Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, 2018 ainmnithe agus Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta seolta.

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

D’fhógair Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, na gnólachtaí atá ar Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag preasócáid a bhí ar siúl   i dTéatar Uí Chearbhalláin, Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ainmníodh cúig cinn déag de ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí ó earnálacha éagsúla ar Ghearrliosta na bliana seo.

Ba é an rud is suntasaí a chuaigh i gcion ar na Moltóirí faoi na gnólachtaí  a roghnaigh siad  don Ghearrliosta ná go raibh dul chun cinn le feiceáil agus le tomhais go soiléir sna hiarratais a chuir isteach ar an nGradam cheana  agus bhí  caighdeán na n-iarratas nua don Ghradam an-ard – “bíonn tionchar mór ag an infheistíocht ar fad a dhéanann siad sa Ghaeilge, idir chomharthaí nua, stáiseanóireacht nua, phoiblíocht, mhargaíocht, nó  na  bealaí nuálaíocha ar fad a úsáideann siad chun cuir ina luí ar a gcuid custaiméirí go bhfuil ‘Seirbhís trí Ghaeilge’ á dtairiscint acu. Tá sé iontach a thabhairt faoi deara chomh maith go bhfuil an Ghaeilge mar chuid dá gcuid pleananna don todhchaí.”

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh á eagrú le 16 bliain anuas ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe; déantar ceiliúradh ann ar na sár-iarrachtaí a dhéanann an lucht gnó i nGaillimh agus iad ag baint úsáide as an nGaeilge ina gcuid oibre.

Ag an bpreasócáid seo chomh maith, sheol Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta  thar ceann Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge agus i gcomhpháirtíocht le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Chliath . Ba é Peadar an chéad chathaoirleach agus ball bunaithe Ghaillimh le Gaeilge agus ba é a leag síos an bhunchloch  d’fheidhmiú na heagraíochta.

Ag labhairt di ag an bpreasócáid, dúirt Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey;

“Is ábhar bróid dúinne,  mar  Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge,  an comóradh seo a dhéanamh ar  Pheadar  agus ar an  tréimhse a chaith sé go fial flaithiúil linn i nGaillimh le Gaeilge. Smaointeoir doimhin fadbhreathnaíoch a bhí ann, dírithe ar an sprioc fhadtéarmach i gcónaí.  Rinne sé stiúradh stuama ar an eagraíocht agus bhí sé i gcónaí ina chara dílis dúinn.’

Tá an píosa dealbhóireachta don Duais Aitheantais deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney, sean-chara é Pádraic le Peadar.  Bronnfar é  ar  dhaoine  nó ar eagraíochtaí a bhfuil sár-iarracht déanta acu maidir le húsáid na Gaeilge agus nach bhfuil bainteach go sonrach le hobair Ghaillimh le Gaeilge nó go deimhin le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge a roghnóidh na hainmniúcháin agus bronnfar an é  don chéad uair ag ócáid bhronnta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 a bheidh ar siúl lár mhí na Bealtaine.

Tar éis  d’Uachtarán  na hOllscoile ‘Duais Aitheantais Pheadair Uí  Fhlatharta’ a sheoladh, bhronn Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, Teastas Gradaim ar gach ceann de na gnólachtaí atá imithe ar aghaidh go dtí an chéad chéim  eile sa phróiseas moltóireachta den Ghradam  agus mhol sé gach dream acu as a gcuid oibre ar son na Gaeilge sa chathair.

Roghnaíodh na gnólachtaí seo a leanas do Ghearrliosta an Ghradaim, 2018:

Sa chatagóir Miondíola, urraithe ag Galway Bay FM:

Siopa Milseán Aintín Néilí, An tSráid Ard,  Corrib Shopping Centre, An Fhaiche Mhór,

KD Autoparts, An Baile Bán,  agus Siopa Leabhar & Dánlann Uí Chionnaith Teo., Lios Bán.

Sa chatagóir Turasóireachta agus Fáilteachais, urraithe ag Fáilte Éireann:

56 Central, Sráid na Siopaí, Harbour Hotel, Sráid na nDuganna Nua, agus The Connacht Hotel, Bóthar Bhaile Átha Cliath

I gcatagóir na Seirbhísí, urraithe ag Snap Galway:

Big O Taxis, An Fhaiche Mhór, Colm’s Life Pharmacy, Bóthar na Trá, Ionad Leighis Galvia West, An Taobh Thiar, Swaine Solicitors, Cnoc na Cathrach, agus Sweeney Oil, Bóthar Áth Cinn.

I gcatagóir na gComhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:

Baboró, International Arts Festival for Children, Bóthar na gCeannaithe, Galway City Business Association, Sráid San Proinsias agus  iSupply, Bóthar na Mara.

Thréaslaigh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, leis an  nGearrliosta  agus mhol sí iad as a gcuid oibre atá ag treisiú agus ag  cur go mór le  branda cultúrtha dátheangach na cathrach.

Ghabh sí buíochas leis na hurraitheoirí áitiúla agus náisiúnta as ucht a gcuid tacaíochta don Ghradam;  Galway Advertiser, TG4, Fáilte Éireann, Galway Bay FM, Snap Galway, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Lorg Media, Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Is fiú breis is €23,000 an pacáiste urraíochta atá luaite leis an nGradam.

Ghabh an Cathaoirleach  buíochas ar leith do Mholtóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a thabharfaidh cuairt ar áitribh na ngnólachtaí ar fad atá sa bhabhta ceannais sna seachtainí seo romhainn. Is iad moltóirí na bliana seo: Aelmuire Ní Ógartaigh; Judy Ní Dhubháin, Údarás na Gaeltachta; Freda Nic Giolla Chatháin, Gnó Mhaigh Eo agus Irial Ó Ceallaigh, TG4.

Fógróidh Aire Stáit sa Roinn Cultúir , Oidhreachta, agus Gaeltachta Joe McHugh, TD, buaiteoirí na gcatagóirí agus mórbhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag searmanas speisialta an Ghradaim in Óstán Bhóthar na Trá, Déardaoin,  24 Bealtaine 2018.