Iarbhuaiteoirí

Óstán an Menlo Park

Tír Oileáin

 D’fhógair Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D.,  Óstán an Menlo Park, mar bhuaiteoirí iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2011.Tá Óstán an Menlo Park lonnaithe i nGaeltacht Chathair na Gaillimhe i dTír Oileán agus tá an Ghaeilge ‘fite fuite’ acu i ngach gné den Óstán. Ghlac Óstán an Menlo Park páirt sa Ghradam anuraidh agus bhí na moltóirí an-tógtha leis an dul chun cinn a bhí déanta acu le bliain anuas.  Tá an Ghaeilge le feiceáil ar chomharthaíocht lastigh agus lasmuigh den Óstán, ar bhiachláir, ar stáiseanóireacht agus tá seirbhís i nGaeilge ar fáil chomh maith. Tá beannacht dhátheangach ag fanacht duit i ngach ceann de na 70 seomraí leapan ag cinntiú go bhfaigheann iad siud a thugann cuairt ar Ghaillimh blas den Ghaeilge. Eagraíonn an Óstán ciorcal comhrá go  seachtainiúil agus tá  pleananna acu ‘Ambasadóir na Gaeilge’ a chur i  bhfeidhm  san Óstán leis an Ghaeilge a chur chun cinn níos mó sa todhchaí.  Dá thoradh seo, beidh tionchar iontach aige ar an bhfoireann féin, ar an bpobal, ar íomhá agus ar cháil na Gaillimhe mar chathair dhátheangach. 

 2009 – Bácús Uí Ghríofa

Sráid na Siopaí

Jimmy agus Bogna Griffin.

Is gnó teaghlaigh den ceathrú glúin agus atá 134 bliain ar an bhfód é Bácús Uí Ghríofa, a bhunaigh Bácús Uí Ghríofa sa bhliain 1876 ar an tSráid Trasna. Bhí ceangal láidir riamh ag Bácús Uí Ghríofa leis na traidisiúin Ghaelacha agus le hoidhreacht an bháicéireachta.  Fuair Bácús Uí Ghríofa tacaíocht riamh anall óna gcuid custaiméirí dílse as na ceantair Ghaeltachta, as Oileáin Árann agus as Conamara mar aon le muintir na cathrach féin.  Toisc chomh tairbheach agus atá ár dteanga agus ár n-oidhreacht do Ghaillimh, tá an t-ádh ar Bácús Uí Ghríofa a bheith páirteach i stair bheo na cathrach. Tá an traidisiún beo fós agus tá sé beartaithe ag Bácús Uí Ghríofa a n-oidhreacht dhátheangach a chur chun cinn agus a cheiliúradh sna seachtainí seo romhainn le comharthaíocht dhátheangach taobh amuigh ar an siopa atá athchóirithe acu agus istigh sa bhácús féin.

 


 2008 – Beár agus Bialann Lohans

Bóthar na Trá, Gaillimh.

Patricia Lohan

D’fhógair an tAire Éamon Ó Cuív TD Beár agus Bialann Lohans mar bhuaiteoirí  iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag searmanas speisialta in Óstán an Ardoileáin ar an Déardaoin 26 Feabhra 2009.
Tá Lohans Beár agus Bialann atá lonnaithe i gcroílár Bhóthar na Trá i ngeatabhealach na Gaeltachta an-bhródúil as ár n-iarracht chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh sa ghnó. Ó d’osccail sé trí bliana ó sin, bíonn siad i gcónaí ag déanamh infheicteacht agus úsáid na Gaeilge ar fud an ghnó a mhéadú agus is léir go bhfuil siad in ann agus lán-sásta cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge idir an doras amuigh le comharthaí dátheangacha, mar aon leis an manach dátheangach Bia Úr Den Scoth!  Tá a láithreán gréasáin dátheangach nua-fhorbartha www.lohans.ie, biachláir, stáiseanóireacht agus fógraí dátheangacha in úsáid acu.  

