DEIS Feabhra 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Na Scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 

Fógrófar ainmniúcháin an Ghradaim sa Galway Advertiser i rith ‘Seachtain na Gaeilge’ ar an 8 Márta 2018. I mbliana an chéad uair ag 15 gnólacht as an 22 atá ainmnithe páirt a ghlacadh sa Ghradam.

Tá os cionn dhá mhí ag na hainmniúcháin don ullmhúchán sula ndéanfar an mholtóireacht i lár mhí an Aibreáin, mar sin, tá am fíorghnóthach ach spreagúil amach romhainn go léir!

I mbliana, tá duaischiste de os cionn €23,000 i nduaiseanna agus i mbuntáistí curtha ar fáil go fial flaithiúil do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag gnónna agus ag eagraíochtaí atá seanbhunaithe agus aitheanta mar aon le poiblíocht shuntasach agus ar ndóigh an teideal clúiteach mar an 15 Treabh de Ghaillimh.

Fógróidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, an Gearrliosta ar an 24 Aibreán in Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 

 

Moltóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 fógartha

Tá painéal láidir neamhspleách roghnaithe do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh arís i mbliana agus tá  an-áthas ar Ghaillimh le Gaeilge a fhógairt gurb iad sin;   Aelmuire Mullaney (Ní Ógartaigh) iníon le Seosamh Ó hÓgartaigh, Freda Nic Giolla Chatháin. Príomhfheidhmeanach Ghnó Mhaigh Eo, agus Sonya Nic Lochlainn,  Bainisteoir Seirbhísí Corparáideacha, Údarás na Gaeltachta, moltóirí na bliana seo.

Tiocfaidh moltóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le chéile chun an Gearrliosta a roghnú i lár mhí an Aibreáin.

#GRMAGaillimh

Is gearr uainn Seachtain na Gaeilge 2018!  Tapaigh an deis agus bain úsáid as an nGaeilge agus tú ag plé le custaiméirí. Féach ar an bhfíseán seo chun trí fhrása shimplí  a chloisteáil  in úsáid.Tuilleadh eolais ag:https://gleg.ie/grmagaillimh/ 

Tá an scéim #GRMAGaillimh reáchtáilte ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhair le Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Cumann Gnó Chathair na Gaillimhe agus Latin Quarter.  Tá sé d’aidhm ag an scéim baill de lucht gnó na Gaillimhe atá ar bheagán Gaeilge a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid go laethúil ina gcuid gnólachtaí.

Lón Gnó i rith ‘Seachtain na Gaeilge’

Beidh muid ag ceiliúradh ‘Seachtain na Gaeilge 2018’ le Lón Gnó ag 1.00i.n., Dé Céadaoin, 7 Márta 2018, i mBialann  56 Central, 5/6 Sráid na Siopaí, Gaillimh.

Ná dean dearmad do shuíochán a chur in áirithe ach teagmháil leis an oifig ag (091) 568876 nó cuir r-phost chuig eolas@gleg.ie.

Bí ag faire amach d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge na bliana seo ar http://snag.ie/

Clár Raidió Dátheangach— Tabhair Cluas éisteachta dó!

Tá clár nua dátheangach ar Galway Bay FM – Bricfeasta an tSathairn le Séamus Ó Fátharta  ón 6-8r.n gach Satharn. Cuir tús le do dheireadh seachtaine le meascán de cheol, nuacht áitiúil, imeachtaí agus spraoi.

 

 

 

 

Gaeilge do Lá na Máithreacha agus Lá Fhéile Pádraig

Mar is eol do chách, beidh Lá na Máithreacha agus Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh againn go luath agus mar sin bheartaigh muid cúpla frása a chur ar fáil díobh le húsáid ar chártaí, ar theachtaireachtaí, ar bhiachláir nó ar phóstaeir! Ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn chun aistriúchán a fháil d’aon téarmaí eile ar 091 568876 nó eolas@gleg.ie.

Lá na Máithreacha

Lá Fhéile Pádraig.

‘Céad Míle Fáilte’ Chroíúil ó Iarthar na hÉireann le Galway Food Tours

Chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh, tá áthas ar Galway Food Tours a fhógairt go mbeidh turas bia le Gaeilge á óstáil acu.

Is turas siúil ag a mblaisfear togha agus rogha de bhia na cathrach é Galway Food Tours a mhaireann dhá uair an chloig.  Tugtar léargas den scoth duit ar ár ndaoine paiseanta agus ár dtáirgí áille agus i dteannta a chéile, déanann siad Gaillimh ar cheann de na háiteanna is luachmhaire maidir le bia beadaí na hÉireann.

Bígí leo Dé Máirt, 13 Márta ar thuras siúil ag blaiseadh togha agus rogha de bhia na cathrach.

Tá costas €35 an duine ar thicéad agus is féidir é a íoc ar an lá.

Ní mór d’áit a chur in áirithe roimhré trí theagmháil a dhéanamh le Sheena 0867332885

 

Cairde Ghaillimh le Gaeilge 

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghlacadh leo siúd atá cláraithe cheana féin linn mar Chairde Ghaillimh le Gaeilge do 2018 mar is sibhse a choinníonn Gaillimh le Gaeilge i mbarr uisce le bhur dtacaíocht leanúnach. Meabhraíonn muid dóibh siúd nach bhfuil ar bord linn go fóill, clárú linn go luath le bhur dtoil. Is féidir leat íocaíocht a dhéanamh ar líne ag ANSEO le PayPal.

Seo a leanas na Cairde is déanaí atá againn.

CARA MAITH

Bácús Uí Ghríofa/ Griffin’s Bakery

Gaillimh Aontaithe 

Galway Bay FM

Óstán Menlo Park

Ollmhargaí na Seoighe

CARA

Bradán Consulting

Dúchas na Gaillimhe

EmployAbility Galway

Pobal Simon na Gaillimhe

Misneach- School of Reflexology

 

 

Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge

 


Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe