Is í an Aoine beag seo, 23 Feabhra, an spriocdháta d’ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá spriocdháta d’iontrálacha do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 ag teannadh linn!

Tapaigh an deis chun an leas is fearr a bhaint as na buntáistí éagsúla mar aon leis na deiseanna móra a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge i gCathair Dhátheangach na hÉireann. 

 Is í an Aoine beag seo, 23 Feabhra, an spriocdháta d’ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe. Is féidir leat gnó nó eagraíocht a ainmniú don Ghradam chomh maith agus ní gá Gaeilge líofa a bheith agat le páirt a ghlacadh sa Ghradam mar beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge ann le cuidiú leat ó thús go deireadh an phróisis. Gliogáil ANSEO chun iontráil a dhéanamh ar líne saor in aisce.

Ainmníodh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in onóir an Uasail Seosaimh Uí Ógartaigh (nach maireann), ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge. Is iad Gaillimh le Gaeilge a eagraíonn an Gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe.

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, sé bliana déag ar an bhfód i mbliana.  Tugann sé seo aitheantas agus údar ceiliúrtha do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí i gcathair na Gaillimhe as an nGaeilge a úsáid ina ngnó ar bhonn laethúil.

Tá Foireann Ghaillimh le Gaeilge an-ghnóthach ag cur sceideal an Ghradaim le chéile faoi láthair.

Ag labhairt dí ar phróiseas an Ghradaim, deir Bríd Ní Chonghóile ó Ghaillimh le Gaeilge:

“Táimid ag tnúth go mór casadh le gnónna agus le heagraíochtaí a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a úsáid le gnó dátheangach a fhorbairt. Tá os cionn dhá mhí againn don ullmhúchán sula ndéanfar an mholtóireacht i lár mhí an Aibreáin, mar sin, tá am fíorghnóthach ach spreagúil amach romhainn go léir – táimid ag tnúth go mór leis!”

Labhair Avril Smith, Bainisteoir Ionad na Faiche Móire, buaiteoirí Ghradam 2017, ag preasócáid le déanaí inár sheol Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery  Gradam 2018.

 Ag an ócáid, mhol sí do ghnólachtaí/d’eagraíochtaí cur isteach air:

“Is cinnte gur chuidigh an Gradam linn cur go mór le próifíl Ionad na Faiche Móire, fuair muid go leor leor poiblíochta go háitiúil agus go náisiúnta.  Tá sé ar cheann de na rudaí is fearr dá ndearnamar riamh páirt a ghlacadh sa Ghradam.”

Is fiú breis agus €23,000 an urraíocht iomlán don Ghradam i mbliana.

Is é an Galway Advertiser, an páipéar is mó a léitear agus is mó a bhfuil tóir air i nGaillimh, príomhurra an Ghradaim arís i mbliana ó thaobh na meáin de. Tá athnuachan ar a n-urraíocht don bhuaiteoir iomlán déanta ag TG4, an stáisiúin teilifíse a thugann ‘Súil Eile’ ar an saol agus atá lonnaithe i gceartlár na Gaeltachta.  Tá Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe chomh maith ag déanamh urraíochta ar an mbuaiteoir iomlán.

Tá ceithre chatagóir i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh: Miondíol, Turasóireacht agus Fáilteachas, Seirbhísí agus Comhlachtaí Eile. Roghnófar buaiteoir i ngach catagóir agus roghnófar buaiteoir iomlán an Ghradaim as buaiteoirí na gceithre chatagóir.

Is iad urraí na gcatagóirí ná: Galway Bay FM, Fáilte Ireland, Snap Galway agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá urra nua ag an nGradam i mbliana, is iad sin, an Ghníomhaireacht Meán Sóisialta, Lorg Media, a bhfuil gradaim go leor bainte amach acu.

Fógróidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, an Gearrliosta ar an 24 Aibreán in Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Déanfar buaiteoirí na gCatagóirí mar aon le Buaiteoir Iomlán an Ghradaim a fhógairt ag searmanas speisialta i mí na Bealtaine.

Gliogáil ANSEO chun iontráil a dhéanamh ar líne nó glaoigh ar 091 568876.