DEIS – Nollaig 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Na Scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge

Plean Teanga Nua do Chathair na Gaillimhe

Tá Plean Teanga Nua a ullmhú do Chathair na Gaillimhe faoi stiúir an Dr John Walsh, Roinn na Gaeilge agus an Dr Dorothy Ní Uigín, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is é cuspóir an phlean ná úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil a chur níos faide chun cinn, a chothú agus a mhéadú chomh maith le stádas na Gaillimhe mar Chathair Dhátheangach na hÉireann a chur i bhfeidhm ar bhealach níos suntasaí.

 

 

 

 

 

 

 

_________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Buíochas le Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Ba mhaith le Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge buíochas a ghabháil le Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe agus  leis an bPríomhfheidhmeannach, Brendan McGrath as  maoiniú de €60,000 a chur ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge do 2019. Táimid thar a bheith sásta leis an ardú de €10,000 – is ardú meanman iontach é don fhoireann agus is dearbhú an t-ardú seo ar fhiúntas agus ar mheas ár gcuid oibre sa chathair.

 

 

________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Bliain na Gaeilge, Gaillimh le Gaeilge agus an ‘PorterShed’

Sheol Ambasadóir Bhliain na Gaeilge, Bláthnaid Ní Chofaigh, ‘Cathair na dTreabh’, suíomh gréasáin atá curtha le chéile ag Daltaí Idirbhliana chun úsáid na Gaeilge sa ghnó a chur chun cinn i gCathair na Gaillimhe. Déanadh an tionscadal seo a fhorbairt i gcomhar leis an PorterShed agus Gaillimh le Gaeilge mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

 

 

 

 

 

 

 

_________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019

Tá bliain nua eile ar na bacáin agus á leanúint sin, tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019! Tá an Gradam á bhronnadh le roinnt mhaith blianta mar aitheantas agus mar cheiliúradh ar an obair dhátheangach go léir sa chathair. Ag cuidiú linn san obair sin, tá  ár gcomhpháirithe díograiseacha, an Galway Advertiser agus TG4 chomh maith le Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Má bhíonn tú ag déanamh aon athruithe i do ghnó, déan teagmháil linn le do thoil chun aistriúcháin agus moltaí a fháil ar na bealaí is fearr an Ghaeilge a chur in oiriúint duitse agus tá sé SAOR IN AISCE.

Seoladh/Launch of Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019:

Dé Máirt, 29 Eanáir 2019 @ 12.00 meánlae

Spriocdháta d’iontrálacha an Ghradaim/Closing Date for Entries:  

Dé hAoine, 22 Feabhra 2019 roimh 5.30i.n.

 

 

 

_______________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Gradaim Náisiúnta na mBailte Fiontraíochta

Ainmníodh Gaillimh mar an Chathair is Fearr in Éirinn sna Gradaim Náisiúnta do Bhailte Fiontraíochta, le Banc na hÉireann. B’údar bróid dúinn páirt a ghlacadh sa togra seo i gcomhar le Lucht Gnó áitiúil na Gaillimhe. Tugadh deis dúinn castáil le painéal moltóirí an ghradaim nuair a thug siad cuairt ar an gCathair agus rinne muid cur i láthair dóibh inár leag muid béim ar luach eacnamíoch na Gaeilge do Ghaillimh, chomh maith leis an mbaint thábhachtach atá ag an nGaeilge le híomhá uathúil na Gaillimhe a neartú mar chathair chultúrtha, dhátheangach.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

_______________________________________________________________________________________________________________________________________________________

CAIRDE 2019

Tá muid ag lorg do Chairdeas arís in 2019 le do thoil. Tá litir curtha sa phost chugat agus bheadh muid fíorbhuíoch duit ach clárú linn roimh Déardaoin 31 Eanáir 2019.  Míle buíochas dóibh siúd go léir atá cláraithe linn le déanaí! Is féidir íocaíocht a dhéanamh ar líne ANSEO trí PayPal.

 

 

 

 

 

 

______________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Beannachtaí don Bhliain Nua

Athbhliain faoi mhaise dár gCustaiméirí go léir

A Healthy & Prosperous New Year to all our Customers

Athbhliain faoi Shéan is faoi Mhaise Duit

Wishing You Peace and Happiness for the New Year

Ba mhaith linn Beannachtaí  na  hAthbhliana  a ghuí ar ár gcuid Custaiméirí go léir

We wish all our customers a Happy New Year

________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Teachtaireacht ó Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge

Ba mhaith le Bord Stiúrtha agus Foireann Ghaillimh le Gaeilge tréaslú leis na heagraíochtaí agus na daoine uile i gCathair na Gaillimhe atá ag déanamh sároibre i gcur chun cinn na Gaeilge agus mar thoradh air sin ag cur Cathair na Gaillimhe chun cinn mar Chathair Dhátheangach. Go raibh Nollaig shona shíochánta agus Bliain Nua mhaith agaibh go léir!

 

 

 

 

 

 

 

________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge

 

 


Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe