Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le fógairt beo ar Galway Bay FM

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Beidh Gaillimh le Gaeilge ag tabhairt faoi na haerthonnta an Fómhar seo do ghradam gnó dátheangach na Gaillimhe – Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Déanfar buaiteoirí na gcatagóirí agus na buaiteoirí iomlána a fhógairt beo ar Galway Talks le Keith Finnegan an 5 agus an 6 Samhain.  Déanfar na fógairtí a shruthú beo ar leathanaigh Facebook Ghaillimh le Gaeilge agus Galway Bay FM chomh maith.

Rinneadh an Gradam, arna eagrú ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus TG4, agus le Urraí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, a chur ar athlá níos luaithe i mbliana de bharr ráig COVID-19.

Tar éis seoladh rathúil le hUachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, ag preasócáid san Aula Maxima, OÉ Gaillimh, an 28 Eanáir 2020, ainmníodh 27 gnó agus eagraíocht, ó réimse leathan earnálacha do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020. Is iontrálacha nua iad 19 as an 27, agus tá 8 ngnólacht ag filleadh ar an ngradam an athuair.

I measc na gcuideachtaí atá san iomaíocht chun bheith mar Threibh Nua na Gaillimhe tá siopa feistis brídeoige, an eaglais pharóiste mheánaoiseach is mó in Éirinn, seirbhís bus gan stad idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath, féile idirnáisiúnta ealaíon do pháistí mar aon le hóstáin agus tithe tábhairne aitheanta na Gaillimhe.

D’fháiltigh Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, Jack Chambers TD, roimh an bhfógra agus bhí an méid seo a leanas le rá aige;

“Cuirim fáilte roimh an dea-scéal seo go bhfuil Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le fógairt beo ar Galway Bay FM sa bhFómhar.  Tuigim go bhfuil obair thar a bheith fiúntach ar bun ag Gaillimh le Gaeilge chun an teanga a chothú agus a chur chun cinn i gCathair na Gaillimhe, agus go bhfuil ról lárnach ag na gradaim seo i saol na Gaeilge sa chathair. Tá an-dul chun cinn déanta ag Gaillimh le Gaeilge agus iad ag obair le comhlachtaí ar fud an chathair atá ag baint úsáid as an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’.  Tá áthas orm go mbeidh deis ag na comhlachtaí sin aitheantas a fháil don sárobair seo agus na Gradam seo á fhógairt.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Keith Finnegan, Príomhfheidhmeannach Galway Bay FM:

“Tá ríméad ar Galway Bay FM bheith in ann Gaillimh le Gaeilge a éascú chun Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020 – Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe, a bhronnadh beo ar an aer i mbliana.  Tá an Gradam mar chuid lárnach d’fhéilire imeachtaí cultúrtha na Gaillimhe agus gach bliain, faighim blaiseadh de agus airím na sceitimíní agus an bród a bhíonn orthu siúd a gcuirim faoi agallamh agus iad ag glacadh páirte sa ghradam dátheangach seo.

Mar stáisiún raidió áitiúil, tugaimid an nuacht do mhuintir na Gaillimhe.  Tá scoth na hoibre á dhéanamh ag an 27 gnó agus eagraíocht seo agus iad ag úsáid na Gaeilge agus ag déanamh a gcuidse chun a chinntiú go mbeidh Gaillimh ar cheann de na cathracha cultúrtha in Éirinn is ansa le daoine, agus is ceart an obair sin a cheiliúradh. Táimid ag tnúth go mór len é sin a dhéanamh beo ar an aer.”

