Gnónna na Gaillimhe ag cur Gaillimh Dhátheangach chun cinn go bródúil

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Is fiú €136 milliún in aghaidh na bliana an Ghaeilge do Ghaillimh agus tá gnónna chathair na Gaillimhe ag baint tairbhe as seo trí chur leis an úsáid a bhaineann siad as an nGaeilge mar chuid den ghnó laethúil.

Dúirt Bríd Ní Chonghóile ó Ghaillimh le Gaeilge, an eagraíocht atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge i measc ghnónna chathair na Gaillimhe:

“Ní haon ionadh go bhfuil sé ag éirí níos coitianta do ghnónna agus d’eagraíochtaí áitiúla an Ghaeilge 

aúsáid mar chuid dá ngnó. Is cinnte go bhfuil tuiscint níos fearr amuigh ansin anois ar luach na Gaeilge do Ghaillimh agus ar an tábhacht a bhaineann léi mar chuid dár bhféiniúlacht mar chathair chultúrtha dhátheangach. Tá tábhacht faoi leith leis seo faoi láthair agus muid ag tarraingt ar an mbliain a mbeidh muid mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Sna míonna amach romhainn, beidh muid ag cur lenár n-iarrachtaí agus muid ag iarraidh aird ghnónna agus eagraíochtaí na Gaillimhe a tharraingt ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, gradam gnó dhátheangaigh na Gaillimhe. Beidh muid i mbun na hoibre seo i gcomhar lenár bpríomh-urra, an Galway Advertiser Group agus le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe.”

Tá aitheantas á thabhairt do chur chun cinn na Gaeilge i nGaillimh tríd an nGradam ó 2002 i leith, agus beidh sé 16 bliana ar an bhfód an bhliain seo chugainn. Tugann an Gradam deis uathúil do ghnónna agus  d’eagraíochtaí na Gaillimhe an úsáid a bhaineann siad as an nGaeilge a thaispeáint agus a cheiliúradh.

Dúirt Avril Smith ó Ionad na Faiche Móire, a bhuaigh an Gradam i mbliana:

“Is taithí iontach a bhí ann páirt a ghlacadh sa Ghradam dom féin agus d’Ionad na Faiche Móire. Ní raibh mo chuid Gaeilge féin thar mholadh beirte ach níor bhac ar bith é sin mar gur chuidigh foireann Ghaillimh le Gaeilge linn ó thús deiridh an phróisis dhátheangaigh. Bhí an chomhairle phraiticiúil agus an tseirbhís aistriúcháin a chuir siad ar fáil thar cionn! Thosaigh muid amach le comharthaíocht dhátheangach agus ar aghaidh linn ansin. Thóg sé 4 bliana orainn ach b’fhiú go mór é.”

Cuirfear tús le Gradam 2018 i lár mhí Eanáir na bliana seo chugainn. Más spéis leat an Ghaeilge a úsáid nó páirt a ghlacadh i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge ar 091 568876 nó ag eolas@gleg.ie.