Is féidir 1,000 leabhrán a ordú le brandáil chomhlachta nó eagraíochta ar chostas €250.*
Tá Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le iSupply ag tabhairt deise iontach don lucht gnó ardán a thabhairt dá gcomhlacht trí fhógra a chur sa leabhrán ‘Pioc Suas Mé!’ a bheidh deartha go speisialta dá ngnólacht féin.
Céard iad?
Is éard atá i gceist le ‘Pioc Suas Mé!’ ná leabhráin bheaga le beannachtaí agus frásaí simplí as Gaeilge do bhialanna agus d’óstáin atá curtha le chéile ag Gaillimh le Gaeilge. Tá na frásaí seo aistrithe go Béarla sa leabhrán agus litriú foghraíochta curtha leo chun cuidiú le cuairteoirí agus le muintir na Gaillimhe araon triail a bhaint as an nGaeilge! Gliogáil anseo chun sampla a fheiceáil de.
Conas Ordú a dhéanamh
Má tá tuilleadh eolais uait faoin leabhrán ‘Pioc Suas Mé!’ nó más mian leat iad a ordú, déan teagmháil le Gearóidín ar 091 568876 nó seol ríomhphost chuig gearoidin@gleg.ie.
* Tá costas de €55 i gceist le haghaidh dearradh bhrandáil chomhlachta.
PIOC SUAS MÉ!
Tá neart comhlachtaí Gaillimheacha tar éis an deis seo a thapú chéana féin agus na leabhráin ‘Pioc Suas Mé!’ a scaipeadh ar a gcustaiméirí. Tá ag éirí thar cinn leis an leabhrán agus tá óstáin bialanna, tithe tábhairne agus daoine aonair sa tóir chuile lá ar a thuilleadh cóipeanna. Is breá le daoine iad! Tá ‘Pioc Suas Mé!’ úsáideach, praiticiúil agus cuireann siad “An Ghaeilge” trasna ar bhealach spraoiúil. Is deis iontach í seo do ghnólachtaí lena gcuid custaiméirí a choinneáil leo agus ag an am céanna ag caomhnú íomhá chultúrtha dhátheangach na Cathrach trí úsáid a bhaint as an nGaeilge!
Seo a leanas roinnt samplaí de na frásaí atá ar fáil ar ‘Pioc Suas Mé!’.
Reply – Dia is Muire duit | Dee ya iss mw-irra gwitch (literal translation: God & Mary to you)
How are you? – Cén chaoi a bhfuil tú? | Kayn kwh-ee a will thoo?
I’m doing well -Tá mé go maith | Thaw may guh mah
Would you like..? -Ar mhaith leat..? | Er wah lath..?
I would like -Ba mhaith liom | Ba wa lum
Any news? -Aon scéal? | Ain shcale?
What is your name?-Cad is ainm duit? – Cod iss anim ditch?
My name is Áine -Áine is ainm dom |Áine iss anam dum
Bye for now – Slán go fóill | Slawn guh foal
Cheers! – Sláinte! | Slawn cha!




