Gnó Breise le hÚsáid na Gaeilge sa Samhradh

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Bíonn go leor ag tarlú i gcónaí sa samhradh i gcathair na Gaillimhe agus aimsir na bhféilte faoi lán seoil! Tugaimis rud éigin speisialta don slua mór cuairteoirí a thagann go Gaillimh le go gcuimhneoidh siad ar an bhfáilte mhór chroíúil a cuireadh rompu i nGaillimh.

Tá Gaillimh le Gaeilge ag glaoch ar GHAILLIMH an Ghaeilge a úsáid. Is féidir leat í a úsáid ar Chomharthaí/ ar Bhiachláir/ i Margaíocht/ i bhFoilsiúcháin. Mar sin, má bhíonn tú ag déanamh aon athruithe i do ghnó, déan teagmháil linn le do thoil chun aistriúcháin a fháil agus moltaí ar na bealaí is fearr an Ghaeilge a chur in oiriúint DUITSE agus tá sé SAOR IN AISCE!

Déan teagmháil linn le do thoil ag 091 568876 nó eolas@gleg.ie.

Tá roinnt moltaí le fáil anseo.