Téarmaí agus Coinníollacha

Iarrfar ar na hainmniúcháin tuilleadh eolais a chur ar fáil do na moltóirí i bhfoirm ‘pacáiste gnó’ ag léiriú na hoibre dátheangaí go léir atá déanta acu mar aon leis na pleananna nuálacha atá acu d’úsáid na Gaeilge sa todhchaí roimh Dé Luain, 5 Márta 2012. 

Tá ceithre chatagóir i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Roghnófar gearrliosta ón gceithre chatagóir agus fógrófar iad ag preasócáid in Ionad na Faiche Móire, Dé Máirt, 13 Márta 2012  ag 11.00r.n., mar chuid den cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge.

Roghnófar buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh as buaiteoirí na gceithre chatagóir.

Fógrófar buaiteoir gach catagóir agus buaiteoir iomlán an Ghradaim ag searmanas speisialta ar an  Déardaoin, 19 Aibreán 2012 ag 6.30i.n. in Óstán an Glenlo Abbey, Páirc na Sceach, Gaillimh

Téarmaí agus Coinníollacha

Ní gá duit a bheith líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa Ghradam clúiteach seo.

  • Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh oscailte do chomhlachtaí/d’eagraíochtaí atá cláraithe agus atá i mbun gnó i gCathair na Gaillimhe
  • Nach bhfuil ag plé go príomha le cur chun cinn na Gaeilge nó ag feidhmiú faoi choinníollacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
  • Roghnóidh moltóirí buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus níl dul thar bhreith an mholtóra