Is comhartha ar ardchaighdeán agus sármhaitheasa sa dátheangachas atá anseo do bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – a bheidh le feiceáil ar a gcuid stáiseanóireachta, bróisiúr agus ar a láithreáin ghréasáin i ndiaidh dóibh buachan.
Rinneadh Forbairt ar an Séala i gcomhar le Bord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe. Ba thús í an ócáid seo le ceiliúradh ar 21 bhliain d’aois i ngnó do Ghaillimh le Gaeilge!



