Dialann Ghaillimh le Gaeilge 2021 – Deis Fógraíochta

Share this page |FacebookTwitter

Cé go bhfuil tréimhse dhúshlánach agus éiginnte amach romhainn, tá Gaillimh le Gaeilge ag treabhadh linn agus ag déanamh gach iarracht Dialann 2021 a fhoilsiú agus a sholáthar dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu an bhliain seo chugainn.  Scaiptear an dialann i measc Chairde Ghaillimh le Gaeilge mar aon le Comhairleoirí, Lucht Gnó, Teachtaí Dála agus Seanadóirí an Iarthair agus ionadaithe eile i nGaillimh.


Tá Dialann Ghaillimh le Gaeilge maoinithe ag na fógróirí go léir liostaithe ann agus tá muid fíorbhuíoch leosan agus leo siúd go léir a thugann tacaíocht don Dialann chuile bhliain.
Tá roinnt spásanna fágtha againn agus ba bhreá linn ár gCairde a fheiceáil ann! Déan teagmháil linn ar 091 568876 nó gearoidin@gleg.ie más mian leat spás a chur in áirithe ann.
Beidh lógónna na bhfógróirí ar fad priontáilte ar an gclúdach laistigh.