Déanfaidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr. Níall McNelis seoladh oifigiúil ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019 agus fógróidh sé Urraí an Ghradaim don bhliain seo romhainn ag preasócáid sa Connacht Hotel ag 12 meán lae ar an Máirt, 29 Eanáir.

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Is iad Gaillimh le Gaeilge a eagraíonn an Gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó TG4 agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus tá sé oscailte anois d’aimniúcháin go dtí Dé hAoine, 22 Feabhra. Ainmníodh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in onóir an Uasail Seosaimh Uí Ógartaigh (nach maireann), ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.

Beidh 12 seachtain ag gnólachtaí chun ullmhú don Ghradam, neart ama chun an deis a thapú chun gnó breise a mhealladh trí úsáid na Gaeilge. Ón 15 ghnólacht a ghlac páirt sa Ghradam don chéad uair anuraidh, d’éirigh le 11 acu an Gearrliosta a bhaint amach!

Ag labhairt di faoi Ghradam na bliana seo, dúirt Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey; “Tá éirithe go maith le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – Gradam Dátheangach na Gaillimhe – atá ag ceiliúradh 17 mbliana ar an bhfód, tá roinnt mhaith gnólachtaí móra aitheanta tar éis páirt a ghlacadh ann síos tríd na blianta. Is iontach an deis é an Gradam do Ghaillimh le Gaeilge chun ceiliúradh a dhéanamh agus aird a dhíriú ar a bhfuil bainte amach ag gnólachtaí agus ag eagraíochtaí na cathrach, idir bheag agus mhór, atá ag úsáid na Gaeilge ina ngnó ó lá go lá.  Tá muid ag súil go mór leis na míonna gnóthacha atá amach romhainn agus Foireann Ghaillimh le Gaeilge ag cuidiú le gnólachtaí na Gaillimhe ullmhú do mholtóirí an Ghradaim. Tiocfaidh na moltóirí le chéile don chéad uair le moltóireacht a dhéanamh ar na hainmniúcháin ar fad ar an gCéadaoin, 10 Aibreán.”

Tá Gaillimh le Gaeilge ag cur sceideal le chéile faoi láthair agus ba bhreá leo bualadh le gnólachtaí agus le heagraíochtaí ar spéis leo an Ghaeilge a úsáid le gnó dátheangach a fhorbairt. Ní gá Gaeilge líofa a bheith agat le páirt a ghlacadh sa Ghradam mar beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge ann le cuidiú leat ó thús go deireadh an phróisis. Is féidir leat do ghnó féin a ainmniú nó is féidir leat gnó nó eagraíocht eile atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe a ainmniú chomh maith.

Is í Dé hAoine an 22 Feabhra 2019 an dáta deiridh d’ainmniúcháin agus níl aon táille iontrála i gceist leis. Is féidir leat cuir isteach air ANSEO nó cuir glaoch ar 091 568876. Lean Gaillimh le Gaeilge ar Facebook, Twitter agus Instagram chun súil a choinneáil ar nuacht reatha an Ghradaim.