Dé hAoine 21 Feabhra 2020 an Spriocdháta d’ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Dé hAoine bheag seo, an spriocdháta le haghaidh ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Ná caill an deis a bheith páirteach sa ngradam is fadbhunaithe dá leithéid in Éirinn, arna eagrú ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht TG4 agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe.

Má tá suim agat an Ghaeilge a úsáid nó go deimhin tuilleadh Gaeilge a úsáid i do ghnó/d’eagraíocht,  bheadh an gradam seo an-fheiliúnach duit agus níl aon chostas ag baint le cur isteach air! Is féidir do ghnó féin nó is féidir leat gnó/eagraíocht eile a ainmniú. Ag an tráth seo, níl le déanamh agat ach an fhoirm iarratais, atá ar fáil anseo, a chomhlánú nó foirm a fháil ó hoifig Ghaillimh le Gaeilge, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh.

Seo thíos a bhí le rá ag buaiteoir na bliana seo caite, Vivienne Molloy ó Sweeney Oil, faoin nGradam:

“Mholfaimis do ghnó ar bith páirt a ghlacadh i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, beag beann ar an gcineál gnó atá ann, ná ar na hacmhainní atá ar fáil duit. De réir a chéile a thógtar na caisleáin agus cuireann chuile fhorbairt bheag go mór leis an todhchaí, todhchaí ar chóir dúinn a bheith bródúil as. Fuair muid go leor as a bheith páirteach sa Ghradam seo, chuir muid lenár n-acmhainní agus lenár bhfoireann agus le cúnamh Ghaillimh le Gaeilge tá muid ag déanamh freastail níos fearr ar riachtanais ár gcustaiméirí agus tá ár bhféiniúlacht féin againn”

 

Agus í ag caint faoi phróiseas an Ghradaim, dúirt Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey:

“Is í an teachtaireacht atá againn do ghnó nó d’eagraíocht ar bith atá ag smaoineamh cur isteach air i mbliana – ár mbliain mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa – ná, téigh ar aghaidh agus tabhair faoi!  Tá breis agus dhá mhí fágtha le hullmhú don Ghradam mar nach mbeifear i mbun moltóireachta go dtí lár mhí Aibreáin, neart  ama mar sin chun gnó dátheangach a chruthú agus san am céanna, tú ag treisiú agus ag cur go mór le branda cultúrtha dátheangach na Gaillimhe.”

Sheol Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Gradam 2020 ag preasócáid san Aula Maxima, OÉ Gaillimh, ag deireadh mhí Eanáir. Ag an seoladh, d’fhógair an tUachtarán liosta na n-urraitheoirí don bhliain amach romhainn agus chuir sé fáilte roimh urraitheoir nua do Ghradam 2020–Video Sherpa, atá ag déanamh urraíochta ar an gcatagóir Seirbhísí.

I mbliana arís, is é an Galway Advertiser an príomhurra ó thaobh na meáin chumarsáide de. Tá TG4 agus MOLSCÉAL ar bord freisin, chomh maith le hurraí na gcatagóirí mar seo a leanas:

Galway Bay FMan chatagóir miondíola; Fáilte Irelandan chatagóir Fáilteachais & Turasóireachta; Video Sherpaan chatagóir seirbhísí; agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimhan chatagóir comhlachtaí eile. Tá liosta láidir urraí ag an nGradam le pacáiste gnó ar fiú níos mó ná €23,000 é. D’fhógair an tUachtarán Údarás na Gaeltachta mar urra ar mhacsamhla an Ghradaim a bhronnfar ar bhuaiteoirí na gcatagóirí. Cuirfidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe urraíocht ar fáil don bhuaiteoir iomlán freisin.

Is féidir le gnónna agus le heagraíochtaí cur isteach ar cheann de na ceithre chatagóir seo a leanas: Miondíol, Fáilteachas agus Turasóireacht, Seirbhísí agus Comhlachtaí Eile. Roghnófar buaiteoir amháin i ngach catagóir agus roghnófar ceann acu sin mar bhuaiteoir iomlán an ghradaim.

Urraí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020

Tá sceideal á ullmhú faoi láthair ag Gaillimh le Gaeilge agus ba bhreá leo bualadh le gnólachtaí agus le heagraíochtaí ar spéis leo an Ghaeilge a úsáid chun gnó dátheangach a chruthú. Tá dhá mhí fágtha agat chun iarratas a ullmhú óir beidh an mholtóireacht ar siúl i mí Aibreáin. Ní gá duit a bheith i do chainteoir líofa chun páirt a ghlacadh óir cabhróidh Gaillimh le Gaeilge leat i rith an ama ar fad. Beidh an tseirbhís ‘An Ghaeilge sa Ghnó’ ar fáil uathu duit saor in aisce. Is pacáiste saincheaptha iomlán í an tseirbhís seo ina dtreoraítear thú tríd an bpróiseas chun do ghnó a chur in oiriúint don dátheangachas.

Eagróidh foireann Ghaillimh le Gaeilge cruinniú leat agus féachfaidh siad go grinn ar do ghnólachtsa ó thaobh íomhá agus feiceálachta de – comharthaíocht, ábhar margaíochta, meáin shóisialta, fógraíocht etc. Scrúdóidh siad féidearthachtaí éagsúla maidir le húsáid na Gaeilge i do ghnólacht nó d’eagraíocht.

Glacfar le hiarratais don Ghradam go dtí 5.30i.n, hAoine, 21 Feabhra 2020.  Logáil isteach ar www.gleg.ie le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh ar líne nó cuir glaoch ar 091 568876.. Chun an t-eolas is deireanaí a fháil ar an nGradam lean Gaillimh le Gaeilge ar Facebook, Twitter agus Instagram.  Ag súil le cloisteáil uaibh! Cliceáil ANSEO chun iontráil ar líne.