Beidh Buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh á fhógairt BEO ar Galway Talks, Galway Bay FM

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Bígí linn ar an Déardaoin (5ú Samhain) tráth a bhfógróidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, buaiteoirí chatagóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020,  BEO ar Galway Talks le Keith Finnegan, Galway Bay FM.  

Ar an Aoine 6ú Samhain, fógróidh an Méara cé acu de bhuaiteoirí  na gCatagóirí  a bheidh mar an buaiteoir foriomlán agus ag fáil an teideal mór le rá mar an 15ú Treibh na Gaillimhe don bhliain amach romhainn.  Déanfar na fógairtí a shruthú beo ar leathanaigh Facebook Ghaillimh le Gaeilge agus Galway Bay FM chomh maith.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Keith Finnegan, Príomhfheidhmeannach Galway Bay FM:

“Mar stáisiún raidió áitiúil, tugaimid an nuacht do mhuintir na Gaillimhe.Tá scoth na hoibre á dhéanamh ag na gnólachtaí agus ag na heagraíochtaí seo agus iad ag úsáid na Gaeilge agus ag déanamh a gcuidse chun a chinntiú go mbeidh Gaillimh ar cheann de na cathracha cultúrtha in Éirinn is ansa le daoine, agus is ceart an obair sin a cheiliúradh. Táimid ag tnúth go mór len é sin a dhéanamh beo ar an aer.”

I measc na gcomhlachtaí atá in iomaíocht lena chéile, tá an séipéal paróiste meánaoiseach is mó in Éirinn, comhlacht léiriúcháin chomh maith le hóstáin agus tithe ósta ardcháilithe na Gaillimhe agus iad ar fad san iomaíocht le bheith ainmnithe mar Threibh Nua na Gaillimhe!

I gCatagóir na Miondíola, arna urrú ag Galway Bay FM, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

Ionad Siopadóireachta na Coiribe, Siopa Leabhar Charlie Byrne

I gCatagóir na Turasóireachta & an Fháilteachais, arna urrú ag Fáilte Ireland, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:  Staid na gCon, Gaillimh, The Galmont Hotel & Spa, The Hardiman Hotel, The Kings Head

I gCatagóir na Seirbhísí, arna urrú ag Video Sherpa, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta: Big O Taxis, Morgan Creative

I gCatagóir na nGnólachtaí Eile, arna urrú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

Bród na Gaillimhe, Ceolfhoireann Thraidisiúnta na Gaillimhe, Eaglais Choláisteach San Nioclás.

Gach bliain, roghnaíonn  Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge painéal moltóirí neamhspleácha a bhfuil raon leathan saineolais acu chun buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a roghnú.  Ar an bpainéal moltóireachta i mbliana tá: Rónán Ó hÓgartaigh, mac le Seosamh Ó hÓgartaigh, a bhfuil an gradam ainmnithe as, ball bunaidh agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge, Freda Nic Giolla Chatháin, aistritheoir agus iar-Phríomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo agus Fiona Ní Fhlaithearta, TG4.

Chas na Moltóirí lena chéile go fíorúil trí Zoom agus chuir siad agallaimh ar an 11 ainmní a roghnaíodh  don Ghearrliosta i mbliana. Tar éis na n-agallamh, a rinneadh thar dhá lá, bhí an tasc deacair rompu ansin buaiteoirí na gcatagóirí agus an buaiteoir foriomlán a roghnú.

Dúirt Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge:

“Ní tasc éasca riamh é buaiteoirí na gcatagóirí nó buaiteoir foriomlán a roghnú de bharr go mbíonn an caighdeán i gcónaí ag ardú. Bhí sé an-deacair buaiteoirí a roghnú i mbliana mar gheall go raibh an oiread sin gnólachtaí agus eagraíochtaí iontacha ó earnálacha éagsúla ar an nGearrliosta. Sa mhullach air sin, de bharr na dianghlasála, bhí níos mó ama chun ullmhú agus bhain go leor den Ghearrliosta úsáid as an am sin chun níos mó oibre a dhéanamh don Ghradam! Tá ár mbuíochas tuillte do na Moltóirí a thug a gcuid ama go fial fláithiúil chun an obair sin a dhéanamh ar ár son. Táimid buíoch chomh maith, do na hurraitheoirí áitiúla agus náisiúnta go léir as a dtacaíocht luachmhar don Ghradam thar na blianta; go háirithe i mbliana, bliain atá fós dúshlánach dúinn uile – go raibh míle míle maith agaibh”  a dúirt sí.

Tá luach iomlán breis agus €25,000 ar an bpacáiste urraíochta don Ghradam i mbliana.

Is é an Galway Advertiser an príomh-urra meán; tá an chuideachta ag tacú leis an nGradam ón gcéad lá riamh in 2002. Tháinig TG4 ar bord leis an nGradam in 2016, agus cuireann an dá eagraíocht meán pacáiste iontach fógraíochta ar fáil don bhuaiteoir foriomlán.

Tá urraíocht curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta le haghaidh macasamhlacha de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil, Pádraic Reaney. Tá na físeáin á léiriú arís ag MOLSCÉAL agus cuirfidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe urraíocht ar fáil don bhuaiteoir foriomlán freisin.