Ainmniúcháin an Ghradaim in iomaíocht chun bheith ina 15ú Treibh na Gaillimhe

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá 27 gnólacht agus eagraíocht ar fud chathair na Gaillimhe, i mbun ullmhúcháin chun a saothar crua a léiriú mar níl ach seachtainí fágtha go dtí go mbronnfar Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh!

Fuarthas an líon ab airde iontrálacha don Ghradam in 2020, le 19 as an 27 iontráil ag cur isteach ar an nGradam den chéad uair agus 8 gcinn acu ag filleadh ar an gcomórtas.  Agus iad tar éis Pacáistí Eolais dátheangacha a sheoladh isteach an 28 Meán Fómhair, tá an chéad bhabhta curtha i gcrích ag na gnólachtaí chun dul i gcion ar na Moltóirí agus tá siad céim amháin eile níos gaire do bheith ina dTreibh Nua na Gaillimhe.

I measc na ngnólachtaí agus na n-eagraíochtaí atá san iomaíocht don teideal mór le rá tá búitíc um fheisteas brídeoige, an eaglais pharóiste mheánaoiseach is sine in Éirinn, cuideachta meán, chomh maith le príomh-óstáin agus tithe tábhairne i gcathair na Gaillimhe.

Gach bliain, cruinníonn Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge painéal moltóirí neamhspleácha a bhfuil raon leathan saineolais acu chun buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a roghnú.  Ar an bpainéal moltóireachta i mbliana tá: Rónán Ó hÓgartaigh, mac le Seosamh Ó hÓgartaigh, a bhfuil an gradam ainmnithe as, ball bunaidh agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge, Fiona Ní Fhlatharta, TG4  agus Freda Nic Giolla Chatháin, aistritheoir agus iar-Phríomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo.

Don chéad uair riamh, tiocfaidh an painéal le chéile go fíorúil chun Gearrliosta an Ghradaim a phlé agus a roghnú agus foilseofar iad sa Galway Advertiser (príomh-urra meán) ar an 8 Deireadh Fómhair 2020.

Ar nós na Gaeilge, tá neart agus teacht aniar léirithe ag gnólachtaí le míonna anuas agus iad ag dul i ngleic le dúshláin nua – dúshláin nach raibh duine ar bith ag súil leo.  Is onóir d’Fhoireann Ghaillimh le Gaeilge bheith ag obair leis na gnólachtaí agus na heagraíochtaí díograiseacha seo i nGaillimh, atá ag cur le stádas dátheangach na Gaillimhe agus ag cur leis na hiontais inár gcathair aoibhinn álainn.

Agus í ag caint ar an nGradam, bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey:

“Comhghairdeas leis na hainmniúcháin ar fad atá ag glacadh páirte sa Ghradam i mbliana – is iontach go deo an rogha éagsúil gnólachtaí agus eagraíochtaí atá ag glacadh páirte agus molaimid iad go léir as an obair leanúnach dhíograiseach a bhíonn ar bun acu, go háirithe sa bhliain neamhghnách seo. Is codanna fíorthábhachtacha iad feiceálacht agus cur chun cinn na Gaeilge dár rath mar chathair dhátheangach. Tá muid ag tnúth go mór freisin le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhronnadh beo ar Galway Bay FM i mí na Samhna i mbliana.  Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Keith Finnegan, Jon Richards agus an fhoireann in Galway Bay FM as an deis seo a thabhairt dúinn an Gradam a chur i láthair do lucht éisteachta breis agus 45,000 duine agus ardán iontach a thabhairt do gach duine atá páirteach ann chun a gcuid iarrachtaí dátheangacha a chur chun cinn.  Ní neart go cur le chéile.”

Tá luach iomlán breis agus €25,000 ar an bpacáiste urraíochta don Ghradam i mbliana. Tháinig TG4 ar bord leis an nGradam in 2016, agus tháinig MOLSCÉAL, ardán gearrfhíséan ar líne de chuid TG4, ar bord mar urraí an Ghradaim anuraidh.  Is iad a leanas urraithe na gcatagóirí do Ghradam 2020:  Galway Bay FM, Fáilte Ireland, Video Sherpa agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Déanann Údarás na Gaeltachta urraíocht ar mhacasamhlacha de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir aitheanta, Pádraic Reaney. Cuirfidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe urraíocht ar fáil don bhuaiteoir foriomlán freisin.