An Coiste Logainmneacha

Tá ionadaithe ar an gCoiste ó eagraíochtaí éagsúla sa chathair le cúlraí agus saineolas éagsúla, ionas go mbeidh ainmneacha á roghnú agus baint acu leis an gceantar ina bhfuil siad, chomh maith le timpeallacht fhisiciúil na cathrach.

Cén fáth an bhfuil Coiste Logainmneach againn?

Is togra é an Coiste Logainmneacha a bunaíodh i 1992 chun dul i ngleic leis an bhfadhb ar a thug Iar-Aire sa Roinn Chomhshaoil an ‘Tuscany Downs’ Syndrome – eastáit tithíochta nua á n-ainmniú le hainmneacha nach bhfuil aon bhaint acu leis an timpeallacht, stair na háite nó teanga na háite, ar nós ‘Tuscany Downs’. Bunaíodh An Coiste Logainmneacha  chun ainmneacha oiriúnacha Gaeilge a thabhairt do thógálaithe eastát tithíochta nua sa chathair.

Cur chuige ábhartha agus cuimsitheach ó thaobh cultúir de.

Tá ionadaithe ar an gCoiste ó eagraíochtaí éagsúla sa chathair le cúlraí agus saineolas éagsúla, ionas go mbeidh ainmneacha á roghnú agus baint acu leis an gceantar ina bhfuil siad, chomh maith le timpeallacht fhisiciúil na cathrach. Déanann an Coiste ainmneacha i nGaeilge a mholadh, atá simplí go leor gur féidir le daoine nach bhfuil Gaeilge acu iad a fhuaimiú. I measc na n-eastát atá ainmnithe ag an gCoiste tá Cluainín – Cluneen (Little Meadow), Sáilín – Saw leen (Little Heel), An Logán – An Lug On(Little Hollow) agus Luí na Gréine – Lee na Grain Ya(Setting of the Sun).  Ní hamháin go bhfuil na hainmneacha ag luí leis an gceantar ina bhfuil an t-eastát, ach tá siad ag cur le cothú timpeallachta dhátheangaí.

Tá 99% d’eastáit i gcathair na Gaillimhe ainmnithe i nGaeilge inniu. Tá áiteanna eile in Éirinn ag déanamh aithris ar shampla na Gaillimhe agus ag bunú coiste dá gcuid féin.

Guíonn muid gach rath orthu!

Bunús Logainm

Seo liosta de na logainmneacha Gaeilge atá le feiceáil i gCathair na Gaillimhe. Seo sampla de na logainmneacha atá liostáilte.

Barr Taoide

- An suíomh in aice le Cuan na Gaillimhe

Ceann Boirne

- Ba ‘Ceann Boirne’ an t-ainm a bhí tugtha ar an teach a leagadh chun na hÁrasáin a thógáil.

Cairéal Mór

- Bhí caireál (Quarry) ar an suíomh tráth.

Túr an tSáile

- Tá an suíomh lonnaithe ar Bhóthar Loch a’ tSáile

Cúlgharraí

- Ainm an tsuímh roimhe seo ‘Backgarden’

Tornóg

- Limekiln le fáil ar an suíomh – Tornóg an t-ainm Gaeilge ar Limekiln

Cor Boise

- Tá Cor Boise suite i nGleann na hAille ar Bhóthar Thuama.Baineann sé leis an ainm ‘Bos le hÉadan’– Tá teach fós sa cheantar leis an ainm ‘Bos le hÉadan’. Chuir Peadar O’Dowd in iúl gurb ‘Bos le hÉadan’ an t-ainm a bhí ar an áit úd tráth. Bhí an nós ag daoine agus iad ag taisteal go Gaillimh bos a chur le héadan nuair a fuair siad amharc ar Ghaillimh – ag glacadh buíochas le Dia gur shroich siad an áit slán sábháilte!

Cúirt Bhreac

- Bunaithe ar an mBaile Fearann ‘An Gleann Breac’

Gort Léinn

- á an Suíomh ar Bhóthar Mhuine Mheá in aice le Dún Léinn. Baineann an t-ainm Gort Léinn le hainm an tsuímh in aice leis.

Sruthán

- Tá Sruthán Mhuirlinne suite ar an mBaile Bán. Tá an suíomh in aice le Béal Srutha agus Muirlinn.

Sliabh Bán

- An suíomh lonnaithe ag Baile Bán

Loch Lurgan

- ‘Lurgan’ an sean-ainm a bhí ar chuan na Gaillimhe tráth.

Geata an Eolais

- An suíomh lonnaithe trasna an bhóthair ón Ollscoil

Croit na Mara

- Lonnaithe in aice leis an bhfarraige

City Point/Rinn na Cathrach

- An t-ionad gnó lonnaithe i lár na Cathrach.

Baill an Choiste

Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Cabhraigh linn an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair Dhátheangach na hÉireann.

Léigh níos mó