Tráthnóna Eolais faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
Beidh Tráthnóna Eolais á eagrú ag Gaillimh le Gaeilge Dé Máirt, 24 Eanáir 2012 ag 6.30i.n. go 7.30 i.n. in Óstán an Menlo Park, buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana seo. Is ócáid dhátheangach í seo agus is deis iontach atá ann chun casadh le hiarbhuaiteoirí an Ghradaim agus fáil amach conas ar éirigh leo an Gradam a bhaint amach. Beidh gach eolas agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an oíche agus beidh sólaistí ar fáil chomh maith.
Beidh míle fáilte roimh chách.
Tá an Gradam oscailte d’ainmniúcháin anois go dtí Déardaoin 9 Feabhra 2012. Is féidir cur isteach ar ar líne anseo: http://www.gleg.ie/tograi/gradam-sheosaimh-ui-ogartaigh/an-leagan-amach/
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge ar 091 568876 nó eolas@gleg.ie



