BIALANNA

Bialanna

Oibríonn Gaillimh le Gaeilge go seasta le hóstáin agus bialanna ar bhonn leanúnach mar chuid den togra ‘An Ghaeilge ar Bhiachlár’.

Molann Gaillimh le Gaeilge go mbeidh do  bhiachlár dátheangach nó roinnt Ghaeilge le feiceáil air, in ionad biachlár Gaeilge a bheith ar fáil d’éinne a iarrann é. Téann custaiméir isteach i mbialann ag lorg bia, agus de ghnáth ní ócáid teangeolaíochta atá uathu! Mar sin, tá éifeacht i bhfad níos mó leis má tá Gaeilge le feiceáil ar an mbiachlár, taobh le taobh leis an mBéarla, ionas gur féidir le Gaeilgeoirí agus Béarlóirí leas a bhaint as an aitheantas atá á thabhairt don Ghaeilge agus an difear a dhéanann sé don bhialann.

Tá roinnt bealaí éagsúla leis an nGaeilge a chur ar do bhiachlár, agus ar ndóigh braitheann méid an dátheangachais ar spás agus acmhainní. Ní mholann Gaillimh le Gaeilge do bhialanna biachlár éagsúil Gaeilge a bheith acu dá gcuid custaiméirí le Gaeilge – de ghnáth téann Gaeilgeoirí (ar nós gach éinne eile) isteach i mbialann ag lorg bia, ní ag lorg biachlár Gaeilge! Mar sin, tá sé níos fearr biachlár amháin a bheith agat le Gaeilge agus Béarla air.

Braitheann an méid Gaeilge a úsáidtear ar ghnéithe éagsúla, go hiondúil spás. Ní mholann Gaillimh le Gaeilge an Ghaeilge a  fháisciú isteach i spás beag  díreach le go mbeadh sí ann – ba cheart go mbeadh an dá theanga chomh feiceálach agus chomh soiléir lena chéile. Tá Gaillimh le Gaeilge sásta moltaí a thabhairt do bhialanna maidir le leagan amach agus méid na Gaeilge atá oiriúnach dá mbiachlár.

Chun labhairt linn faoin nGaeilge a úsáid i do bhialann, glaoigh orainn ag (091) 568876 nó seol ríomhphost chuig eolas@gleg.ie.

Gaeilge ar Bhiachláir

Tuilleadh Eolais

Seo chugaibh roinnt frásaí gur féidir a úsáid ar Bhiachláir:

  • Starters – Mar Thús
  • A good start is half the work – Tús maith leath na hoibre
  • Sandwiches – Ceapairí
  • Soup – Anraith
  • Main Courses – Príomhchúrsaí
  • Desserts – Milseoga
  • Light Bites – Miasa Éadroma
  • Drinks – Deochanna
  • Wine – Fíon
  • Teas & Coffees – Taenna & Caifí
  • Children’s menu – Biachlár na bPáistí

Gaeilge sa Ghnó

Tá an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ann chun comhlachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun Gaeilge a shní isteach ina ngnó, is cuma an beagáinín Gaeilge nó gnó iomlán dhátheangach atá uathu.

Léigh níos mó