TREIBH NUA NA GAILLIMHE LE FÓGAIRT DÉ LUAIN SEO CHUGAINN!

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Fógróidh Príomh-Aoire and Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin. Seán Kyne TD, buaiteoirí catagóirí agus buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019 ag searmanas speisialta bronnta a bheidh ar siúl Dé Luain, an 20 Bealtaine ag 6:30i.n. sa Rockbarton Suite, Óstán Bhóthar na Trá. Oíche den scoth a bheidh ann nuair a bhaileoidh na 13 ghnó/eagraíocht a bhain an Gearrliosta amach le chéile chomh maith lena gcuid cairde, a muintir agus a gcuid comhghleacaithe d’fhógairt Threibh nua Chathair na Gaillimhe.

Tá Gaillimh le Gaeilge ag eagrú Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019 le 17 mbliana anuas i gcomhar leis an Galway Advertiser agus TG4 agus le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tugann an Gradam aitheantas do ghnónna agus d’eagraíochtaí i gcathair na Gaillimhe a úsáideann an Ghaeilge ina gcuid gnó laethúil agus déanann sé ceiliúradh ar an obair sin. Ainmníodh é i gcuimhne ar Sheosamh Ó hÓgartaigh (nach maireann), ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.

Tá réimse leathan gnónna ar Ghearrliosta Ghradam na bliana seo, lena n-áirítear cuid de na tithe tábhairne agus na hóstáin is cáiliúla i nGaillimh agus siopa earraí do charranna. Taispeánfar mar chuid den bhronnadh físeán gairid faoi gach gnó, le béim ar an obair dhátheangach atá déanta acu, a léirigh MOLSCÉAL. Is féidir teacht ar na físeáin ar mheáin shóisialta MOLSCÉAL agus Ghaillimh le Gaeilge. Tá MOLSCÉAL i measc urraitheoirí an Ghradaim den chéad uair i mbliana.

Deir Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge:

“Tá éis cúpla lá fada de chur agus cúiteamh tá críoch curtha ag ár gcuid Moltóirí díograiseacha leis an bpróiseas moltóireachta don bhliain. Tá muid thar a bheith buíoch díobh. Chas muid leis na Moltóirí go gairid tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar an nGearrliosta agus chuir siad in iúl dúinn chomh sásta is a bhí siad leis an bhfáilte mhór a cuireadh rompu i ngach áit a ndeachaigh siad. Chonaic siad lena gcuid súl féin an oiread plé a bhíonn ag cuid de na gnónna agus de na heagraíochtaí leis an nGaeilge sa chathair go nádúrtha, agus an chaoi a n-úsáideann gnónna eile é chun cur lena mbranda go háitiúil agus tuilleadh custaiméirí le Gaeilge a mhealladh.”

Is iad seo a leanas atá ar phainéal moltóireachta na bliana seo: Rónán Ó hÓgartaigh, mac Sheosaimh Uí Ógartaigh (nach maireann) ar ainmníodh an gradam in onóir dó, Deirdre Ní Choistín, Léiritheoir/Eagarthóir MOLSCÉAL agus Freda Nic Giolla Chatháin, Oifigeach Cumarsáide Gaeilge, Gaillimh 2020.

Coinnigh tú féin ar na eolas faoin nuacht agus faoi na forbairtí is deireanaí trí mheáin shóisialta Ghaillimh le Gaeilge a leanúint: Facebook, Twitter agus Instagram.

Seo a leanas liosta na 13 ghnó agus eagraíocht atá ar an ngearrliosta do Ghradam 2019:

Sa chatagóir Miondíola, urraithe ag Galway Bay FM:

Ionad Siopadóireachta na Coiribe, KD Autoparts, Mary’s Fish

Sa chatagóir Fáilteachais & Turasóireachta, urraithe ag Fáilte Éireann:

Óstán Clayton – Gaillimh, Óstán agus Spa an Galmont, The Kings Head, The Skeff Late Night Bar & Kitchen

I gcatagóir na Seirbhísí, urraithe ag Snap Galway: Magnet Networks, Ó Tuairisg Associates Ltd., Sweeney Oil

Sa chatagóir do Chomhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:  Big O Taxis, Galway Volunteer Centre, Westside Community Organic Gardens

Bronnfar pacáiste gnó ar fiú €2,000 é ar bhuaiteoirí na gcatagóirí ó urraitheoirí na gcatagóirí. Gheobhaidh buaiteoirí na gceithre chatagóir macasamhail Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh chomh maith, urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Roghnófar buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ó bhuaiteoirí na gceithre chatagóir agus bronnfar orthu sin Pacáiste Fógraíochta ar fiú €2,000 é ó phríomhurraitheoir meán an Ghradaim, an Galway Advertiser. Gheobhaidh siad chomh maith pacáiste poiblíochta le TG4 agus ballraíocht bhliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le Gaillimh le Gaeilge.

Chomh maith leis sin, gheobhaidh an buaiteoir iomlán dealbh álainn leis an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney, ina léirítear ceithre threibh déag na Gaillimhe os cionn Abhainn na Gaillimhe, le treibh bhreise atá mar shiombail de bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus buaiteoirí na mblianta atá le teacht.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a thapú le míle buíochas a ghabháil leo siúd a ghlac páirt i nGradam na bliana seo. Buíochas chomh maith lenár n-urraitheoirí iontacha as a dtacaíocht agus a dtiomantas leanúnach don Ghradam le linn na mblianta. Murach ainmniúcháin an Ghradaim agus na hurraitheoirí ní bheadh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh chomh rathúil is atá. Go mba fada buan iad.