 


2007 – Corrib Removals & Storage

Páirc na Sceach, Gaillimh.
Bainisteoir Siobhán Feeney

Bronnadh an duais shuntasach Gradam Sheoasamh Uí Ógartaigh ar Corrib Removals & Storage ag Searmanas Speisialta in Óstán an Ard Oileáin, Déardaoin, 28 Feabhra 2008.  Tá Corrib Removals & Storage ar cheann de na príomhchomhlachtaí d’aistriú agus do stóráil in Iarthar na hÉireann. Bunaithe i 1980, tá fás tábhachtach tagtha air i rith na mblianta. D’fhás sé ó chomhlacht d’aistriú go háitiúil agus go náisiúnta go comhlacht idirnáisiúnta, ag athlonnú daoine agus gnólachtaí go dtí cinn scríbe éagsúla ar fud na cruinne. Tá an Ghaeilge mar chuid lárnach den chomhlacht seo le seirbhís iomlán i nGaeilge ar fáil ann. Tá an Ghaeilge le feiceáil go treán i mbrandáil an ghnó seo ó ábhár margaíochta, stáisneóireacht, comharthaíocht ar truiceanna go t-léinte a chaitheann an fhoireann. Bhí na moltóirí an-tógtha leis an ‘tag-líne’ a bhí in úsáid acu – Ag bogadh do ghnó gan stró.


2006 – Aran Direct.com/Caol Díreach go hÁrainn

29 Sráid Fhoster, Gaillimh

Bainisteoir Maragaíochta: Karen Smyth

Bronnadh an duais shuntasach Gradam Sheoasamh Uí Ógartaigh ar Arandirect.com/Caol Díreach go hÁrainn ag Searmanas Speisialta in Óstán an Ard Oileáin, Déardaoin, 22 Feabhra 2007. Cuireann Arandirect.com/Caol Díreach go hÁrainn seirbhís fharantóireachta ar fáil chuig oileáin Árann agus tá oifigí acu i gCathair na Gaillimhe agus i Ros a’Mhíl.  Tá polasaí láidir Gaeilge i bhfeidhm ag an gcomhlacht ina gcúrsaí gnó ar fad agus an Ghaeilge á cur chun cinn acu go gníomhach mar chuid dá ngníomhaíochtaí díolacháin agus margaíochta.  Tá tiomantas an chomhlachta maidir leis an dátheangachas léirithe lena mbranda aitheantais dhátheangach, a stáiseanóireacht dhátheangach agus úsáid na Gaeilge ina gcuid fógraíochta, ticéid, rphoist, fón, fógraí poiblí agus ar a suíomh idirlín (www.arandirect.com) agus dar ndóigh tá seirbhís iomlán trí Ghaeilge ar fáil acu. 


2005 – Pobal Simon na Gaillimhe

Pobal Simon na Gaillimhe, An Corrán, Gaillimh.
Cathaoirleach: Deirdre Fahy

Bhronn an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2005 ar Phobal Simon na Gaillimhe, carthannacht Ghaillimheach ag ócáid speisialta in Óstán Ard Oileáin ar an 23 Feabhra 2006.  Thréaslaigh an tAire Éamon Ó Cuív leo chomh maith faoin mbealach a d’éirigh leo ardchaighdeán dhátheangachas a chothú san eagraíocht agus gurb dea-shampla iontach  iad d’aon ghnó nó comhlacht conas íomhá dhátheangach a  bhaint amach.  Ghlac Deirdre Fahy, Cathaoirleach Phobal Simon na Gaillimhe leis an nGradam agus dúirt go raibh áthas an domhain orthu a leithéid d’aitheantas a fháil tríd an nGradam.  Agus í ag glacadh leis an nGradam labhair sí ar dhílseacht agus tiomantas Phobal Simon na Gaillimhe seirbhísí dhátheangacha a bheith ar fáil dá gcuid custaiméirí  agus  go raibh croí Phobal Simon na Gaillimhe go mór leis an nGaeilge. 

 


 

2004 – Café Bananaphoblacht

Café Bananaphoblacht, Sráid Dhoiminic, Gaillimh.
Úinéir: Alex Hijmans

Bronnadh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2004 ar ‘Café Bananaphoblacht’, caifé clúiteach i gcathair na Gaillimhe, ag ócáid speisialta in Óstán an Ard Oileáin ar an 21 Feabhra 2004.  Thréaslaigh an Dr. Peadar Ó Flatharta, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, le Café Bananaphoblacht faoin mbealach ar cuireadh an Ghaeilge san áireamh mar ghné lárnach dá ngnó, agus a gcaifé, seacláid the agus an Ghaeilge fite fuaite acu.

