CUSPÓIRÍ

Cuspóirí

Tá trí sprioc straitéiseacha lárnacha leagtha síos ag Gaillimh le Gaeilge. Is spriocanna iad sin a bhraitheann ar a chéile agus is féidir iad a chatagóiriú mar seo a leanas:

Sprioc Straitéiseach 1

Stádas Dátheangach Oifigiúil aa chothú agus a threisiú

Sprioc Straitéiseach 2

An Ghaeilge a ‘normalú’ i gCathair na Gaillimhe de réir a chéile

Sprioc Straitéiseach 3

‘Úinéireacht’ an phobail den Ghaeilge a shaothrú i bpobal na cathrach

Sprioc Straitéiseach 1 – Stádas Dátheangach oifigiúil a chothú agus a threisiú

Shoiléirigh an Staidéar Taiscéalaíoch ar an Dátheangachas i gCathair na Gaillimhe go raibh Cathair na Gaillimhe ina ionad an-fheiliúnach do stádas dátheangach i ngeall ar chomh cóngarach agus atá Gaeltacht na Gaillimhe don chathair agus i ngeall ar chuinsí cultúrtha eile, m.sh. an cháil atá bainte ag Cathair na Gaillimhe sna healaíona agus sa cheol traidisiúnta.

Ní raibh aon amhras ar na daoine a ceistíodh ach go gcuideodh an stádas dátheangach go mór le cathair na Gaillimhe agus leis an réigiún mórthimpeall agus go gcuirfeadh sé freisin leis na buntáistí a bheadh ar fáil do thionscal na turasóireachta áitiúil.

Is í an bharúil atá ag tromlach mhuintir na Gaillimhe go mbeadh toradh dearfach agus buntáisteach ag an stádas dátheangach ar an gcathair agus go mbeadh siad bródúil dá dtabharfaí stádas dátheangach don chathair.

Moltar Cathair na Gaillimhe mar ‘Bhaile Seirbhíse Gaeltachta’ do Ghaeltacht na Gaillimhe,  sa  Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht – Giollagáin, C.: Mac Donnacha, S. et al. (2007), Ó Giollagáin, C.: Mac Donnacha, S. et al. (2007) lth. 25

Sprioc Straitéiseach 2 – Normalú na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe a chur chun cinn trí mhodhanna scríofa,clostuisceana, leictreonacha agus labhartha.

Oibríonn Gaillimh le Gaeilge i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Cathrach, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile chun normalú na Gaeilge a bhaint amach i gcathair na Gaillimhe trí na tograí seo a leanas;

  1. Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
  2. Gaeilge ar Bhiachláir
  3. Gaeilge sa Ghnó
  4. Eolaire Gnó
  5. Gaeilge ar na Callairí
  6. An Coiste Logainmneacha
  • Cuirimid comhairle agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil do chomhlachtaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid ina ngnó, go háirithe mar uirlis núíosach mhargaíochta.
  • Cuirmid tús le tograí dátheangacha a dhéantar forbairt orthu thar ama le grúpaí eile
  • Cothaíonn muid  teagmháil leanúnach leis an lucht gnó trí chlár ilghnéitheach sóisialta agus nasctha, lena n-áirítear nuachtlitir mhíosúil, DEIS.
  • Eagraíonn muid lónta gnó agus ócáidí sóisialta chun úsáid na Gaeilge a eascú, a chur chun cinn, a chothú  agus a neartú i gcathair na Gaillimhe.

Tá sé mar aidhm ag Gaillimh le Gaeilge go dtarlóidh sé go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil, le feiceáil agus á húsáid i gcathair na Gaillimhe mar ghnáthchuid de shaol na cathrach. Tá sé i gceist againn atmaisféar de normalú teanga a bhunú don Ghaeilge de réir a chéile agus go nglacfar leis an nGaeilge agus go mbeidh súil leis an nGaeilge i saol bríomhar na cathrach. Síneann normalú isteach i ngach cuid den chathair agus bíonn tionchar aige ar gach gné de shaol na cathrach – ó bheith ag ceannach builín go teach a cheannach. Is éard a bheidh i gceist leis ná an Ghaeilge a úsáid trí shreanga uile an tsaoil, ó leibhéal an ghnó go leibhéal an phobail agus ón leibhéal poiblí go dtí an leibhéal príobháideach. Ní hé go bhfuil sé i gceist go mbeadh an Ghaeilge éigeantach, ach go nglacfaí leis an nGaeilge mar ghnáthchuid de shaol na Gaillimhe nuair a fheicfear í, nuair a chloisfear í agus nuair a labhrófar í. Is laistigh de thimpeallacht normálaithe teanga a shamhlaíonn Gaillimh le Gaeilge cothú agus fás sláintiúil na Gaeilge.

Sprioc Straitéiseach 3 – Úinéireacht  na Gaeilge ag an bpobal a shaothrú i bpobal na cathrach

Ó tháinig Gaillimh le Gaeilge ar an bhfód in 1987 chuireamar an smaoineamh chun cinn go leanúnach, maidir leis an nGaeilge agus íomhá dhátheangach chathair na Gaillimhe a bheith in úinéireacht an phobail. Ní amháin go ndaingnítear mórtais áitiúil maidir leis an nGaeilge agus maidir leis an gcathair mar áit dhifriúil uathúil, ach go dtugtar deis freisin don phobal baint a bheith acu leis an teanga agus í a úsáid ar leibhéal neamhfhoirmiúil. Ní mór do Ghaillimh le Gaeilge oibriú ‘ar an talamh’ le pobal na cathrach leis an sprioc sin a bhaint amach. Braithfidh mar a éireoidh leis sin ar mar a éireoidh le réimsí eile ach beidh gá le sraith gníomhartha ar leith le go mbainfear torthaí dearfacha amach.

Leanann Gaillimh le Gaeilge ag forbairt agus ag neartú comhoibriú le grúpaí eile i gCathair na Gaillimhe chun an aidhm seo a bhaint amach. I measc na ngrúpaí go bhfuil nasc láidir déanta leo tá;

Bíonn teagmháil rialta chomh maith le scátheagraíochtaí gnó eile sa chathair.  Ina measc tá;

Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Cabhraigh linn an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair Dhátheangach na hÉireann.

Léigh níos mó