Ainmniúcháin an Ghradaim le fógairt go luath

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá 18 ainmniúchán istigh ar an nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana agus iad ar fad breá sásta an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil ina gcuid gnónna.

Fógrófar na hainmniúcháin sa Galway Advertiser i rith Seachtain na Gaeilge ar an 9 Márta 2017 . I gCathair atá de shíor ag fás agus ag forbairt, is cúis atháis dúinn fáilte speisialta dúinn a chur roimh 14 gnó a chur isteach ar an nGradam don chéad uair i mbliana. Tá cúpla seachtain spreagúil amach romhainn agus muid ag fáil réidh don ócáid bhronnta tráth a fhógrófar buaiteoirí na gcatagóirí mar aon le buaiteoir iomlán an Ghradaim, an cúigiú Treibh déag de Ghaillimh don bhliain amach romhainn!

 Slí an Atlantaigh Fhiáin ag cuidiú go mór le borradh a chur faoi ghnólachtaí na Gaillimhe ag mealladh turasóirí agus cuairteoirí araon chuig an gcathair uathúil seo. Tá úsáid na Gaeilge sna tionscail miondíola, turasóireachta agus seirbhísí i gCathair na Gaillimhe ina dhlúthchuid den eispéireas cultúrtha a fhaigheann  na turasóirí agus na  cuairteoirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin mar go gcloiseann said an teanga agus go bhfeiceann said muintir na Gaillimhe á húsáid mar chuid dá saol laethúil.

I mbliana, tá luach €23,000  de dhuaischiste bainteach le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana, pacáiste duaiseanna den scoth mar aon le poiblíocht fhorleathan sna meáin agus dár ndóigh an teidéal clúiteach mar an cúigiú Treibh déag de Ghaillimh.