Cairde Ghaillimh le Gaeilge 2021

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Táimid bródúil as go raibh muid in ann na tionscadail a bhí beartaithe againn ag tús na bliana a chur i gcrích, le roinnt athruithe ar a bhformáid mar gheall ar ráig COVID-19.

Cé go dtuigimid go mbeidh roinnt dúshláin fós le sárú in 2021, tá súil againn go mbeidh deis agaibh tacú linn arís agus mar Chara Ghaillimh le Gaeilge do 2021. Is féidir leat íocaíocht a dhéanamh ar líne ag www.gleg.ie le PayPal nó déan teagmháil linn ar 091 568876 nó eolas@gleg.ie

Le bhur dtacaíocht, leanfaimid orainn ag díriú ar ár gcuspóir; úsáid na Gaeilge a mhéadú chun cáil na Gaillimhe a neartú a thuilleadh mar chathair chultúrtha dhátheangach agus Gaillimh a choinneáil chun tosaigh mar an áit is fearr le maireachtáil, cuairt a thabhairt uirthi agus infheistíocht a dhéanamh inti. Beidh obair dhátheangach na Gaillimhe níos tábhachtaí ná riamh agus muid ag bogadh ar aghaidh i dtreo ré nua le deiseanna nua don bhliain amach romhainn.

In 2021, feicfimid an chéad Phlean Teanga riamh don chathair seolta i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe; aip/ais nua ar líne – cuirfidh an áis seo eolas ar fáil maidir leis an saol trí Ghaeilge i gcathair na  Gaillimhe agus forbróimid straitéis nua trí bliana – treoróidh sí obair ár n-eagraíochta i gcomhthéacs an phlean níos leithne chun tacú le todhchaí dátheangach na Gaillimhe.

Táimid ag súil le do chairdeas arís do 2021 ach idir an dá linn, más féidir linn aon chúnamh a thabhairt daoibh déan teagmháil linn agus fáilte.