Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019 OSCAILTE  d’ainmniúcháin

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tosaíonn an cuardach do Threibh nua na Gaillimhe.

Chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr. Níall McNelis fáilte mhór roimh ‘MOLSCÉAL’ agus é ag fógairt urraí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana seo ag seoladh oifigiúil an Ghradaim in Óstán an Connacht le déanaí.   Is iad TG4 a d’fhorbair MOLSCÉAL agus is í an chéad aip riamh a chuireann ábhar físeáin gearrfhoirme do phobal na Gaeilge agus atá uilig ar fáil in aon áit amháin. Beidh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le feiceáil ar an aip sna míonna amach romhainn.

Ag labhairt dó ag an bpreasócáid, dúirt sé:

“Tá sé iontach urraí nua a fheiceáil ag tacú le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Tugann said fuinneamh nua leo ionas go leanfar leis an bhfás agus leis an bhforbairt. Chomh maith le sin, tá sé fíorthábhachtach go coimeádtar na hurraí reatha. Is é The Galway Advertiser príomhurra an Ghradaim, mar sin, ní cúis iontais é go bhfuil rath mór ar an nGradam agus an nuachtán áitiúil is mó tóir sa tír air ag tabhairt tacaíochta dúinn. Táim sásta freisin go bhfuil TG4 ar ais linn le haghaidh 2019, mar aon le hurraí na catagóirí, agus is iad sin: Galway Bay FM an catagóir miondíola; Fáilte Irelanda chatagóir Fáilteachais & Turasóireachta; Snap Galway an chatagóir seirbhisí; agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh an chatagóir comhlachtaí eile. Tá liosta láidir urraí ag an nGradam le pacáiste gnó ar fiú níos mó ná €23,000 é – comhghairdeas libh.”

D’fhógair an Méara Údarás na Gaeltachta mar urra ar mhacsamhla an Ghradaim a bhronnfar ar bhuaiteoirí na gcatagóirí. Cuirfidh Cumann Trachtála na Gaillimhe urraíocht ar fáil don buaiteoir iomlán freisin.

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh seolta go hoifigiúil anois agus é ag ceiliúradh 17 mbliana ar an bhfód, tá roinnt mhaith gnólachtaí móra aitheanta tar éis páirt a ghlacadh ann síos tríd na blianta. Is féidir le gnólachtaí agus eagraíochtaí atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe agus atá ag úsáid na Gaeilge ina ngnó laethúil, iontráil ar líne anois ar www.gleg.ie saor in aisce. Is féidir leat do ghnó féin nó d’eagraíocht féin a ainmniú nó is féidir leat gnó nó éagraíócht eile atá ag baint úsáid as an nGaeilge sa chathair a ainmniú.

Ghabh Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Gaillimh le Gaeilge, buíochas le hurraí an Ghradaim ar fad agus dúirt sí:

“Is í an teachtaireacht atá againn inniu d’aon gnó nó eagraíocht atá ag smaoineamh cuir isteach ar an nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana – Bliain Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchasacha UNESCO, ná téigh ar aghaidh agus tabhair faoi! Is iad rannpháirtithe an Ghradaim bunús thodhchaí dhátheangach na Gaillimhe agus tá sé seo ríthábhachtach agus muid ag druidim i dtreo ár mbliain mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa. Cinntíonn an obair go léir a dhéanann sibhse go mbeidh taithí chultúrtha thar a bheith uathúil ag cuairteoirí agus na daoine áitiúla ar aon inár gCathair.”

Labhair Declan Varley, Grúpeagarthóir an Galway Advertiser chomh maith agus dúirt go raibh an-áthas orthu a bheith páirteach leis an nGradam.

“Trí spotsholas a scaladh ar dhraíocht na Gaeilge, tá Gaillimh éagsúil de bharr obair Ghaillimh le Gaeilge. Cuireann siad go mór leis an gCathair. Tá meascán mearaí i dtaobh na héagsúlachta le fáil i nGaillimh agus taobh le na dteangacha, na mianta agus na dearcthaí seo, sin an fáth gur áit iontach í.  Tá an Galway Advertiser an-sásta ar leanúint ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta don fheachtas seo chun Gaillimh a choinneáil éagsúil agus úr, níl i mbliana amháin ach don todhchaí freisin.”

Tá Gaillimh le Gaeilge ag cur sceideal le chéile faoi láthair agus ba bhreá leo bualadh le gnólachtaí agus le heagraíochtaí ar spéis leo an Ghaeilge a úsáid le gnó dátheangach a fhorbairt. Is í Dé hAoine, 22 Feabhra 2019 an dáta deiridh d’ainmniúcháin. Déanfaidh Gaillimh le Gaeilge iniúchadh ar na bealaí go leir ar féidir a nGhaeilge a shní isteach i do ghnó nó d’eagraíocht  agus tá 10 seachtainí agat chun ullmhú don mholtóireacht a bheidh ar siúl i lár mhí Aibreáin.

Gliogáil ANSEO chun iontráil ar líne nó déan teagmháil le 091 568876.

Féach cad a bhí le rá ag an Connacht Hotel tar éis Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 a bhaint amach:

 

#GradamGleG