Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge roghnaithe mar Phearsa na Bliana do Ghradam na Gaillimhe 2017

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Is mór an onóir do Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge a bheith ainmnithe mar bhuaiteoirí –    Pearsa na Bliana do Ghradam na Gaillimhe 2017.

Is iad an pobal a d’ainmnigh na buaiteoirí ar fad mar gheall ar an obair atá déanta acu i réimsí éagsúla a chuir go mór le saol an phobail. D’fhógair na moltóirí, Mary Bennett agus Jack McCann, agus eagraí na ngradam, Ollie Robinson, na buaiteoirí ag preasócáid in Óstán Chuan na Gaillimhe an mhí seo caite.

Is é príomhaidhm Ghaillimh le Gaeilge spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge, ag cuidiú le gnólachtaí agus ag áitiú orthu tuiscint a bheith acu ar thábhacht na teanga ar bhealach nach bhfuil ceannasach ná eisiach.  Tá ag éirigh le scéimeanna amhail ‘Cairde Ghaillimh le Gaeilge’ agus ‘Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh’ dul i bhfeidhm ar phobal níos mó i mbealach cairdiúil oscailte, agus an Ghaeilge a thabhairt chun suntais i saol cathrach na Gaillimhe. Tugann úsáid na Gaeilge an ‘gné uathúil dhíolacháin’ do Ghaillimh. Tá ról tábhachtach ag an nGaeilge i gcruthú atmaisféar bríomhar cultúrtha na cathrach agus chuidigh úsáid fhorleathan na Gaeilge leis an stádas mar phríomhchathair chultúir na hEorpa 2020 a bhaint amach do Ghaillimh.

Tá daoine aonaracha agus ionadaithe eagraíochtaí ar Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge, a bhfuil sainchúram orthu, nó a bhfuil spéis faoi leith acu, i gcur chun cinn na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe. Oibríonn comhaltaí an Bhoird Stiúrtha in eagraíochtaí agus i gcomhlachtaí ar nós TG4, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, Coláiste Naomh Seosamh (an ‘Bish’ mar is fearr aithne air) Stewart Construction, Bane Mullarkey, (comhairleoirí margaíochta agus speisialtóirí turasóireachta) agus Altocloud.

Trí cheannaireacht, dhúthracht agus fhís bhaill an Bhoird Stiúrtha reatha mar aon leis na baill a bhí páirteach ar an mBord Stiúrtha thar na blianta, tá ag éirigh le Gaillimh le Gaeilge laistigh de phobal gnó na Gaillimhe infheictheacht na Gaeilge a ardú, agus úsáid na Gaeilge ó lá go lá a chur chun cinn sa Chathair.

Bhí an stádas dátheangach ar cheann de phríomhspriocanna Ghaillimh  le Gaeilge  agus iad i mbun a gcuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn  sa chathair. I mí Mheán Fómhair 2015, d’aontaigh Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe d’aonghuth, rún a rith chun stádas dátheangach a bhronnadh ar chathair na Gaillimhe agus i mí an Mhárta an bhliain dár gcionn bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, i bhfeighil an tsearmanais i gComhairle Cathrach na Gaillimhe le ceiliúradh a dhéanamh ar chathair na Gaillimhe as a bheith ainmnithe mar Chathair dhátheangach.

Is é seo a bhí le rá ag Cathaoirleach an Bhoird, Bernadette Mullarkey:

Táimid an-bhródúil mar bhaill deonacha de Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge glacadh leis an nGradam speisialta seo, ní amháin dúinn féin, ach thar ceann iad siúd go léir a thug a gcuid ama go fial flaithiúil do Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge thar na blianta. Tugann muid chun cuimhne ach go háirithe, an Dr Peadar Ó Flatharta, nach maireann. Bhí Peadar ina bhall bunaithe agus ba é an chéad Chathaoirleach ar Ghaillimh le Gaeilge. Ba é a leag síos an bhunchloch d’fheidhmiú Ghaillimh le Gaeilge agus bhí sé i gcónaí mar chara den chéad scoth ag an eagraíocht.”

Dúirt Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge:

“Is iontach an rud é d’aon ghnó nó d’aon eagraíocht aitheantas a fháil ar a gcuid oibre ach tá onóir bhreise ag baint leis an ngradam seo do Ghaillimh le Gaeilge de bharr gur ó mhuintir na Gaillimhe a thagann sé. Mar fhoireann na heagraíochta, táimid iontach bródúil as.”

Cuireann Gaillimh le Gaeilge an Ghaeilge labhartha chun cinn freisin trí imeachtaí éagsúla gnó ina gcuirtear an pobal gnó in aithne dá chéile, ‘lónta gnó’ agus imeachtaí séasúracha eile ina measc.

Tá ról stocaireachta agus abhcóideachta ag Gaillimh le Gaeilge freisin, a chuireann aitheantas agus úsáid na teanga chun cinn i struchtúir Cathrach ar nós an gníomhaireachtaí turasóireachta, grúpaí gnó, srl.