DEIS – Samhain 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Na scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge

Gaillimh Lasta Suas le draíocht na Nollag

Cuireadh tús bríomhar le Margadh na Nollag ar an bhFaiche Mhór nuair a lasadh na soilse in áiteanna éagsúla i gceartlár na cathrach, ag cruthú eispéireas uathúil draíochtúil.

D’oibrigh Gaillimh le Gaeilge le lucht gnó na Gaillimhe, agus, le chéile cruthaíodh spás speisialta don Ghaeilge i gceiliúradh na Nollag. Ghlac Hector Ó hEochagáin agus cóir de chuid Ghaelscoil Mhic Amhlaigh agus Ghaelscoil Dara páirt san ócáid, mar aon leis an amhránaí cáiliúil Aimee Banks. Ócáid fíor-speisialta a bhí ann amach is amach!

 

Lasadh suas Gaillimh aréir, an raibh tú i measc an tslua? ??? This Is Galway Galway's Westend Visit Galway City Gaelscoil Mhic Amhlaigh Cois Cladaigh McGinn's Hop House Gaillimh Inniu Gaillimh le Gaeilge Gaelscoil.Dara

Posted by MOLSCÉAL on Saturday, November 17, 2018


An Nollaig Is fearr a bhí agam riamh

Bhuaigh Naoise Geraghty ó Scoil Shéamais Naofa Bearna, ciseán Nollag álainn le meascán de leabhair Ghaeilge agus Bhéarla a bhuíochas le Siopa Leabhar agus Dánlann Uí Chionnaith agus fuair sé dearbhán €300 dá scoil chomh maith mar bhuaiteoir an chomórtais aiste ‘An Nollaig is fearr a bhí agam riamh’.

Is iad Gaillimh le Gaeilge a bhí mar mholtóirí ar an gcomórtas agus bhronn  Bríd Ní Chonghóile, an duais ar Naoise ag seoladh shéasúr na Nollag in Ionad Siopadóireachta na Coiribe le déanaí.  Ghlac Ionad Siopadóireachta na Coiribe agus Siopa Leabhar agus Dánlann Uí Chionnaith araon páirt i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh níos luaithe i mbliana.

 

 

 

 

 

 

 

 

 


Míle Buíochas do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.


Cuireann Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, fáilte roimh an bhfógra a eisíodh go bhfuil maoiniú breise le cur ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge. Buíochas do Chomhairleoirí Cathrach na Gaillimhe agus don Phríomhfheidhmeannach, Brendan McGrath as ucht a dtacaíocht leanúnach dúinn. 

 

 

 


Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018

Tá bliain nua eile ar na bacáin agus á leanúint sin, tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019! Tá an Gradam á bhronnadh le roinnt mhaith blianta mar aitheantas agus mar cheiliúradh ar an obair dhátheangach go léir sa chathair. Ag cuidiú linn san obair sin, tá  ár gcomhpháirithe díograiseacha, an Galway Advertiser agus TG4 chomh maith le Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Mar is eol daoibh, tá muid  ar fáil chun bualadh le gnóthaí agus le heagraíochtaí ar spéis leo an Ghaeilge a úsáid le gnó dátheangach a fhorbairt. Mar sin, má bhíonn tú ag déanamh aon athruithe i do ghnó, déan teagmháil linn le do thoil chun aistriúcháin a fháil agus moltaí ar na bealaí is fearr an Ghaeilge a chur in oiriúint duitse agus tá sé SAOR IN AISCE.

  • Seoladh/Launch of Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019:

Dé Máirt, 29 Eanáir 2019 @ 12.00 meánlae

  •  Spriocdháta d’iontrálacha an Ghradaim:

Dé hAoine, 22 Feabhra 2019 roimh 5.30i.n.

Déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge ar 091 568876 nó  eolas@gleg.ie. Tabhair cuairt ar www.gleg.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

 


An Ghaeilge don Nollaig

Ná déan dearmad beannachtaí Nollag i nGaeilge nó dátheangacha a úsáid ar bhróisiúir, ar bhiachláir, i ríomhphoist agus i maisiúcháin don Nollaig.  Níl aon ghá go mbeadh Gaeilge líofa/scríofa agat chun an Ghaeilge a úsáid i do ghnó, tá Gaillimh le Gaeilge anseo chun cabhrú leat!

Nollaig agus Athbhliain faoi Shéan is faoi Mhaise Duit

Wishing You Peace and Happiness for Christmas and the New Year

 Ba mhaith le (company name)  Nollaig Shona agus  Beannachtaí na  hAthbhliana a ghuí ar ár gcustaiméirí uile

We wish all Our Customers a Merry Christmas and a Happy New Year

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár gcustaiméirí uile

Happy Christmas & a Healthy & Prosperous New Year to all our  Customers

Beannachtaí na Nollag ort

Christmas Greetings

Nollaig faoi Shéan is faoi mhaise

A Prosperous and Happy Christmas  

Tá tuilleadh frásaí ar fáil ANSEO. Seol chugainn teachtaireachtaí atá agaibh chuig eolas@gleg.ie agus tabharfaidh muid an leagan Gaeilge daoibh agus fáilte.


Lón Gnó Mhí na Samhna

Beidh lón gnó mhí na Samhna ar siúl i The Kings Head Bistro, 

An tSráid Ard, Gaillimh, Dé Máirt, 27 Samhain 2018 ó 1.00i.n.-2.00i.n.

Is ócáid neamhfhoirmeálta í seo agus tá míle fáilte roimh dhaoine le gach caighdeán Gaeilge. Tabharfaidh sé deis iontach duit do chuid Gaeilge a fheabhsú in atmaisféar cairdiúil agus neamhfhoirmeálta.

 

 

 

 

 

 


Dáta don Dialann:

Bígí linn do Lón na Nollag:

Déardaoin 13 Nollaig 2018 @ 12.30i.n. – 2.00i.n. i mBialann HYDE, Forster Court Hotel, Sráid Forster, Gaillimh.

*Tabhair faoi deara go mbeidh fáiltiú beag againn ag 12.30i.n. ar an lá.

 

 

 

 

 

 


Cairde Ghaillmh le Gaeilge 2019

Tá muid ag lorg do Chairdeas arís in 2019 le do thoil Tá litir curtha sa phost chugat agus bheadh muid fíorbhuíoch duit ach clárú linn roimh Déardaoin 31 Eanáir 2019. Ná déan dearmad le bhur dtoil an píosa faoi GDPR a líonadh suas chomh maith. Is féidir clárú linn ar líne ANSEO.

 

 

 

 

 

 


Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge

 

 


Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe