Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020 fógartha

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá ríméad ar Ghaillimh le Gaeilge a fhógairt gur éirigh le 11 ainmní bheith roghnaithe do ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020.   Ag cruinniú a reáchtáladh thar Zoom, rinne na Moltóirí neart plé maidir le cé na gnólachtaí le roghnú le dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den Ghradam agus céim amháin eile chun cinn a ghlacadh i dtreo bheith mar Threibh Nua na Gaillimhe. Déantar an Gradam a eagrú ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus TG4, agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe.

Roghnaíodh na gnólachtaí agus na heagraíochtaí seo a leanas do Ghearrliosta Ghradam 2020:

I gCatagóir na Miondíola, arna urrú ag Galway Bay FM, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

Ionad Siopadóireachta na Coiribe, Siopa Leabhar Charlie Byrne

I gCatagóir na Turasóireachta & an Fháilteachais, arna urrú ag Fáilte Ireland, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:  Staid na gCon, Gaillimh, The Galmont Hotel & Spa, The Hardiman Hotel, The Kings Head

I gCatagóir na Seirbhísí, arna urrú ag Video Sherpa, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta: Big O Taxis, Morgan Creative

I gCatagóir na nGnólachtaí Eile, arna urrú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

Bród na Gaillimhe, Ceolfhoireann Thraidisiúnta na Gaillimhe, Eaglais Choláisteach San Nioclás.

Fógrófar na buaiteoirí ag Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, BEO ar Galway Talks le Keith Finnegan, Galway Bay FM ar an 5 agus an 6 Samhain, do lucht éisteachta breis agus 45,000 duine – deis iontach do gach duine atá rannpháirteach a n-iarrachtaí dátheangacha a chur chun cinn, ní neart go cur le chéile.

Agus í ag caint ar ainmnithe na bliana seo don Ghradam, thréaslaigh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, le gach duine acu agus bhí an méid seo a leanas le rá aici:

“Míle buíochas do na heagraíochtaí agus do na gnólachtaí go léir a ghlac páirt sa Ghradam i mbliana.  In ainneoin na ndeacrachtaí a bhí roimh ghnólachtaí agus roimh eagraíochtaí, ba iontach an spreagadh agus an dúthracht a léirigh ainmnithe an Ghradaim sna seachtainí seo a d’imigh tharainn.  Cuireann an obair dhátheangach a dhéanann siad, feiceálacht agus cur chun cinn na Gaeilge go mór lenár rath mar chathair dhátheangach. Comhghairdeas leo agus leis an nGearrliosta ar fad, go n-éirí go geal leo go léir sa chéad chéim eile den phróiseas moltóireachta!”

Agus í ag caint thar ceann na Moltóirí, bhí an méid seo a leanas le rá ag Freda Nic Giolla Chatháin, Saor-aistritheoir agus iar-Phríomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo:

“Tá moladh mór tuillte ag na gnólachtaí go léir a chuir iarratas isteach. Bliain fhíordhúshlánach do gach duine is ea an bhliain seo, ach go háirithe do ghnólachtaí a raibh orthu go leor athruithe a dhéanamh chun na doirse a oscailt an athuair. 

Sa tréimhse fhíoraisteach seo, fad atá aird gach duine ar ghéarchéim shláinte dhomhanda Covid-19, agus an earnáil ghnó faoi bhrú millteanach cloí le treoirlínte, a bhfoireann agus a gcustaiméirí a choinneáil slán, tugann sé ardú croí dúinn nach ndearna gnólachtaí seo na Gaillimhe dearmad, ná nár thug siad neamhaird, ar an tábhacht a bhaineann lenár n-oidhreacht agus lenár dteanga dhúchais, agus tugann sé misneach dúinn don todhchaí.  Tréaslaímid ó chroí le gach duine ar an ngearrliosta as an sár-obair atá ar bun acu chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil i gCathair dhátheangach na Gaillimhe. Go mba fada buan sibh!”

Is iad seo a leanas na baill eile ar an bpainéal moltóireachta: Rónán Ó hÓgartaigh, mac le Seosamh Ó hÓgartaigh, a bhfuil an gradam ainmnithe as, agus Fiona Ní Fhlaithearta, TG4.  Beidh na Moltóirí ag cruinniú le chéile arís thar Zoom Dé Luain, an 19 Deireadh Fómhair agus Dé Máirt, an 20 Deireadh Fómhair chun an 11 ghnólacht ar an ngearrliosta a chur faoi agallamh agus chun buaiteoirí na gcatagóirí agus an buaiteoir foriomlán a roghnú.

Sna seachtainí seo atá romhainn, déanfar físeán gearr de gach gnólacht ar an nGearrliosta chun aird a tharraingt ar a gcuid oibre dátheangaí. Beidh na físeáin arna léiriú ag MOLSCÉAL, TG4 (ag cloí le treoirlínte um shláinte phoiblí).  Tháinig siad ar bord le liosta iontach urraí an Ghradaim den chéad uair in 2019. Beidh na físeáin dhátheangacha ar fáil ar na meáin shóisialta s’acu mar aon le gréasán mheáin shóisialta Ghaillimh le Gaeilge agus Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis na hurraí áitiúla agus náisiúnta go léir as an tacaíocht shárluachmhar atá tugtha acu don Ghradam thar na blianta. Táimid fíorbhuíoch díobh, go háirithe i mbliana, bliain a leanann uirthi ag cur dúshlán romhainn go léir – Go raibh míle maith agaibh:

The Galway Advertiser, TG4, Fáilte Ireland, Galway Bay FM, Video Sherpa, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, MOLSCÉAL, Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe.  Tá luach iomlán breis agus €25,000 ar an bpacáiste urraíochta don Ghradam.