Slua Breá ag Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Ba i dtimpeallacht ghairdíní áille Óstán an Ardoileáin a eagraíodh Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge ar an Déardaoin, 27 Meitheamh 2019, an lá ba theo den mhí.  Rinne Cairde Ghaillimh le Gaeilge, Stewart Construction agus buaiteoirí iomlána Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019, Sweeney Oil urraíocht ar an bhFulacht Fia. Míle buíochas leo ar fad

Chuir Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge fáilte chroíúil roimh na haíonna ar fad chuig an ócáid, ina measc bhí Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne TD agus Leasmhéara Chathair na Gaillimhe, an Clr. Dónal Lyons. Ghlac sí buíochas leis na heagraíochtaí ar fad a thugann tacaíocht do Ghaillimh le Gaeilge.

Is ón gCrannchur Naisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta, agus Gaeltachta a fhaigheann siad an chuid is mó den tacaíocht. Faigheann siad tacaíocht chomh maith ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge trí Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá an tacaíocht seo riachtanach don eagraíocht lena gcuid seirbhísí agus tacaíochtaí praiticiúla éagsúla a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid ina gcuid gnólachtaí agus ina gcuid eagraíochtaí i gCathair na Gaillimhe.

Ghabh sí buíochas leis na meáin chumarsáide lena dtacaíocht ag coinneáil ‘scéal Ghaillimh le Gaeilge’ i mbéal an phobail.

“Cuirfidh ár bPlean Gaeilge a d’ullmhaigh scoth na saineolaithe sa Phleanáil Teanga in OÉ Gailllimh tús le ré nua don Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe agus do Ghaillimh le Gaeilge.  Mar is eol dúinn ar fad, chun go n-éireoidh le plean ar bith, ní mór na hacmhainní cuí a bheith curtha ar fáil dó” a dúirt sí.

Labhair Leasmhéara Chathair na Gaillimhe an Clr. Dónal Lyons ar na deiseanna atá ann dúinn in 2020 agus Gaillimh ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa.

“Tá bliain iontach amach romhainn.  Táimid an-ríméadach go bhfuil Oireachtas na Gaeilge ag teacht chugainn, a thabharfaidh ardán dár gcultúr Gaelach den scoth.  Tuigim go mbeidh formhór na n-imeachtaí ar siúl i mBóthar na Trá agus go bhfuil Gaillimh le Gaeilge ag obair cheana féin le gnólachtaí i mBóthar na Trá agus le foireann an Oireachtais lena chinntiú go gcuirfear ‘Céad Míle Fáilte’ roimh gach duine a thagann ar cuairt chugainn.”

Labhair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD ag an ócáid. Mhol sé obair Ghaillimh le Gaeilge agus rinne sé comhghairdeas le gnólachtaí na Cathrach as a gcuid iarrachtaí chun an dátheangachas a chur chun cinn sa chathair. Dúirt an tAire Kyne: “Táim ag súil le Plean Gaeilge Chathair na Gaillimhe agus na deiseanna breise a chuirfidh sé ar fáil d’úsáid na Gaeilge i measc mhuintir na Gaillimhe. Tá sé thar a bheith tábhachtach go leanfaidh muid ar aghaidh ag cruthú na ndeiseanna seo, ní hamháin do Ghaeilgeoirí ach dóibh siúd a bhfuil grá acu dár dteanga dhúchais – ó dhaoine nach bhfuil acu ach na cúpla focal go dtí na Gaeilgeoirí líofa – agus ag coinneáil á ngríosadh chun triail a bhaint aisti.”

Chuir an Gypsy Jazz Trio siamsaíocht ar fáil don slua agus iad ag baint sult as an mbia blasta. I measc Stiúrthóirí agus Chairde Ghaillimh le Gaeilge bhí; an Teachta Dála, Catherine Connolly, an Dr Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, Éamonn Ó Bróithe, Oifig an Choimisinéara Teanga, Emma Dillon-Leetch ó The Connacht Hotel, buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018, Comhairleoirí tofa agus nuathofa de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maraon le Declan Varley, Grúpa Eagrathóir, Galway Advertiser agus Bernadette Prendergast, Ceannasaí Nuachta  le Galway Bay FM.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge míle buíochas a ghlacadh le gach duine a bhí i láthair agus buíochas speisialta a ghlacadh le hurraí an Fhulachta Fia. Buíochas le foireann uile Óstán an Ardoileáin agus rinne an tÓstán urraíocht ar ‘Deoch an tSamhraidh’ do na Cairde.

Ná déan dearmad go bhfuil Gaillimh le Gaeilge ar fáil chun aon chúnamh a thabhairt duit an Ghaeilge a shní isteach i do ghnó SAOR IN AISCE. Tuilleadh eolais ach teagmháil a dhéanamh linn ag eolas@gleg.ie nó 091 568876.