Is é seo a bhí le rá ag Pádraic Ó Ráighne, Feidhmeannach Margaíochta TG4 thar cheann na moltóirí: ‘Ba léir ó d’oscail muid doras Café Bananaphoblacht go raibh saol na Gaeilge timpeall orainn i ngach áit.  Ó chomharthaí go biachláir fiú an leabharlann bheag atá ar fáil ins an siopa caifé seo, tá ár dteanga mar chuid lárnach den tseirbhis a chuirtear ar fail do chustiméirí Café Bananaphoblacht.  Tá an-iarracht déanta ag Alex agus a fhoireann i gcur chun cinn na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe agus is léir go bhfuil deiseanna nua dhá thapú aige fhéin agus ag a fhoireann i gcónaí.”
Tá cáil bainte amach ag Café Bananaphoblacht, Sráid Doiminic, as a n-anraith agus a seacláid the.  Tá clú bainte amach acu freisin, áfach, de bharr a bhfoireann a labhraíonn Gaeilge den chuid is mó agus a mbiachláir dhátheangacha, tá  Café Bananaphoblacht lonnaithe go dlúth i ‘saol na Gaeilge’.


2003 – D’Arcy Marketing

Urlár 2, 13 Sráid Fhorster, Gaillimh.
Úinéir: Nóirín D’Arcy

Bronnadh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar D’Arcy Marketing ag Searmanas speisialta ar an 26 Feabhra 2004 in Óstán an Ard Oileáin. Thréaslaigh an Dr. Peadar Ó Flatharta, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, le D’Arcy Marketing as an gcaoi ina raibh an Ghaeilge mar uirlis lárnach don ghnó, agus díograiseacht an úineára ina leith sin.
Is comhlacht beag iad D’Arcy Marketing a bunaíodh i 1988 (lonnaithe ar Sráid Fhorster) chun seirbhísí margaíochta, díolacháin agus caidreamh poiblí a chur ar fáil d’eagrais agus comhlachtaí sna réimsí Seirbhíse, Turasóireachta, Sláinte agus Caitheamh Aimsire. Tá éirithe thar barr leis an gcomhlacht, le cliaint ar fud na tíre, ar nós Aer Árann, Roinn na Mara & Acmhainní Nádúrtha, agus Óstán Sweeney. Tá an Ghaeilge mar eilimint den ghnó i ngach aon réimse – feictear í sa chomharthaíocht, sa tseirbhís, sa stáiseanóireacht, agus sa mhargaíocht.  Ach níos tábhachtaí fós, tuigeann D’Arcy Marketing an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar uirlis mhargaíochta d’aon ghnó, agus mar chomhairleoirí Margaíochta do réimse leathan de ghnólachtaí, tugann siad spreagadh agus misneach do ghnólachtaí eile an Ghaeilge a úsáid agus a shní isteach ina ngnó.

 


2002 – Óstán an Warwick

Óstán an Warwick, Bóthar na Trá Gaillimh.
Úinéirí: Diarmuid & Sandra Ó Conchubhair

Ag ócáid speisialta in Óstán an Ard Oileáin, bronnadh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar Óstán an Warwick, Bóthar na Trá, Gaillimh.
Mar a dúirt an Dr. Diarmuid Ó Cearbhaill, ar son na moltóirí, is de bharr a n-iombhualadh, a ndíograis agus a bpleananna don todhchaí, a roghnaíodh gnó feiceálach atá mar gheata suntasach idir an chathair agus Bóthar na Trá. Tá an Ghaeilge le feiceáil láithreach ar chuairt a thabhairt ar an Óstán seo – ón gcomharthaíocht ar an mbialann – The Butler Brasserie – go dtí na biachláir iomlána dhátheangacha. Thréaslaigh na moltóirí le hÓstán an Warwick agus a mbainisteoirí – Diarmuid Ó Conchubhair agus a bhean chéile Sandra – as ucht an tsár-obair a bhí déanta acu i leith na Gaeilge a bheith feiceálach ina ngnó; go háirithe i gcomharthaíocht agus biachláir na bialainne.