Sweeney Oil fógartha mar bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019 agus iad ainmnithe mar Threibh Nua na Gaillimhe

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tar éis ocht n-iontráil déag a bheith faighte, trí iomaitheoir déag sa bhabhta ceannais, ceithre chatagóir agus dhá bhabhta moltóireachta, d’fhógair Seán Kyne TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin gurb iad Sweeney Oil buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana.

Bhailigh slua mór le chéile oíche Dé Luain chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair agus na gaiscí dátheangachais a rinneadh faoi scáth Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, agus bhí an slua ar tinneall agus ar bís faoin am ar fógraíodh na buaiteoirí. Cuireadh scoth na siamsaíochta ar fáil do na haíonna a bhí i láthair agus ‘réamhchoirm’ le fáil acu ó  roinnt de na baill ó Cheolfhoireann Thraidisiúnta na Gaillimhe faoi stiúir Eric Cunningham, Bunaitheoir agus Stiúrthóir Ealaíne na Ceolfhoirne. Chomh maith leis sin bhí físeáin le feiceáil acu de na gaiscí a rinne na hiomaitheoirí uile a bhí sa bhabhta ceannais ó thaobh an dátheangachais de – físeáin arna gcruthú agus arna léiriú ag urraitheoir nua na bliana seo MOLSCÉAL. Is féidir na físeáin a fheiceáil ar na cainéil atá ag Gaillimh le Gaeilge ar na meáin shóisialta agus ar aip MOLSCÉAL.

Ainmníodh Sweeney Oil  mar bhuaiteoirí na Catagóire ‘Seirbhísí’, urraithe ag Snap Galway  agus is iad a chroch leo an Príomh-Ghradam féin faoi dheireadh na hoíche.  Chuir Sweeney Oil  isteach ar an nGradam den chéad uair in 2017 agus de bharr an Ghaeilge a bheith in úsáid go leanúnach rialta acu bhuaigh siad a gcatagóir féin anuraidh agus arís i mbliana, d’éirigh leo an Gradam féin a thabhairt leo. Tá an Ghaeilge ar taispeáint go bródúil ar a gcomharthaíocht, a suíomh gréasáin, a bhfógraíocht, a n-ábhar margaíochta, agus tá roinnt ball foirne acu ar féidir leo seirbhís trí Ghaeilge a thabhairt dá gcustaiméirí. Le cúpla bliain anuas, is cuid thábhachtach dá bhféiniúlacht an Ghaeilge agus a mbranda áitiúil á chur chun tosaigh acu.

Bhuaigh na dreamanna seo a leanas duaiseanna freisin ag an ócáid bhronnta:

Ag labhairt dó thar ceann Mholtóirí an Ghradaim, dúirt Rónán Ó hÓgartaigh:

“An rud is mó a chuaigh i gcion orainn ná, ní hamháin gur chuir na gnólachtaí seo a gcuid ainmneacha ar aghaidh don Ghradam seo, chuir siad a gcroí isteach ann chomh maith.  Measann na gnólachtaí agus na heagraíochtaí seo go léir gur cuid dhílis de chultúr na Gaillimhe í an Ghaeilge agus go gcabhraíonn sí leo seasamh amach ón slua. Thaispeáin siad go léir dílseacht don Ghaeilge agus tá sé sin le moladh. Cé gur fhág sé seo go mba dheacair ag an deireadh buaiteoir a roghnú, ba iad buaiteoirí an Ghradaim an dream ab fhearr a léirigh dúinn go mbaineann siad úsáid as an nGaeilge i ngach gné dá ngnó. Is cuid dá bpolasaí gnó í an Ghaeilge agus chuaigh siad i gcion freisin ar SPAR  chun roinnt Gaeilge a úsáid ar a gcomharthaíocht siopa. Tá foireann láidir cainteoirí Gaeilge acu agus cuirtear na daoine seo i láthair a gcuid custaiméirí go gníomhach agus go bródúil.”

