An Ghaeilge ar Líne

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá méadú suntasach tagtha ar thábhacht na meán sóisialta le blianta beaga anuas, agus iad anois mar chuid lárnach dár saol laethúil. Tá na meáin shóisialta anois mar ardán ollmhór do ghnólachtaí, do fhiontraithe, do lucht gairmiúil agus d’eagraíochtaí ar mian leo aitheantas níos fearr a fháil agus idirghníomhú le custaiméirí agus le cliaint ar bhealach simplí atá éifeachtúil ó thaobh costais de.

Anois, níos mó ná riamh, agus daoine ar fud na tíre ag cleachtadh scaradh sóisialta agus féinleithlisiú  is ríthábhachtach é an domhan fíorúil do dhaoine chun iad a nascadh le daoine eile, gnólachtaí san áireamh. Mura bhfuil do ghnólacht ag feidhmiú mar is gnách i láthair na huaire, cén fáth nach ndéanann tú teagmháil le do chustaiméirí, agus fanacht ceangailte leo trí na Meáin Shóisialta?

Má tá tú ag baint úsáide as na Méain Shóisialta do chúrsaí gnó, cuimhnigh gur léargas ar do ghnó é an méid a fheiceann custaiméirí agus cliaint ar líne (seans gurb í seo an chéad uair a mbeidh do ghnó ag dul i bhfeidhm orthu, bí cinnte go ndéanann tú go maith é! Is fiú cuimhneamh go ndéanann 37% de chustaiméirí a gcinntí maidir le ceannach ar na meáin shóisialta*). Smaoinigh ar an gcaoi a gcaithfeá le do chustaiméir dá siúlfaidís isteach chuig do ghnólacht, anois smaoinigh ar an gcaoi a bhféadfá é sin a dhéanamh ar líne? Má úsáideann tú Fáilte Go raibh maith agat, d’fhéadfadh a leithéid an t-uafás a dhéanamh d’ábhar custaiméirí chun iad a mhealladh chun gnó a dhéanamh leat.

B’fhéidir nach dtuigimid é ach tá an Ghaeilge go smior in aigne an Éireannaigh agus nuair a fheiceann tomhaltóirí an Ghaeilge agus iad ag siúl síos an tsráid nó ar a ngutháin trí na meáin shóisialta, téann sí i bhfeidhm ar na mothúcháin agus seans maith go ndéanfadh sé sin an difríocht chun go léireoidh siad go dtaitníonn do phostáil leo, chun go rachaidh siad isteach chuig do shiopa, nó chun go roghnóidh siad do tháirge/do sheirbhís thar cheann eile.

*PwC Irish Retail and Consumer Report 2019

Go raibh maith agat – Thank you

Lá maith agat –  Have a good day

Fan sábháilte – Stay safe

Go raibh maith agaibh ó Ghaillimh – Thank you from Galway

Fáilte – Welcome

Ní neart go cur le chéile – There is strength in unity

#BeidhLinn – We will prevail

Seas le chéile – Stand together

Dóchas – Hope

Déan teagmháil linn – Contact Us

Táimid oscailte ar líne – We are open online

An féidir linn cabhrú leat? – Can we help you?

Ag tnúth le sibh a fheiceáil arís! – Looking forward to seeing you again!

Tairiscintí Speisialta – Special Offers

Gliogáil agus Bailigh – Click and Collect

Slán Tamall  – Bye for now

Fan sa bhaile – Stay at home