Tuairimí an Phobail faoi Phlean Gaeilge do Chathair na Gaillimhe á lorg

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

suirbhé seolta ag OÉ Gaillimh chun tuairimí an phobail a bhailiú faoin bPlean Gaeilge atá beartaithe do Chathair na Gaillimhe 2019-2026. Tá an taighde á dhéanamh ar son Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Ghaillimh le Gaeilge mar chuid d’ullmhú Phlean Gaeilge don chathair.  Beidh an suirbhé ar líne ar oscailt go dtí Dé hAoine, an 12 Aibreán 2019 agus tá sé d’aidhm aige measúnú a dhéanamh ar mhianta agus ar riachtanais an phobail maidir le forbairt na Gaeilge i nGaillimh.  Faoi Acht na Gaeltachta 2012, ainmníodh Gaillimh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus mar thoradh air sin is gá plean a chur le chéile chun cur le húsáid na Gaeilge sa chathair.

 Anuraidh cheap Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge an Dr John Walsh ó Roinn na Gaeilge agus an Dr Dorothy Ní Uigín ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh chun an plean a fhorbairt. Bunaíodh Grúpa Stiúrtha nua, Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh chun tacaíocht, treoir agus maoirseacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar chur i bhfeidhm an phlean teanga. Is grúpa ionadaíoch iad baill an Choiste de na hearnálacha poiblí, príobháideacha, pobail agus deonacha i gcathair na Gaillimhe.

Dúirt an Dr John Walsh ó Roinn na Gaeilge in OÉ Gaillimh agus an Dr Dorothy Ní Uigín ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: “Tá áthas orainn an suirbhé seo ar líne a sheoladh mar chuid dár dtaighde ar thuairimí mhuintir na Gaillimhe i leith na Gaeilge. Chomh maith leis seo, tá agallaimh agus grúpaí fócais á reáchtáil againn le réimse leathan daoine, ina measc cainteoirí Gaeilge agus daoine ar mian leo a bheith níos gníomhaí ó thaobh na Gaeilge.”

Dúirt Brendan McGrath, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: “Tá tiomantas láidir déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le blianta beaga anuas maidir le Gaillimh a fhorbairt mar chathair dhátheangach. Tá an-ríméad orainn a bheith ag obair le OÉ Gaillimh i gcomhar le Gaillimh le Gaeilge agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga na Gaillimhe sa chéim seo de dhul chun cinn an Phlean Gaeilge. Tá áthas ar an gComhairle Cathrach go háirithe a bheith in ann leas a bhaint as an saineolas Gaeilge atá ar fáil dúinn go háitiúil san Ollscoil.” 

Dúirt Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge: “Tá Gaillimh le Gaeilge ag súil go mór le tuairimí mhuintir na Gaillimhe a fháil maidir le Plean Gaeilge na Cathrach (2019-2026).  Beidh an t-eolas seo lárnach chun plean inmharthana agus éifeachtach a fhorbairt dár gCathair.  Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbainfidh siad leas as an deis seo chun a gcuid tuairimí a nochtadh ionas go mbainfidh an plean amach a chuspóirí maidir le húsáid na Gaeilge sa saol laethúil a chur chun cinn, a thacú agus a mhéadú mar aon le stádas na Gaillimhe mar Chathair Dhátheangach a threisiú agus a neartú.”

Tá an tionscadal seo cómhaoinithe ag Foras na Gaeilge tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá sé i gceist go seolfar Plean Gaeilge na cathrach san fhómhar.

Tá an suirbhé ar fáil ag: https://www.surveymonkey.com/r/ptGaillimh2019