DEIS – Lúil 2017

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Na scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge:

An Ghaeilge in Airde

Bíonn go leor ag tarlú i gcónaí sa samhradh i gcathair na Gaillimhe agus aimsir na bhféilte faoi lán seoil! Tugaimis rud éigin speisialta don slua mór cuairteoirí a thagann go Gaillimh le go gcuimhneoidh siad ar an bhfáilte mhór chroíúil a cuireadh rompu i nGaillimh.

Mar sin, má bhíonn tú ag déanamh aon athruithe i do ghnó, déan teagmháil linn le do thoil chun aistriúcháin a fháil agus moltaí ar na bealaí is fearr an Ghaeilge a chur in oiriúint DUITSE agus tá sé SAOR IN AISCE. Gné speisialta agus uathúil í úsáid na Gaeilge i nGaillimh  Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

RÁSAÍ NA GAILLIMHE
Agus ceann de na féilte rásaíochta is mó sa domhain faoi lán seoil, nach iontach an deis í leis an nGaeilge a shní isteach ar chomharthaíocht, i margaíocht, ar fhógraíocht agus ar bhiachláir a bheas á bhforbairt do Rásaí na Gaillimhe.

GAILLIMH ABÚ!

Tacaigh le Foireann Iománaíochta na Gaillimhe trí ‘Gaillimh Abú!’ a chur in airde!

     

     


Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Is sibhse, lucht gnó na Gaillimhe, croílár obair Ghaillimh le Gaeilge agus gan bhur dtacaíocht ní bheadh muid in ann ár gcuid oibre a chomhlíonadh.that we do. 

I mbliana, ar mhaithe le cúrsaí riaracháin, tá sé beartaithe ag Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge an Scéim Cairde a athrú go dtí bliain féilire. Ó mhí Eanáir 2018, gheobhaidh na Cairde go léir sonrasc don bhliain iomlán – Eanáir go Nollaig 2018.

Na Cairde is deireanaí atá cláraithe do 2017!

Go raibh míle maith agaibh

CARA MAITH

Byrne Carolan Cunningham

COPE Galway

Gaillimh Aontaithe

Radisson Blu Hotel & Spa

CARA

AIB Bóthar na Trá

Conradh na Gaeilge

Connemara Marble Industries

Eilís Bn Uí Annáin

Galway Bay Gifts

Martec

Treasure Chest


Cruthaigh gnó breise le húsáid na Gaeilge

Tá Gaillimh le Gaeilge i gcónaí ag lorg ionaid nua chun óstáil a dhéanamh ar na ‘Lónta Gnó’ a eagraíonn muid gach mí. Táimid sa tóir ar bhialanna agus ar óstáin i gcathair na Gaillimhe a bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu go rialta nó go mbeadh spéis acu Gaeilge a úsáid ar na biachláir.

Táimid lánsásta comhairle a thabhairt do bhialanna ar leagan amach an bhiachláir agus ar an méid Gaeilge a bheadh oiriúnach sa bhiachlár. Cuirimid seirbhís aistriúcháin ar fáil SAOR IN AISCE chomh maith.

Tá liosta de bhiachláir dhátheangacha le fáil ar anseo. Más mian leatsa an Ghaeilge a úsáid ar do bhiachlár, déan teagmháil linn ar 091 568876 nó seol r-phost chuig eolas@gleg.ie.


Scoláireacht Margaíochta

ar chuid de chomhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe, tá Scoláireacht i Margaíocht, a udaras-editmhaireann suas le dhá bhliain á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta d’iarratasóirí Gaeltachta a bhfuil líofacht sa nGaeilge acu.

Duine cumasach le cáilíocht 3ú leibhéal ábhartha agus spéis i gcur chun cinn agus i bhforbairt na Gaeltachta agus gnó sa nGaeltacht atá á lorg. Ní mór d’iarrthóirí ardchaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge a bheith acu chomh maith le scileanna ríomhaireachta, riaracháin agus eagrúcháin.

Íocfar liúntas €23,000 – €25,000 sa bhliain mar aon le costais leis an té a cheapfar. Seoltar iarratas mar aon le Curriculum Vitae, roimh 5.i.n. ar an Aoine 18ú Lúnasa 2017 chuig: An Rannóg Acmhainní Daonna, Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe. Teil: 091 503100 Ríomhphost: o.nicanri@udaras.ie


Is scéim phíolótach í #GRMAGaillimh chun lucht gnó na Gaillimhe a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid go laethúil ina gcuid gnólachtaí.

Seo do sheans an samhradh seo chun ár gcathair dhátheangach álainn a chur chun cinn le trí fhrása shimplí agus tú ag plé le custaiméirí …‘go raibh míle maith agat’, ‘lá maith agat’ agus ‘slán’.

Is deis iontach í seo chun fáilte chroíúil na Gaillimhe a thabhairt do chuairteoirí!


Urra an Fhulacht Fia 2017


 Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge 2017

Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe.