DEIS – Eanáir 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 seolta

Bhí roinnt mhaith de ghnónna agus d’eagraíochtaí na Gaillimhe i láthair ag an preas-ócáid in Ionad na FaicheMóire nuair a sheol Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Pearce Flannery, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018. Tá an Gradam oscailte go hoifigiúil anois d’ainmniúcháin go dtí Dé Luain, 23 Feabhra. Gliogáil anseo chun iontráil a dhéanamh ar líne.

D’fhógair sé urraí Ghradam 2018 chomh maith:

“I mbliana arís, is é an Galway Advertiser an príomhurra ó thaobh na meáin chumarsáide de. Tá TG4 ar bord freisin, chomh maith le hurraí na gcatagóirí mar seo a leanas:

Ina theannta sin, tá an tAcadamh  ag déanamh urraíochta ar Scoláireacht Ollscoile –  cúrsa sealbhaithe teanga, An Dioplóma sa Ghaeilge, cáilíocht Ollscoile agus cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain, atá sa tairiscint seo.

Rinne Údarás na Gaeltachta a gcuid urraíochta do na trí bliana amach romhainn a athnuachan agus beidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe ag déanamh urraíochta ar an mbuaiteoir iomlán.

urra nua  ag an nGradam i mbliana, is iad sin, an Ghníomhaireacht Meán Sóisialta, Lorg Media, a bhfuil gradaim go leor bainte amach acu. Is fiú breis agus €23,000 an urraíocht iomlán don Ghradam in 2018.”

Tá Gaillimh le Gaeilge ag cur sceidil le chéile faoi láthair agus ba bhreá leo casadh le gnónna agus le heagraíochtaí a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a úsáid le gnó dátheangach a chruthú. Is é an Luan, 23 Feabhra 2018 an dáta deiridh le cur isteach ar an nGradam. Breathnóidh Gaillimh le Gaeilge ar fhéidearthachtaí éagsúla ó thaobh úsáid na Gaeilge de i do ghnó nó i d’eagraíocht agus beidh breis agus trí mhí agat le hullmhú sula ndéanfar an mholtóireacht i lár mhí Aibreáin.

Gliogáil anseo chun iontráil a dhéanamh ar líne.

Gliogáil anseo chun íomhánna a fheiceáil den preas ócáid agus breathnaigh ar an bhfíseán thíos:


 

Suíomh nua athdheartha – www.gleg.ie 

Tar éis iniúchadh iomlán a dhéanamh ar an suíomh gréasáin a bhí i bhfeidhm, shocraigh Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge go ndéanfaí  atógáil ar an seansuíomh d’fhonn leas a bhaint as buntáistí suntasacha.

Ag an bpreasócáid, seoladh an athdhearadh ar an suíomh nua gréasáin (www.gleg.ie) forbartha ag Armour.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge buíochas ar leith a ghabháil leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta as maoiniú speisialta a chur ar fáil don dearadh nua – Go raibh míle maith agaibh.

Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Chun cuidiú linn leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre agus chun Gaillimh a chur chun cinn níos éifeachtaí marchathair uathúil, ina bhfuil cultúr uathúil faoi scáth na Gaeilge, táimid ag lorg bhur gCairdeas arís do 2018!

Táimid buíoch de bhur dtacaíocht i rith 2017 agus tá súil againn go mbeidh deis agaibh tacú linn arís do 2018. Is féidir leat íocaíocht a dhéanamh ar líne ANSEO le PayPal. Tá na praghsanna mar an gcéanna le anuraidh.

Is iad seo liosta na Cairde is deireanaí atá cláraithe do 2018! Go raibh míle maith agaibh!

 

DLÚTHCHAIRDE

 

CARA MAITH

Magnet Networks
Murphy’s Bar
Tigh Taaffes

 

CARA

An tAthair Dáithí G. Ó Murchú
Mary Lane Heneghan
McDonagh’s
Ó hÓgartaigh, Proinséas,
Ó Dorchaidhe, Antóin
Seán C. Ó Domhnaill & A Mhic Aturnaetha
Scully Building Contractors
Stafford, Seán
Socos Teo
The King’s Head

 

An Chéad Lón Gnó den Bhliain

Beidh an chéad Lón Gnó de 2017 ar siúl i mBialann Theach na Céibhe, Sráid na Céibhe, Gaillimh, ag 1.00i.n., Déardaoin, 8 Feabhra 2018.

Ná dean dearmad do shuíochán a chur in áirithe ach teagmháil leis an oifig ag (091) 568876 nó cuir r-phost chuig eolas@gleg.ie.

 

 

Bliain na Gaeilge

I rith Bhliain na Gaeilge 2018 déanfar ceiliúradh ar an teanga trí ghníomhú ar chúig théama faoi leith:

Athbheochan na Gaeilge le 125 bliain anuas; Cruthaíocht na Gaeilge; Beocht na Teanga; Rannpháirtíocht an Phobail; agus Luach ár nGaeltachtaí.

Coinnigh súil amach do na himeachtaí atá ar siúl anseo i nGaillimh ag  http://www.peig.ie/2018

Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge

 


Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe