The Connacht Hotel, fógartha mar Threibh Nua na Gaillimhe ag Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Bhí ceann de na hóstáin is mó in Iarthar na hÉireann – The Connacht Hotel– ainmnithe mar ‘Threibh Nua na Gaillimhe’ don bhliain 2018.

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, Seán Kyne, TD, gurb é an t-óstán a bhuaigh príomhghradam an dátheangachais do ghnólachtaí na Gaillimhe – Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – ag searmanas speisialta an Ghradaim in Óstán Bhóthar na Trá tráthnóna Déardaoin, an 24 Bealtaine 2018. Tugtar aitheantas chuile bhliain ag an ócáid seo d’iarrachtaí lucht gnó na cathrach an Ghaeilge a chur chun cinn i nGaillimh – Cathair Dhátheangach na hÉireann agus atá le bheith ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020.

Is é An Connacht Hotel a bhuaigh an Catagóir ‘Fáilteachais & Turasóireachta’, faoi urraíocht ‘Fáilte Ireland’, agus thug siad leo an Gradam mór níos deireanaí an oíche sin. Chuir an Connacht Hotel isteach ar an nGradam den chéad uair sa bhliain 2016 agus bhain siad amach an duais chatagóire an  bhliain sin agus arís anuraidh. Tá an Ghaeilge le feiceáil go soiléir ar a gcuid comharthaíochta, ar bhiachláir, ar ábhar margaíochta agus tá eolas d’aíonna ar fáil go dátheangach.  Tá roinnt mhaith ball foirne acu atá in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil freisin. Is gné thábhachtach dá straitéis do mhargaíocht dhigiteach í an Ghaeilge anois le bliain anuas agus tá siad ag úsáid na haischlibe #AgFanachtsaConnacht. Tá an Ghaeilge á húsáid i gcuid dá bhfíseáin bolscaireachta agus ar na meáin shóisialta. Chomh maith leis sin, tá siad imithe go mór i bhfeidhm ar ghnónna eile sa Connacht Hospitality Group.

Is iad na buaiteoirí eile ar an oíche ná:

  • Sa Chatagóir ‘Miondíola’, urraithe ag Galway Bay FM, is iad Siopa Leabhar agus Dánlann Uí Chionnaith Teo. a thug leo an duais.
  • Sa Chatagóir ‘Seirbhísí’, urraithe ag Snap Galway, is iad Sweeney Oil a thug leo an duais.
  • Sa Chatagóir ‘Comhlachtaí Eile’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is iad iSupply a chroch leo an duais.

Ag labhairt thar ceann na moltóirí, dúirt Freda Nic Giolla Chatháin, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo:

“Chuaigh gach uile ghnólacht ar an ngearrliosta i bhfeidhm go mór orainn – tá obair iontach ar siúl acu go léir chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina ngnó. Bhí sé le brath go mór go raibh bród ar na gnólachtaí as an nGaeilge agus as an stádas oifigiúil atá ag cathair na Gaillimhe mar chathair dhátheangach, agus go bhfuil an teanga i gcroílár  na bpleananna atá acu agus iad ag ullmhú do Gaillimh 2020.  Is léir go n-aithníonn siad an luach a bhaineann le húsáid ár dteanga dhúchais mar uirlis mhargaíochta, agus go bhfeiceann siad na buntáistí a bhaineann le hinfheictheacht na Gaeilge ar chomharthaí nó ar ábhair ghnó mar aon le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.”

Ag labhairt ag an mbronnadh dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, Seán Kyne TD:

“Tréaslaím go speisialta leis na gnólachtaí agus leis na heagraíochtaí fuinniúla atá anseo tráthnóna a bhain an gearrliosta amach. Tá dearcadh agus iompar dearfach agaibh i leith úsáid na Gaeilge agus is iontach a fheiceáil an chaoi a bhfuil sí fite fuaite go bródúil agus gan stró in bhur ngníomhaíochtaí ó lá go lá. Molaim sibh as an gcur chuige seo.”

Mhol Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery an Gearrliosta ar fad:

“Feictear domsa go bhfuil sibh féin, bhur ngnónna agus bhur n-eagraíochtaí  tar éis an t-uafás oibre agus ama a chur isteach sa Ghradam. Cuidíonn sé seo tuilleadh leis an nGaeilge a chothú agus a chur chun cinn le go leanfaidh sí, ní hamháin ag cur le luach bhur gcuid gnólachtaí agus eagraíochtaí féin, ach freisin ag cur lenár gcáil mar chathair chultúrtha dhátheangach.”

Labhair Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, David Hickey agus dúirt sé:

“Níl sé éasca a bheith tiomanta le níos mó Gaeilge a úsáid agus a chur chun cinn i do ghnó. Tá an t-ádh orainn go bhfuil seirbhísí Ghaillimh le Gaeilge ar fáil chun cuidiú linn san obair seo.  Ag cur ina luí orainn gurb iad na céimeanna beaga a chomhaireann. Ní gá go mbeadh muid líofa ar an bpointe boise. Baineann sé seo den chuid is mó le bheith ag cur na Gaeilge chun cinn de shíor i do ghnó, ar chomharthaí, ar bhiachláir, ar na láithreáin ghréasáin agus ar na meáin shóisialta.”

Labhair Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge Bernadette Mullarkey ag an ócáid chomh agus dúirt:

“Déanaim comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir agus tréaslaím libh as bhur gcuid oibre ar fad ag cothú stádas dátheangach uathúil na cathrach. Tá fás agus forbairt tagtha ar an nGradam i gcaitheamh na mblianta agus tá sé anois ar cheann de na tograí is tábhachtaí atá ag Gaillimh le Gaeilge i dtaca leis an nGaeilge a chur chun cinn i gcathair na Gaillimhe. Is iontach an rud é go raibh tionchar chomh fairsing agus dearfach sin ag an nGaeilge ar ár stádas mar chathair dhátheangach, a bhuíochas leis na gnónna a ghlacann páirt ann.”

Bhí caighdeán na n-iontrálacha sa Ghradam i mbliana an-ard.  Léiriú air seo is ea Bronnadh Speisialta na Moltóirí – tugtar aitheantas anseo do ghnólacht a chuir isteach ar an nGradam den chéad uair agus a bhain caighdeán an-ard amach ar cheart aitheantas a thabhairt dó. I mbliana, roghnaigh na Moltóirí dhá ghnó don Bhronnadh seo. Judy Greene Pottery a rinne urraíocht ar an duais seo, agus is ar an Corrib Shopping Centre agus Big O Taxis a bronnadh é.

Ina theannta sin, bhronn na Moltóirí Scoláireacht Ollscoile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar ghnó atá ag déanamh iarracht faoi leith chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt ina ngnó. Bronnadh an scoláireacht seo ar Colm’s Life Pharmacy.  Is cúrsa sealbhaithe teanga, An Dioplóma sa Ghaeilge, cáilíocht Ollscoile agus cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain, atá sa tairiscint seo.

Fuair buaiteoirí na gCatagóirí pacáiste gnó ar fiú €2,000 é ón urraitheoir a bhain leis an gcatagóir a raibh siad ann.  Tugadh macasamhail Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh dóibh freisin, urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Chuir Príomhurraitheoir an Ghradaim, an Galway Advertiser pacáiste fógraíochta ar fiú €2,000 é ar fáil don Connacht Hotel. Fuair siad pacáiste fógraíochta le TG4, pacáiste margaíochta digiteach, faoi urraíocht Lorg Media agus ballraíocht bhliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le Gaillimh le Gaeilge. Chomh maith le sin, fuair siad píosa álainn dealbhóireachta leis an ealaíontóir clúiteach Pádraic Reaney, le 14 Threibh na Gaillimhe léirithe ann, mar aon le ‘Treibh nua na linne seo’ mar shiombail de bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus de na buaiteoirí eile a bheidh ann amach seo.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge buíochas a ghabháil leis na hainmnithe ar fad a ghlac páirt i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana agus comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí ar fad!    Tá ár mbuíochas tuillte chomh maith ag na moltóirí as ucht a gcuid ama don mholtóireacht. Is iad sin: Aelmuire Ní Ógartaigh, Freda Nic Giolla Chatháin, Gnó Mhaigh Eo, Judy Ní Dhubháin, Údarás na Gaeltachta and Irial Ó Ceallaigh, TG4. Ár mbuíochas chomh maith leis na hurraí ar fad a lean lena dtacaíocht don Ghradam.  Táimid fíor-bhuíoch díobh.