Líonrú ar Líne

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Bíonn Líonrú ar Líne’ ar siúl againn gach dara Déardaoin ag 11am ar Zoom.  

An chaoi a n-oibreoidh sé: 

  • Beidh an ócáid dhátheangach ar siúl ar an aip fhíseáin comhdhála Zoom.  
  • Féadfaidh tú Zoom a íoslódáil saor in aisce anseo
  • Beidh na huimhreacha teoranta chun éascaíocht a dhéanamh ar an gcomhrá, mar sin, cuir d’áit in áirithe ASAP!
  • Mar a chéile lenár Lónta Gnó, cuirfimid fáilte roimh dhaoine le gach caighdeán Gaeilge ag an ‘Líonrú ar Líne’ agus tabharfaidh sé deis duit do chuid Gaeilge a fheabhsú.

An chéad chéim eile:

  • Déan RSVP chuig eolas@gleg.ie
  • Seolfar ríomhphost chugat ansin ina mbeidh nasc ann chun páirt a ghlacadh sa chomhrá dátheangach.
  • Beidh tú in ann cliceáil ar an nasc chun páirt a ghlacadh sa chomhrá!
  • Cuirfidh Foireann Ghaillimh le Gaeilge fáilte romhat agus cuirfidh siad in aithne don ghrúpa thú(seans go mbeidh aithne agat orthu cheana féin)
  • Beidh ábhar cainte ullmhaithe againn agus roinnt téarmaí a chuideoidh leis an gcomhrá!
  • Ná bíodh drogall ort má tá aon cheist nó má tá aon mholadh agaibh ó thaobh ábhar cainte de. 
  • Seans go mbeidh grúpaí difriúla againn ag brath ar líon na ndaoine a bheas ag glacadh páirte sa chomhrá.

 

RSVP: eolas@gleg.ie / 091 568876. Ag tnúth go mór le sibh a fheiceáil ar líne.