An Ghaeilge i rith an tSamhraidh

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Is féidir leis an samhradh a bheith an-ghnóthach i gcúrsaí gnó le laethanta fada gréine ag tabhairt deiseanna go leor chun athchóiriú, deisiú agus athruithe a dhéanamh.  Ina theannta sin, cuireann an samhradh éagsúlacht de tháirgí nua ar fáil a bhféadfadh biachlár nua a bheith mar thoradh orthu!

Mar sin, más ag athrú do bhiachlár atá tú, ag dearadh aghaidh an tsiopa, nó ag cur táirge nua ar an margadh, déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge maidir leis na féidearthachtaí atá ann chun an Ghaeilge a shní isteach i do ghnó.  Cuirfimid seirbhís aistriúcháin SAOR IN AISCE ar fáil duit agus déanfaimid poiblíocht ar do chuid iarrachtaí. Déan teagmháil linn inniu ar 091 568876 nó eolas@gleg.ie.