Sa phacáiste urraíochta a bheidh an Galway Advertiser a bhronnadh ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh beidh Luach Fógraíochta de €15,000.
Is é an Galway Advertiser príomh urra Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, an páipéar áitiúil is mó a dáiltear sa tír. Tá sé deimhnithe go neamhspleách go bhfuil ceannródaíocht aige sa mhargadh ó thaobh fógraíochta de i limistéar na Gaillimhe agus na gceantar máguaird.
Buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
Roghnófar buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh as buaiteoirí na gceithre chatagóir.
Gheobhaidh an buaiteoir;
- Pacáiste Fógraíochta de luach €5,000 ón Galway Advertiser
- Feachtas Poiblíochta Náisiúnta atá deartha go speisialta dóibh mar aon le Ceardlann Comhairliúchán agus Caidreamh Poiblí agus Margaíochta luach €4,000 ó D’Arcy Marketing & PR
- Ballraíocht bliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le Gaillimh le Gaeilge
- Píosa dealbhóireachta uathúil deartha go speisialta ag Pádraic Reaney le coinneáil ar feadh bliana

Buaiteoirí na gcatagóirí
Roghnófar buaiteoirí na gcatagóirí as úsáid rialta, éifeachtach agus rathúil an dátheangachais ina gcuid gnólachtaí. Ní mór don chomhlacht dílseacht láidir a léiriú don Ghaeilge mar aon le bealaí nua nuálacha agus tuairimí a thaispeáint in úsáid na Gaeilge sa todhchaí.
Gheobaidh buaiteoirí na gceithre chatagóir;
- Pacáiste gnó luach €2,000 urraithe ag na gnólachtaí thíosluaite
- Macsamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney.
- Poiblíocht fhorleathan agus ardmholadh sna meán chumarsáide Gaeilge agus Béarla
Is iad na catagóirí:
1. Miondíol 
2. Fáilteachas & Turasóireacht
3. Seirbhísí
4. Comhlachtaí Eile 
Gheobhaidh buaiteoirí na gceithre chatagóir macsamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh urraithe ag





