Ainmniúcháin fógartha do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

An líon is airde riamh d’iontrálaithe úra

Tá ríméad ar Ghaillimh le Gaeilge, i gcomhar leis an Galway Advertiser, a fhógairt go bhfuil 18 ngnó agus n-eagraíocht tar éis cur isteach ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017. Fógrófar Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017 a fhógairt ag preasócáid in Ionad na Faiche Móire ar an 11 Aibreán. Reáchtálfar Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mí na Bealtaine, searmanas speisialta bronnta agus áit a bhfógrófar buaiteoirí na gcatagóirí agus an buaiteoir iomlán a mbronnfar pacáiste gnó ar fiú €23,000 é air. Beidh an ócáid mar bhuaicphointe ar cheiliúradh Ghaillimh le Gaeilge ar 30 bliain i mbun gnó.

Agus í ag caint ar líon na n-iontrálaithe nua, a bhí níos airde ná riamh i mbliana, dúirt Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge, “Cuireann muid fáilte mhór roimh na hainmniúcháin seo uilig, atá bródúil as an úsáid a bhaineann siad as an nGaeilge ar bhonn laethúil mar chuid dá ngnó agus ba mhaith linn fáilte faoi leith a chur roimh na 14 ghnó atá tar éis cur 

isteach ar an nGradam den chéad uair riamh i mbliana. Seo an líon is airde iontrálaithe úra a bhí againn riamh agus léiríonn sé go bhfuil méadú ag teacht ar an spéis atá ag daoine sa Ghaeilge agus an tiomantas atá ann ina leith mar chuid de chultúr beo s’againn anseo ó ainmníodh Gaillimh mar Phríomhchathair Chultúir na hÉireann 2020.

Lean sí ar aghaidh agus dúirt “Tá Slí an Atlantaigh Fhiáin ag cuidiú go mór le borradh a chur faoi ghnólachtaí na Gaillimhe ag mealladh turasóirí agus cuairteoirí araon chuig an gcathair uathúil seo. Tá úsáid na Gaeilge sna tionscail miondíola, turasóireachta agus seirbhísí i gCathair na Gaillimhe ina dhlúthchuid den eispéireas cultúrtha a fhaigheann  na turasóirí agus na  cuairteoirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin mar go gcloiseann said an teanga agus go bhfeiceann said muintir na Gaillimhe á húsáid mar chuid dá saol laethúil.”

Tá painéal láidir neamhspleách ag déanamh moltóireachta ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh arís i mbliana agus tá an-áthas ar Ghaillimh le Gaeilge a fhógairt gurb iad sin; An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Déan Scoil Ghnó an Choláiste, Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Clíona Ní Mhurchú, Bainisteoir Réigiúnach, Top Oil, (Buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2016) Tony Barrett, Stiúrthóir WESTBIC, agus Sonya Nic Lochlainn,  Bainisteoir Seirbhísí Corparáideacha, Údarás na Gaeltachta, moltóirí na bliana seo. Tiocfaidh moltóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le chéile chun an Gearrliosta a roghnú ag tús mhí an Aibreáin.

Is é an Galway Advertiser príomhurra an Ghradaim arís i mbliana; agus go deimhin thacaigh an comhlacht sin go fonnmhar leis an nGradam ó cuireadh tús leis in 2002. Tháinig TG4 ar bord mar urra anuraidh agus tá an dá eagraíocht de chuid na meán cumarsáide ag tairiscint pacáiste fógraíochta don bhuaiteoir. Seo a leanas urraí na gcatagóirí do Ghradam 2017: Galway Bay FM, Fáilte Éireann, Snap Galway agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Déanfaidh Údarás na Gaeltachta, ARÓ agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe urraíocht ar an mbuaiteoir iomlán chomh maith.  Míle buíochas leo go léir!

Déanfar poiblíocht nach beag ar na gnólachtaí uilig atá ainmnithe don Ghradam le linn fheachtas an Ghradaim agus aithneofar an buaiteoir iomlán ar an 15ú Treabh de chuid na Gaillimhe – teideal a bhfuil an-ghradam ag baint leis – don bhliain atá romhainn.

Seo a leanas na hAinmniúchán do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017:

Na hainmniúcháin ná/The Nominees are:

Miondíol urraithe ag Galway Bay FM:

Eyre Square Centre, Mary’s Fish, Thomas Woodberrys, Sweeney Oil

Turasóireacht & Fáilteachas urraithe ag Fáilte Ireland:

Bar SULT, Clayton Hotel Galway, Maxwells Restaurant, The Connacht Hotel.

Seirbhísí urraithe ag Snap Galway:

Cancer Care West, Cross Street Dental, Lorg Media, The Beauty Mint

Comhlachtaí Eile urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Carey Developments, Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Rásaí na Gaillimhe, Micil Poitín, PorterShed, Siopa Leabhar Uí Chionnaith.