Déanfaidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 a fhógairt Dé Máirt, 24 Aibreán 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Déanfaidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 a fhógairt ag 12 meánlae, Dé Máirt, an 24 Aibreán 2018 ag preasócáid a bheidh ar siúl i ‘Téatar Uí Chearbhalláin’, Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge go mbeidh Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh i láthair ag an ócáid ‘Duais Aitheantais’ nua i gcomhar le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a fhógairt ar son Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge.

An mhí seo caite, d’fhógair Gaillimh le Gaeilge, atá ag eagrú an Ghradaim seo le 16 bliana anuas i gcomhar leis an Galway Advertiser, na 21 gnó a chuir a n-ainmneacha chun cinn don Ghradam i mbliana, 14 acu siúd don chéad uair.

Dúirt Bríd Ní Chonghóile ó Ghaillimh le Gaeilge:

“Seo an dara bliain as a chéile ar sáraíodh an líon ab airde ainmniúcháin nua riamh. Cé go gcuireann muid fáilte mhór i gcónaí roimh rannpháirtithe atá ag cur isteach ar an nGradam arís, is deas an rud é i gcónaí gnónna nua a fheiceáil ag glacadh páirte ann. Is deis iontach é an próiseas a bhaineann leis an nGradam d’aon ghnó nó d’aon eagraíocht an Ghaeilge a chur ar taispeáint ina ngnó agus déanfaidh rannpháirtithe na bliana seo amhlaidh ‘le bród, le paisean agus le díograis’. Is iontach an rud é anois go bhfuil sé ag éirí níos coitianta i nGaillimh a bheith i mbun gnó go dátheangach.”

Tiocfaidh Moltóirí an Ghradaim le chéile don chéad uair an tseachtain seo agusbeidh sé de dhulagas orthu  an Gearrliosta a roghnú as na hainmniúchain ar fad.

Is iad Moltóirí na bliana seo ná: Aelmuire Ní Ógartaigh, Freda Nic Giolla Chatháin, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo, Sonya Nic Lochlainn, Bainisteoir Seirbhísí Corparáideacha, Údarás na Gaeltachta agus Irial Ó Ceallaigh, TG4. Tá Gaillimh le Gaeilge  fíorbhuíoch  dóibh ar fad  as a  gcuid ama  a thabhairt go fial flaithiúl don phróiseas moltóireachta bainteach atá leis an nGradam.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge a mbuíochas a chur in iúl chomh maith do na hurraitheoirí móra le rá, a gcuireann a rannpháirtíocht go mór le rath an Ghradaim agus ba mhaith leo freisin céad míle fáilte a chur roimh urraitheoir nua Lorg Media!

Is é an Galway Advertiser an príomhurraitheoir meán cumarsáide agus tá siad ag tacú leis an nGradam ó cuireadh tús leis in 2002. Tháinig TG4 ar bord dhá bhliain ó shin agus beidh an dá eagraíocht meán cumarsáide ag cur pacáiste fógraíochta den scoth ar fáil don bhuaiteoir iomlán.

Seo a leanas urraitheoirí na gcatagóirí do Ghradam 2018: Galway Bay FM, Fáilte Ireland, Snap Galway agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Údarás na Gaeltachta ag déanamh urraíochta ar mhacasamhla Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a dhear an t-ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney go speisialta don Ghradam.

Cuirfidh Lorg Media agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe urraíocht ar fáil don bhuaiteoir iomlán chomh maith.  Míle buíochas leo go léir!

 

Na hAinmniúcháin:

Miondíol urraithe ag Galway Bay FM:

Aunty Nellie’s Sweet Shop, An tSráid Ard, Corrib Shopping Centre, Sráid Eyre, KD Autoparts, An Baile Bán,  Kennys Bookshop and Art Galleries Ltd., Lios Bán, Lanidor, Sráid Eyre, Mary’s Fish, An Baile Bán, Murrays, Nile Lodge.

 

Turasóireacht & Fáilteachas urraithe ag Fáilte Ireland:

56 Central, Sráid na Siopaí, Galway Food Tours, Cúirt Seoige, Harbour Hotel, Bóthar na nDuganna Nua, The Connacht Hotel, Bóthar Bhaile Átha Cliath, The Lough Inn, Barr an Chalaidh.

 

Seirbhísí urraithe ag Snap Galway:

Big O Taxis, An Fhaiche Mhór, Colm’s Pharmacy, Bóthar na Trá, Galvia West Medical Centre, An Taobh Thiar, Kemple Gormley Solicitors, Bóthar na hOllscoile, Swaine Solicitors, Cnoc na Cathrach, Sweeney Oil, Bóthar Áth Cinn.

 

Comhlachtaí Eile urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:

Baboró, International Arts Festival for Children, Bóthar na gCeannaithe, Galway City Business Association, Sráid San Proinsias, iSupply, Bóthar na Mara.

 

Gach rath leo go léir!