Treibh nua na Gaillimhe le fógairt ar an Déardaoin beag seo!

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Ní fada uainn anois an oíche mhór nuair a fhógróidh an tAire Stáit Seán Kyne TD do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach buaiteoirí chatagóirí agus buaiteoirí iomlána Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018. Tá an cúig ghnólacht déag ar éirigh leo Gearrliosta an Ghradaim a bhaint amach á n-ullmhú féin don searmanas speisialta bronnta a bheidh ar siúl Déardaoin, an 24 Bealtaine ag 6.30i.n. in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh.

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe, sé bliana déag ar an bhfód i mbliana. Tugann an Gradam seo aitheantas agus údar ceiliúrtha do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí i gcathair na Gaillimhe as an nGaeilge a úsáid ina ngnó ar bhonn laethúil.

Ag an ócáid seo chomh maith, bronnfar ‘Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta’ don chéad uair thar ceann Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge agus i gcomhpháirtíocht le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Chliath. Sheol Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta ag fógairt Gearrliosta an Ghradaim an mhí seo caite in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Ba é Peadar an chéad chathaoirleach agus ball bunaithe Ghaillimh le Gaeilge agus ba é a leag síos an bhunchloch d’fheidhmiú na heagraíochta. Tá an píosa dealbhóireachta don Duais Aitheantais deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney, sean-chara é Pádraic le Peadar.  Bronnfar é  ar  dhaoine  nó ar eagraíochtaí a bhfuil sár-iarracht déanta acu maidir le húsáid na Gaeilge agus nach bhfuil bainteach le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Dúirt Bríd Ní Chonghóile ó Ghaillimh le Gaeilge:

“Bíonn muid ag tnúth go mór leis an ócáid seo chuile bhliain mar go dtugann sí deis dúinn an obair mhór dhátheangach atá á dhéanamh ag gnólachtaí agus ag eagraíochtaí i gCathair Dhátheangach na hÉireann a cheiliúradh agus a thaispeáint. Tá an-bhród orainn freisin comóradh a dhéanamh ar an gcéad chathaoirleach agus ball bunaithe Ghaillimh le Gaeilge, an Dr Peadar Ó Flatharta ag an ócáid i mbliana.

Gach bliain, bíonn muid ag smaoineamh an mbeidh an Gradam chomh maith i mbliana agus a bhí sé an bhliain roimhe sin agus níl amhras ar bith ach go bhfuil!  Is iad na daoine a bhíonn páirteach ann a thugann an spreacadh agus an fuinneamh speisialta don Ghradam.  Tá sé iontach a thabhairt faoi deara go bhfuil sé ag dul ó neart go neart agus ag bogadh chun cinn chomh maith le bheith in oiriúint do shaol gnó an lae inniu” .

Tá roinnt mhaith gnólachtaí éagsúla ar an nGearrliosta i mbliana, ó ceann de na comhlachtaí tacsaí is mó sa chathair go dtí féile idirnáisiúnta ealaíona do pháistí  agus rud amháin comónta acu ar fad – tá siad uile tar éis glacadh go fonnmhar leis an dátheangachas ina gcuid gnólachtaí! Tabharfar deis dóibh ar an oíche a gcuid iarrachtaí dátheangacha a chur i láthair agus a cheiliúradh le slua mór aíonna, chomh maith lena gclann, lena gcairde agus lena gcomhghleacaithe gnó.

Beidh ainmneacha na mbuaiteoirí faoi rún go dtí tráthnóna Déardaoin nuair a dhéanfaidh an tAire Stáit Seán Kyne TD do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach iad a fhógairt! Coinnigh tú féin ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú agus faoin nuacht is deireanaí ar leathanaigh Facebook agus Twitter Ghaillimh le Gaeilge. Breathnaigh ar chainéal YouTube Ghaillimh le Gaeilge chun na físeáin den Ghearrliosta a fheiceáil.

https://www.youtube.com/channel/UCTN0CUKlMx7VY5ExalA982g

Roghnaíodh na gnólachtaí seo a leanas do Ghearrliosta an Ghradaim, 2018:

Sa chatagóir Miondíola, urraithe ag Galway Bay FM:

Siopa Milseán Aintín Néilí, An tSráid Ard,  Corrib Shopping Centre, An Fhaiche Mhór,

KD Autoparts, An Baile Bán,  agus Siopa Leabhar & Dánlann Uí Chionnaith Teo., Lios Bán.

Sa chatagóir Turasóireachta agus Fáilteachais, urraithe ag Fáilte Éireann:

56 Central, Sráid na Siopaí, Harbour Hotel, Sráid na nDuganna Nua, agus The Connacht Hotel, Bóthar Bhaile Átha Cliath

I gcatagóir na Seirbhísí, urraithe ag Snap Galway:

Big O Taxis, An Fhaiche Mhór, Colm’s Life Pharmacy, Bóthar na Trá, Dr Sinéad Feeney & Dr Séamus Cryan@Ionad Leighis Galvia West, An Taobh Thiar, Swaine Solicitors, Cnoc na Cathrach, agus Sweeney Oil, Bóthar Áth Cinn.

I gcatagóir na gComhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:

Baboró, International Arts Festival for Children, Bóthar na gCeannaithe, Galway City Business Association, Sráid San Proinsias agus  iSupply, Bóthar na Mara.

Gheobhaidh buaiteoir iomlán an Ghradaim Pacáiste Fógraíochta de luach €2,000 ón Galway Advertiser mar aon pacáiste fógraíochta TG4, pacáiste margaíochta digiteach le Lorg Media chomh maith le ballraíocht bhliana ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe agus ó Ghaillimh le Gaeilge araon. Bronnfar pacáiste gnó gur fiú €2,000 ar bhuaiteoirí na gcatagóirí ó urra na gcatagóirí mar aon le macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a thógáil chun buíochas a ghabháil leis na hurraí atá ag tabhairt tacaíochta do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar bhonn leanúnach.  Cosúil le chuile chlár gradaim eile, tá ról na moltóirí ríthábhachtach agus ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge a mbuíochas a ghabháil leo. Is iad moltóirí na bliana seo: Aelmuire Ní Ógartaigh; Judy Ní Dhubháin, Údarás na Gaeltachta; Freda Nic Giolla Chatháin, Gnó Mhaigh Eo agus Irial Ó Ceallaigh, TG4.