Post Sealadach á fhógairt ag Gaillimh le Gaeilge.

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá Gaillimh le Gaeilge ag lorg iarratais ó dhaoine le spéis faoi leith i gcúrsaí Gaeilge agus gnó mar aon le cúrsaí margaíochta.

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach le foireann bheag fhuinniúil na heagraíochta ag cur na Gaeilge chun cinn i gcathair dhátheangach na Gaillimhe.

Beidh an té a cheapfar ag obair leis an bhfoireann ar na tograí seo a leanas:

  • An tSeirbhís ‘An Ghaeilge sa Ghnó’,
  • Dialann Ghaillimh le Gaeilge 2020,
  • #Fáilte2020,
  • Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020.

Ina theannta sin, beidh an té a cheapfar ag cuidiú leis an bhfoireann reatha chun feachtais phoiblíochta agus le himeachtaí gnó a eagrú.

Ní mór go mbeadh an duine a roghnófar fuinniúil, solúbtha agus ábalta oibriú go maith as a stuaim féin agus le foireann. Beidh buntáiste ag an té a bhfuil eolas maith acu ar shaol gnó na Gaillimhe.

Riachtanais an Phoist

  • Céim/ cáilíochtaí cuí don phost
  • Ardchumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla idir labhairt agus scríobh
  • Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
  • Ardscileanna eagrúcháin agus i riaradh tograí gnó
  • Ardscileanna ríomhaireachta agus tuiscint mhaith ar na meáin shóisialta
  • Eolach ar chúrsaí reatha na Gaeilge

Tá tréimhse 4 mhí i gceist leis an gconradh oibre, ó

9 Meán Fómhair go dtí 20 Nollaig 2019.

Tuarastal: Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí

Seol d’iarratas mar aon le CV roimh 17:00, Dé hAoine, 26 Iúil 2019.

chuig:

Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin,

Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. H91 N92N

 091 568876

Glacfar le hiarratais go leictreonach chuig eolas@gleg.ie

Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh an spriocdháta. Is fostóir comhionannas deiseanna é Gaillimh le Gaeilge.