CRUINNIÚ POIBLÍ FAOI PHLEAN GAEILGE CHATHAIR NA GAILLIMHE

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Nóta beag ag meabhrú daoibh go mbeidh cruinniú poiblí faoi Phlean Gaeilge Chathair na Gaillimhe ar siúl tráthnóna inniu (7/5/2019) ag 7.30pm i seomraí G010 & G011, Áras Taighde Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tá sé mar aidhm ag an gcruinniú deis eile a thabhairt do phobal na cathrach a dtuairimí a léiriú faoin bPlean Gaeilge atá á ullmhú ag OÉ Gaillimh ar son Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge. Ionas go mbeidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh beag beann ar chúlra teanga, beidh dhá chruinniú ar siúl ag an am céanna, ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla. Tá fáilte roimh chách.

 

https://www.google.com/maps/place/Hardiman+Research+Building/@53.279608,-9.0622718,18.5z/data=!4m5!3m4!1s0x485b96f3ef70ee5b:0x464fb680b5bac2c4!8m2!3d53.2796041!4d-9.061473