Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Níall Mc Nelis, chun an Gearrliosta a fhógairt Dé Céadaoin 24 Aibreán

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Déanfaidh Méara Chathair na Gaillimh an Comhairleoir Níall McNelis Gearrliosta Ghardam Sheosaimh Uí Ógartaigh a fhógairt go hoifigiúil ag preasócáid, Dé Céadaoin seo chugainn, 24 Aibreán ag 12 meán lae in oifig Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Bronnfaidh an Méara teastas an Ghradaim ar na gnólachtaí agus ar na heagraíochtaí go léir atá ainmnithe don Ghearrliosta agus beidh siad ar fad ag dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile sa phróiseas moltóireachta den Ghradam.

Tháinig Moltóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019, a roghnaigh Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge, le chéile den chéad uair Déardaoin seo caite i gCumann Tráchtála na Gaillimhe chun an Gearrliosta a roghnú. Gach bliain, cuireann Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge painéal moltóirí neamhspleácha le chéile a bhfuil go leor saineolais acu i réimsí éagsúla chun buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a roghnú. Ar phainéal na bliana seo tá: Rónán Ó hÓgartaigh, mac Sheosaimh Uí Ógartaigh (nach maireann), agus a bhfuil an Gradam seo ainmnithe ina onóir, Deirdre Ní Choistín, Léiritheoir/Eagarthóir MOLSCÉAL agus Freda Nic Giolla Chatháin, Oifigeach Cumarsáide Gaeilge, Gaillimh 2020.

Agus í ag caint faoi ghradam gnó dátheangach na bliana seo, deir Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey:

“Comhghairdeas leis na hainmniúcháin ar fad atá ag glacadh páirt sa Ghradam i mbliana.

Is tionscnamh thar a bheith rathúil é an Gradam chun gnónna agus eagraíochtaí a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid. Is iontach an rud é an éagsúlacht – ó thaobh earnála agus ó thaobh méid de – i measc na ngnónna atá ag glacadh páirt sa Ghradam. Cuireann a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a úsáid agus a dtiomantas don teanga go mór le stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach chultúrtha. Gach rath orthu ar fad.”

Sna seachtainí amach romhainn, tabharfaidh na Moltóirí cuairt ar na hainmniúcháin uilig chun breathnú ar an obair dhátheangach atá déanta acu agus í a mheas. Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge a míle buíochas a ghabháil leis na hurraitheoirí uilig, nach bhféadfaí an Gradam a reáchtáil go rathúil dá n-uireasa.

Is é an Galway Advertiser príomh-urraitheoir na meán agus tá an comhlacht sin ag tacú leis an nGradam ó cuireadh tús leis in 2002. Tháinig TG4 ar bord in 2016, agus tá MOLSCÉAL, láthair ghearr-scannán ar líne de chuid TG4, ag tabhairt urraíochta don Ghradam den chéad uair i mbliana.

Is iad seo a leanas urraitheoirí na gcatagóirí do Ghradam 2019: Galway Bay FM, Fáilte Ireland, Snap Galway agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Beidh Údarás na Gaeltachta ag déanamh urraíochta ar mhacasamhla Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, saindéanta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney.  Cuirfidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe urraíocht ar fáil don bhuaiteoir iomlán chomh maith.

Seo a leanas na hAinmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019. Gach rath leo!

Corrib Shopping Centre

Fiáin

KD Autoparts,

Mary’s Fish

Sa Chatagóir ‘Turasóireacht & Fáilteachas’:

Clayton Hotel Galway

Freshii

The Galmont Hotel & Spa

The King’s Head

The Skeff Late Night Bar & Kitchen

Sa Chatagóir ‘Seirbhísí’:

Magnet Networks

Murphy Catering and Laundry Equipment

Ó Tuairisg Associates Ltd

Polishing Technologies Ireland

Sweeney Oil

Sa Chatagóir ‘Comhlachtaí Eile’:

Big O Taxis

ClearBookings

Galway Volunteer Centre

Westside Community Organic Gardens