis an mBéarla.  D’fhéadfadh gur mhaith le comhlachtaí agus dearthóirí an script traidisiúnta nó  script an Bhéarla a úsáid ag brath ar chomhthéacs agus an íomhá agus branda atáthar ag iarraidh a chur in iúl.

Conas ‘fada’ a aimsiú ar Microsoft Office

Chun fada a chur ar ghuta, lean na céimeanna se-

  • Tar éis Word a oscailt cliceáil ar Cuir isteach Insert agus ansin ar siombal symbol;
  • Roghnaigh (gnáththéacs) mar chló agus Latin 1 mar fhothacar;
  • Cliceáil ar an litir chuí agus ansin ar Cuir isteach insert;

Is féidir eochracha aicearra a roghnú do na litreacha seo (m.sh. Alt agus an guta do ghuta le fada) trí chliceáil ar an eochair aicearra Shortcut Key.  Beidh na carachtair seo, má tá siad san áireamh i dtéacs do shuímh idirlín atá ullmhaithe i Word 8 agus sábháilte mar HTML, le feiceáil ar an mbealach ceart nuair a bhreathnaítear orthu i Microsoft Internet Explorer Version4.

Conas ‘fada’ a fháil ar Apple Mac

Chun an fada a fháil ar Apple Mac, roghnaigh an eochar ‘option’ ag an am céanna leis an eochair ‘e’ agus lean ort agus brú an guta atá uait. Mar shampla: roghnaigh ‘option’ maraon le ‘e’ agus ansin an litir a = á agus mar sin do ghach uile ghutha.

 

 
Chun fada a chur ar an bhfón cliste

Chun fada a chur ar an bhfón cliste, coinnigh do mhéar brúite ar an nguta atá uait. Tiocfaidh roinnt roghanna aníos ar an scáileán taispeána, an fada san áireamh.

Gaeilge sa Ghnó

Tá an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ann chun comhlachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun Gaeilge a shní isteach ina ngnó, is cuma an beagáinín Gaeilge nó gnó iomlán dhátheangach atá uathu.

Léigh níos mó