Ag labhairt dó ag Ócáid Bhronnta an Ghradaim, dúirt Seán Kyne TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin:

“Tráthnóna inniu, tréaslaím go speisialta leis na gnólachtaí agus leis na heagraíochtaí fuinniúla a bhain an Gearrliosta amach. Is iontach an rud é go bhfuil an Ghaeilge chomh feiceálach in bhur ngnólachtaí agus bhur n-eagraíochtaí – tá tionchar an-dearfach aige seo ar chuile dhuine ar leith agaibh, mar úinéir gnólachta, mar bhainisteoir, nó mar bhall foirne inár gcathair dhátheangach. Molaim an bhéim atá á leagan agaibhse agus ag Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh araon ar an tábhacht a bhaineann le Seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do na custaiméirí agus dóibh siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.”

Thréaslaigh Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr. Níall McNelis, a ngaisce le buaiteoirí uile an Ghradaim. Dúirt sé:

“Déanaim comhghairdeas le gach duine a bhuaigh aon cheann de dhuaiseanna an Ghradaim anseo tráthnóna. Creidim i gcónaí go bhfuil sé an-tábhachtach aitheantas a thabhairt don dea-obair ar son na teanga atá ar bun sa chathair seo; is iontach an deis é Gradam Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le spiorad spreagúil an dátheangachais i nGaillimh a chur i láthair agus a cheiliúradh.”

Dúirt Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge:

“Is breá an rud é go bhfuil éagsúlacht chomh mór le sonrú ar na dreamanna ar fad a ainmníodh don Ghradam i mbliana; molaim go mór na hiarrachtaí agus an infheistíocht atá déanta agaibh mar aon leis an rún daingean atá léirithe agaibh cuid dhílis de bhur ngnó a dhéanamh den Ghaeilge. Tá bhur gcuid oibre an-tábhachtach dár stádas mar Chathair Dhátheangach agus is aitheantas dearfach é freisin do mhargadh luachmhar na gcainteoirí Gaeilge i gCathair agus i gContae na Gaillimhe.”

Léiriú ar ardchaighdeán na n-iontrálacha i mbliana is ea Bronnadh Speisialta na Moltóirí, gradam speisialta lena dtugtar aitheantas do ghnólacht a thug faoin nGradam den chéad uair agus a bhfuil caighdeán an-ard bainte amach aige agus aitheantas dlite dó dá réir. Tugadh Bronnadh Speisialta na Moltóirí, atá urraithe ag Judy Greene Pottery, do The Galmont Hotel & Spa.

Bhronn na Moltóirí Scoláireacht Ollscoile atá urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar ghnólacht atá ag déanamh iarracht speisialta leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a úsáid lena gcuid custaiméirí. Bronnadh scoláireacht dhá bhliain ar an gcúrsa sealbhaithe teanga, an Dioplóma sa Ghaeilge, cáilíocht ollscoile ó OÉ Gaillimh, ar an Ionad d’Oibrithe Deonacha na Gaillimhe.

Fuair buaiteoirí chatagóirí éagsúla an Ghradaim pacáiste gnó ar fiú €2,000 é ó urraitheoir na catagóire chomh maith le macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Gheobhaidh Sweeney Oil pacáiste fógraíochta ar fiú €2,000 é ó phríomhurraitheoir an Ghradaim, an Galway Advertiser.  Gheobhaidh siad pacáiste poiblíochta freisin le TG4 agus ballraíocht bliana i gCumann Tráchtála na Gaillimhe agus i nGaillimh le Gaeilge.

Anuas air sin, faigheann siad Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, píosa álainn dealbhóireachta atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney agus a léiríonn 14 Threibh na Gaillimhe, mar aon le ’Treibh na linne seo’, a sheasann do bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, 2019 agus buaiteoirí eile amach anseo.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge buíochas a ghabháil leis na hainmnithe ar fad a ghlac páirt i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana agus comhghairdeas a dhéanamh le Sweeney Oil agus le buaiteoirí chatagóirí éagsúla an Ghradaim.

Tá ár mbuíochas tuillte chomh maith ag na moltóirí as ucht a gcuid ama don mholtóireacht. Is iad sin: Rónán Ó hÓgartaigh, Comhairleoir Innealtóireachta; Freda Nic Giolla Chatháin, Gaillimh 2020; Deirdre Ní Choistín, MOLSCÉAL. Ár mbuíochas chomh maith leis na hurraitheoirí ar fad a lean lena dtacaíocht don Ghradam.  Táimid fíorbhuíoch díobh.