Ag labhairt dó ar an nGradam, is é seo a leanas  a bhí le rá ag Declan Varley, Grúpeagarthóir an Galway Advertiser agus Príomhurraitheoirí an Ghradaim:

“Níl bealach níos fearr le heolas a chur ar chathair ná a sráideanna a shiúl, bheith ag spaisteoireacht idir na foirgnimh agus bheith ag fánaíocht gan treoir. Ní haon eisceacht í Gaillimh, áit ar féidir le siúlóid tú a thabhairt ó shuíomhanna stairiúla go bheith ag cloisteáil fuaimeanna na sráideanna agus na ndaoine, féadfaidh tú damhsa le buille agus rithim na bhfuaimeanna thart timpeall, nó suí siar ag féachaint ar thrup trap daoine eile agus, ar ndóigh, is áit í a gcloisfidh tú agus a bhfeicfidh tú teanga dhúchais ár muintire.  Is í seo fuaim na Gaillimhe agus fuaim ár muintire.

Tá ról tábhachtach ag Gaillimh le Gaeilge i bhfeiceálacht na Gaeilge ar fud na cathrach agus i mbliana, agus iad ag obair i gcomhar le Galway Bay FM chun an Gradam a óstáil, ní hamháin go gcloisfear an Ghaeilge ar shráideanna na Gaillimhe, ach cloisfear ar fud na Gaillimhe í, thar na haerthonnta.

Ar nós na Gaeilge, tá neart agus teacht aniar léirithe ag gnólachtaí le míonna anuas agus iad ag dul i ngleic le dúshláin nua – rudaí nach raibh duine ar bith ag súil leo. Tuigeann na gnólachtaí a leanann orthu ag úsáid na Gaeilge tábhacht na teanga i gcultúr na Gaillimhe. Gach uair a n-athraíonn tú do bhiachlár, a gcuireann tú comhartha Gaeilge in airde, nó a deir tú rud éigin neamhghnách ar na meáin shóisialta, tá cúis eile á cruthú agat chun go dteastaíonn ó dhaoine bheith ag obair, bheith ina gcónaí, nó teach ar cuairt anseo. Trí na rudaí seo a dhéanamh i stíl uathúil na Gailimhe, tá tú ag cur le tarraingteacht na háite.”

Agus í ag caint ar an bplean nua do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, ba é seo a leanas a dúirt Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge;

“Tá muid ag tnúth go mór le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a chur i láthair beo ar Galway Bay FM i Samhain na bliana seo.  Is é Galway Bay FM fuaim na Gaillimhe agus is onóir do Ghaillimh le Gaeilge bheith mar chuid den fhuaim seo.  Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghlacadh le Keith Finnegan, Jon Richards agus foireann Galway Bay FM as an deis seo an Gradam a thabhairt do lucht éisteachta breis agus 45,000 duine agus ardán iontach a thabhairt do gach duine a bheidh rannpháirteach chun a n-iarrachtaí dátheangacha a chur chun cinn.  Tá muid fiorbhuíoch chomh maith de na hurraí ar fad a thugann tacaíocht don Ghradam – go mba fada buan sibh.”

I mbliana, cuireann Gaillimh le Gaeilge fáílte roimh urra nua do Ghradam 2020 – Video Sherpa. Is é an Galway Advertiser an príomh-urra meán; tá an chuideachta ag tacú leis an nGradam ón gcéad lá riamh in 2002. Tháinig TG4 ar bord leis an nGradam in 2016, agus cuireann an dá eagraíocht meán pacáiste iontach fógraíochta ar fáil don bhuaiteoir iomlán.

Is iad seo a leanas urraí na gcatagóirí do Ghradam 2020: Galway Bay FM, Fáilte Ireland, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Video Sherpa. Tá urraíocht curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta le haghaidh macasamhlacha de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil, Pádraic Reaney. Beidh físeáin á léiriú arís ag MOLSCÉAL agus cuirfidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe urraíocht ar fáil don bhuaiteoir foriomlán freisin.  Míle buíochas leo go léir!    

Gheobhaidh ainmnithe uile an Ghradaim poiblíocht shuntasach sna meáin Ghaeilge agus Bhéarla i rith fheachtas an Ghradaim agus gheobhaidh an buaiteoir foriomlán an teideal mór le rá mar 15ú Treibh na Gaillimhe don bhliain amach romhainn.  Go n-éirí go geal leo ar fad.